Alternative low-bandwidth version Skip to main content

Aimsir athraitheach Dheireadh Seachtaine na Cásca

Sna laethanta roimh dheireadh seachtaine na Cásca beidh an aimsir tirim agus socair den chuid is mó agus beidh tréimhsí gréine in go leor áiteanna.  Tiocfaidh athrú suntasach ar chúrsaí ar Dhomhnach Cásca, áfach, tráth a ndéanfaidh aer i bhfad níos fuaire a bhealach trasna na tíre, rud a bheidh mar bhonn le ceathanna geimhriúla d’fhlichshneachta, clocha sneachta agus sneachta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Matthew Martin, meitéareolaí le Met Éireann: “Beidh tionchar ardbhrú le brath ar fud na hÉireann roimh shaoire na Cásca, rud a bheidh mar bhonn tréimhse d’aimsir shocair sa chéad leath de Dhomhnach na Cásca.

“Beidh sé tirim den chuid is mó agus beidh tréimhsí gréine i mbeagnach gach áit, cé go mbeidh éagsúlacht teochta le tabhairt faoi deara – inniu agus ar Aoine an Chéasta agus d’fhéadfadh go mbeidh na teochtaí idir 15 agus 18 Celsius ar fud dheisceart agus iarthar na tíre nuair a bhíonn an ghrian ag scalladh, ach beidh sé níos fuaire ó thuaidh agus san oirthear mar gheall ar leoithní gaoithe anoir a choimeádfaidh na teochtaí idir thart ar 10 agus 12 Celsius.  Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh go mbeadh scamaill ísle cois cósta i rith an chéad chuid den lá.  Lá tirim eile a bheidh ann ar an Satharn le tréimhsí maithe gréine agus teochtaí idir 10 agus 13 Celsius, agus beidh sé níos fuaire feadh chóstaí an tuaiscirt agus an oirthir.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Matthew faoin réamhaisnéis le haghaidh Dhomhnach na Cásca agus an t-athrú chuig dálaí níos fuaire: “Beidh sé tirim maidin Dhomhnach na Cásca i bhformhór na tíre agus cé go mbeidh an lá tirim agus geal sa deisceart, beidh fronta fuar mar bhonn le scamall agus báisteach sa leath ó thuaidh den tír i gcaitheamh an tráthnóna – is é an fronta fuar seo is cúis le haer an-fhuar a bheith ag teacht ón Artach oíche Dhomhnach na Cásca agus go leor den tseachtain seo chugainn.”

 

Cairt réamhaisnéise don Luan, an 5 Aibreán, ar a dtaispeántar aershreabh thuaisceartach níos fuaire trasna na hÉireann (dathanna gorma) a bheidh mar bhonn le ceathanna geimhriúla d’fhlichshneachta, clocha sneachta agus sneachta ar fud an oileáin.

Beidh an aermhais fhuar mar bhonn leis an seans go mbeidh ceathanna geimhriúla de chlocha sneachta, flichshneachta agus sneachta Luan Cásca agus Máirt Chásca, agus beidh na teochtaí idir 3 agus 7 Celsius.  I rith na hoíche, titfidh na teochtaí go dtí gar don reophointe agus beidh sioc in áiteanna, a d’fhéadfadh fadhbanna a chruthú do gharraíodóirí rud a chiallaíonn gur cheart plandaí leochaileacha a chlúdach agus a chosaint ó dhamáiste seaca.

Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an aimsir fhuar deacrachtaí a chruthú d’fheirmeoirí agus dá bharr sin táimid ag moladh d’fheirmeoirí súil a choinneáil ar ár réamhaisnéis feirmeoireachta roimh dhálaí fuara an deireadh seachtaine amach romhainn.


Beag beann ar an gcineál aimsire a bheidh ann, lean an chomhairle sláinte poiblí agus cabhraigh le gach duine a choinneáil sábháilte ó COVID-19.

Má theastaíonn an réamhaisnéis 7-lá, gach uair an chloig is beaichte agus is cothroime le dáta uait le haghaidh do cheantair áitiúil ar Oileán na hÉireann tabhair cuairt ar met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn le fáil ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus tuilleadh seirbhísí nach iad le fáil ar ár n-aip saor in aisce – atá ar fáil ar an App store le haghaidh an iPhone, agus ar an Play store le haghaidh Android. Leann muid ar  Twitter agus Facebook má theastaíonn eolas breise uait maidir le cúrsaí aimsire agus aeráide.

You are here: