Alternative low-bandwidth version Skip to main content

Críoch te & socair leis an samhradh - an 24 Lúnasa 2021

I rith na seachtaine iomláine deiridh den samhradh meitéareolaíoch beidh tréimhse the agus thirim agus ghrianmhar aimsire le tabhairt faoi deara ar fud na hÉireann.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Aoife Kealy, meitéareolaí le Met Éireann le linn di na cúiseanna atá leis an tréimhse the agus shocair a mhíniú: “Tá an scairdsruth anois ag tuaisceart na hEorpa rud a chiallaíonn gur féidir le réimse mór lagbhrú socrú isteach os cionn na hÉireann agus rud a chiallóidh go mbeidh na frontaí aimsire agus an lagbhrú á gcoinneáil i bhfad uainn.

“Ciallaíonn sé seo go mbeidh an aimsir the, thirim agus shocair an tseachtain seo chugainn agus go mbeidh na teochtaí sna 20idí ísle Celsius, agus b’fhéidir go mbeidh an teocht idir 25 agus 26 Celsius ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin.”

 

Cairt anailíse ar a dtaispeántar brú agus aermhais ó 00 UTC Dé Máirt, an 24 Lúnasa

Beidh tréimhsí fada de ghrian dheireadh an tsamhraidh le brath an tseachtain seo, go háirithe i gceantair intíre agus in iarthar na tíre.  Beidh sé níos scamallaí feadh chóstaí thoir na tíre uaireanta, áfach, go háirithe ar maidin agus sa tráthnóna de réir mar a bheidh scamall, ceobhrán agus ceo íseal ag teacht isteach ó Mhuir Éireann mar thoradh ar leoithne ghaoithe ón oirthear.

Tá an ghrian fós láidir i mí Lúnasa agus go ginearálta beidh na leibhéil UV measartha nó ard an tseachtain seo, rud a chiallaíonn gur cheart duit céimeanna #SunSmart Éire na Sláinte a leanúint:

 

Céimeanna SunSmart Éire na Sláinte

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Aoife maidir le cén fhad a mhairfidh an tréimhse the agus shocair: “Beidh an réimse ardbhrú seo le brath go dtí an deireadh seachtaine agus fiú amháin tús na seachtaine seo chugainn, agus tá an chuma ar an scéal go mairfidh an tréimhse shocair seo go dtí laethanta tosaigh an fhómhair mheitéareolaíoch, ainneoin go bhfuil fianaise ann a thugann le fios go mbeidh teochtaí níos gaire don mheán an tseachtain seo chugainn, sna déaga arda nó sna fichidí ísle.”

An Samhradh Beag é seo?

Úsáidtear an téarma Samhradh Beag uaireanta chun tagairt a dhéanamh do thréimhse d’aimsir the agus shéimh i rith mhíonna an fhómhair, idir Meán Fómhair agus Samhain de ghnáth.  De bhrí go bhfuilimid fós i lár an tsamhraidh mheitéareolaíoch, níl sa tréimhse aimsire seo ach aimsir an tsamhraidh, agus cuirtear tús leis an bhfómhar meitéareolaíoch ar an 1 Meán Fómhair.


Beag beann ar an gcineál aimsire a bheidh ann, lean an chomhairle sláinte poiblí agus cabhraigh le gach duine a choinneáil sábháilte ó COVID-19.

Má theastaíonn an réamhaisnéis 7-lá, gach uair an chloig is beaichte agus is cothroime le dáta uait le haghaidh do cheantair áitiúil ar Oileán na hÉireann tabhair cuairt ar met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn le fáil ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus tuilleadh seirbhísí nach iad le fáil ar ár n-aip saor in aisce – atá ar fáil ar an App store le haghaidh an iPhone, agus ar an Play store le haghaidh Android. Leann muid ar  Twitter agus Facebook má theastaíonn eolas breise uait maidir le cúrsaí aimsire agus aeráide.

You are here: