Cuirtear tús le 2026 agus coinníollacha fuara geimhridh i réim
Tá Met Éireann ag tuar tús fuar geimhriúil don bhliain nua de réir mar a bhunaítear sruth aeir ó thuaidh thar Éirinn, ag tarraingt aer polach anuas trasna na tíre. Meastar go dtitfidh teochtaí faoi bhun an mheáin, agus beidh na príomhthionchair le feiceáil i n-oícheanta seaca agus oighreacha. Beidh roinnt ceathanna sneachta agus flichshneachta ó am go ham, go háirithe in Uladh agus i dtuaisceart Chonnacht, agus beidh coinníollacha úra geala i gceantair eile, áit a mbeidh tréimhsí gréine geimhridh.
Moltar don phobal ullmhú don aimsir fhuar agus do ghuaiseacha féideartha, go háirithe san oíche agus go luath ar maidin. Moltar don phobal pleanáil roimh ré, níos mó ama a cheadú do thurais agus a bheith cúramach ar bhóithre oighreacha. Leanfaidh Met Éireann de choinníollacha a mhonatóiriú agus nuashonruithe a sholáthar de réir mar a fhorbraíonn an tréimhse fhuar.
Deir an meitéareolaí Matthew Martin:
“Tá sé ag éirí níos dóichí anois go mbogfaidh mais aeir an-fhuar Artach trasna na hÉireann sna laethanta amach romhainn. Tá sé seo á spreagadh ag córas ardbhrú bacainne san Atlantach, a cheadóidh don sruth aeir casadh ó thuaidh agus aer an-fhuar a tharraingt anuas ón Artach.”
“Táimid ag súil le hoícheanta an-fhuara agus seaca, go háirithe thar an deireadh seachtaine, agus tá an baol ann go mbeidh roinnt ceathanna geimhridh. Faoi láthair, is i gcontaetha an tuaiscirt is mó a bheidh na ceathanna seo, agus beidh cuid mhaith gréine úire geimhridh i ndeisceart na tíre. Leanfaidh muid orainn agus an scéal a mheas agus eiseofar aon rabhaidh de réir mar is gá, mar sin moltar don phobal súil ghéar a choinneáil ar an réamhaisnéis.”

(Fíor1: Táthar ag tuar go mbeidh sreabhadh aeir an-fhuar ón tuaisceart os cionn na hÉireann an deireadh seachtaine seo, agus beidh sioc, oighear agus roinnt ceathanna geimhridh mar thoradh ar seo)
CONAS FANACHT SLÁN AGUS AIMSIR GHEIMHRIÚIL I MBARR RÉIME – BÍ RÉIDH DON GHEIMHREADH
- Coinnigh suas chun dáta leis an réamhaisnéis agus leis na foláirimh ar met.ie, ar aip Met Éireann nó ar chainéil shóisialta Met Éireann (@meteireann).
- Beidh coinníollacha taistil deacra mar gheall ar cheathanna geimhridh agus dromchlaí oighreacha.
- Beidh dálaí tiomána contúirteach, fiú sna háiteanna ina bhfuil grean curtha ar na bóithre agus mar sin, moilligh an luas, tiomáin go cúramach, agus bí ar an airdeall maidir le húsáideoirí bóithre eile chomh maith le tuilleadh ama a chuir san áireamh do do thuras.
- D’fhéadfadh iompar poiblí a bheith buailte mar gheall ar an tréimhse aimsire geimhriúla seo; seiceáil le hoibreoirí seirbhíse le haghaidh nuashonruithe.
- Bí an-chúramach agus tú ag siúl: d’fhéadfadh cosáin a bheith an-sleamhain/an chontúirteach de bharr oighir.
- Buail isteach chuig comharsana atá aosta, leochaileach agus scoite amach.
- Coinnigh do ghuthán luchtaithe agus tabhair leat é ar do thurais uile. I gcás éigeandála cuir glaoch ar 999 nó 112.
- Soláthraíonn suíomh Gréasáin Bí Réidh don Gheimhreadh tuilleadh comhairle maidir le hullmhú do dhrochaimsir.
- Moltar do dhaoine ullmhú don tréimhse drochaimsire seo agus a chinntiú go bhfuil a ngutháin phóca luchtaithe ar mhaithe le cumarsáid.
- Coinnigh súil ar réamhaisnéisí Met Éireann agus / nó tabhair cuairt ar https://www.met.ie/ le haghaidh na faisnéise is déanaí.
- Bíonn eolas ar fáil ar fud ardáin na meán sóisialta agus foinsí meán nuachta eile.
- Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála BSL ag 1800 372 999. Is féidir leis an bpobal súil a choinneáil ar PowerCheck.ie.
- Is féidir le Custaiméirí Uisce Éireann a suíomh gréasáin agus a gcainéil ar na meáin shóisialta a sheiceáil agus teagmháil a dhéanamh leo le ceist nó ábhar imní ar bith trína n-ionad cúraim custaiméirí 24/7 ag 1800 278 278. Is féidir leis an bpobal síniú suas ar líne le córas fógra téacs saor in aisce chun nuashonruithe rialta a fháil maidir lena soláthairtí áitiúla – féach www.water.ie.
- Moltar d’úsáid uisce a chaomhnú. Féach https://www.water.ie le haghaidh comhairle.
- Tá feidhmchlár saor in aisce ag Feidhmeannacht Réigiún Bhaile Átha Cliath do Dhaoine Gan Dídean (DRHE) a chuireann in iúl don phobal cá bhfuil suíomh daoine atá ag codladh amuigh, ionas gur féidir le foirne for-rochtana teagmháil a dhéanamh leo. Má tá tú ag iarraidh tuairisc a dhéanamh faoi dhuine atá ag codladh amuigh i Réigiún Bhaile Átha Cliath, íoslódáil an feidhmchlár. Tá an nasc ar fáil anseo: https://www.homelessdublin.ie/our-work/news/drhe-launches-new-app-for-public-to-alert-teams-to-location-of-rough-sleepers
- Moltar d’fheirmeoirí réamhchúraimí a ghlacadh agus iad ag déileáil le beostoc nó ag obair ina n-aonar.
- Má tá tú ag taisteal achair fhada, seiceáil na coinníollacha aimsire agus bóthair ní hamháin ag do phointe imeachta ach ag do cheann scríbe agus feadh an bhealaigh freisin, mar d’fhéadfadh coinníollacha athrú go suntasach.
TABHAIR FAOI DEARA:
Féadfar na rabhaidh a nuashonrú.
Coinnigh suas chun dáta le cuntais meán sóisialta Met Éireann, www.met.ie agus aip Met Éireann chun fanacht cothrom le dáta leis an réamhaisnéis agus le haon nuashonruithe ar rabhaidh.
Is féidir le ham agus suíomh imeachtaí aimsire foircneacha tionchar suntasach a imirt ar na hiarmhairtí a bheidh acu. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, in aon imeacht aimsire ar leith, nach mbeidh an leibhéal céanna aimsire ag gach láthair laistigh de limistéar rabhaidh.
Nuair atá droch aimsir geallta, tá níos mó seans ann go mbeidh aimsir agus tionchar na haimsire ag na leibhéil ísle le feiceáil freisin. Is féidir leis na dálaí aimsire roimhe seo cur isteach go láidir ar chineál agus leibhéal na dtionchar. Cuireann Met Éireann san áireamh na dálaí agus na tairseacha réamhaisnéise chomh maith le dálaí aimsire roimhe seo a d’fhéadfadh cur leis an leibhéal tionchair a bhfuiltear ag súil leis i gceantair áirithe agus rabhadh á eisiúint.

Eolas Fúinn