Seolann Met Éireann agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath clár taighde nua atá dírithe ar IS a thacaíonn le forbairt seirbhísí aimsire agus aeráide
Fógra maidir le hOllúnacht Taighde Aimsire agus Aeráide Met Éireann
Déardaoin, an 14 Nollaig 2023: Fógraíonn Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann, clár taighde acadúil nua ar fiú na milliúin euro é sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) chun tacú le forbairt bhreise seirbhísí aimsire agus aeráide d’Éirinn trí úsáid a bhaint as eolaíocht sonraí agus Intleacht Shaorga (IS).
Cuimseoidh Ollúnacht Taighde Aimsire agus Aeráide Met Éireann infheistíocht bhliantúil €1 mhilliún ar feadh tréimhse thosaigh cúig bliana. Faoi mhaoirseacht fhoireann saineolaithe aistrithe eolais ag Met Éireann atá ag obair go dlúth le grúpa taighde faoi stiúir ollúna i Scoil na Matamaitice agus an Staidrimh UCD agus in Institiúid an Domhain UCD, tógfaidh an chomhpháirtíocht tuilleadh acmhainneachta agus cumais san eolaíocht sonraí agus in IS in earnáil an ardoideachais.
Mar fhreagairt dhíreach ar thionchair an athraithe aeráide, díreoidh cuspóirí uileghabhálacha an chomhoibrithe ar shábháilteacht an tsaoránaigh a fheabhsú, athléimneacht eacnamaíoch agus chomhshaoil a threisiú, agus tacú le hearnálacha atá íogair ó thaobh na haimsire de, trí leas a bhaint as na nuálaíochtaí is déanaí in úsáid na heolaíochta sonraí agus IS i seirbhísí aimsire agus aeráide.
Féachfaidh an clár leis an mbearna idir taighde agus oibríochtaí a dhúnadh, trí staidéir cheannródaíocha atá dírithe ar an úsáideoir a dhéanamh, i gcomhthéacs na haimsire ardtionchair, réamhaisnéis tuilte agus tuiscint ar ár n-aeráid, agus an t-eolas a fuarthas a úsáid chun oiliúint a chur ar an gcéad ghlúin eile eolaithe agus innealtóirí.
Cuirfidh taighde agus forbairt samhlacha agus teicnící IS ar chumas Met Éireann tógáil ar na cumais réamhaisnéise úrscothacha atá ann cheana féin, agus leibhéil scileanna a fhorbairt ag an am céanna chun cumais agus acmhainn náisiúnta san aimsir, san aeráid agus sa hidreolaíocht a fheabhsú tuilleadh, agus chun cabhrú le hÉirinn a dhéanamh níos ullmhaithe don aimsir agus don aeráid don todhchaí.
Tagann bunú Ollúnacht Taighde Met Éireann sna sála ar phróiseas idirnáisiúnta piarmheasúnaithe, trínar roghnaíodh iarratas UCD bunaithe ar a léiriú ar fheabhas agus ar thionchar, agus ar a thiomantas do chomhoibriú agus d’aistriú eolais ar mhaithe leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar.
Dúirt Eoin Moran, Stiúrthóir Met Éireann:
“Is comhpháirtíocht nuálach agus den chéad scoth í an Ollúnacht seo do Met Éireann. Agus é sin á dhéanamh, táimid ag cur Met Éireann ar thús cadhnaíochta maidir le forbairtí teicneolaíochta a mhúnlóidh seirbhísí náisiúnta meitéareolaíochta agus hidreolaíochta sna blianta amach romhainn.
Ní hamháin gur infheistíocht shuntasach í i bhforbairt cumais agus acmhainneachta réamhaisnéise náisiúnta ach cabhróidh sí le hÉirinn a bheith níos ullmhaithe fós don aimsir agus don aeráid, trí leibhéal na faisnéise atá ar fáil don phobal a fheabhsú.
“Táimid thar a bheith sásta go mbeimis ag obair go dlúth le UCD, agus leis na deiseanna féideartha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air seo maidir le húsáid fhreagrach IS chun leas gach duine.”
Dúirt an tOllamh Helen Roche, Leas-Uachtarán Eatramhach UCD um Thaighde, Tionchar agus Nuálaíocht:
“Tugann teacht chun cinn na hIntleachta Saorga agus na Foghlama Meaisín deis chun ár gcumas réamhaisnéise a fheabhsú. Tá saineolaithe ceannródaíocha UCD sa réimse dinimiciúil seo ag ceapadh agus ag forbairt réitigh chruthaitheacha a mbíonn tionchar acu ar an tsochaí ar fad agus ar ár saol laethúil.
“Cabhróidh taighdeoirí UCD le samhlacha feabhsaithe IS a fhorbairt chun go mbeidh Met Éireann in ann cur lena chumais réamhaisnéise agus Éire a dhéanamh níos ullmhaithe fós don aimsir agus don aeráid.
“Cabhróidh an chomhpháirtíocht cheannródaíoch seo idir UCD agus Met Éireann leis an gcéad ghlúin eile d’eolaithe aeráide agus aimsire a fhorbairt agus cabhróidh sí lena chinntiú go mbeidh na huirlisí agus an saineolas againn atá riachtanach chun dul i ngleic leis an éigeandáil aeráide.
“Tá caidreamh fadtéarmach ag UCD agus Met Éireann maidir le hoibriú le chéile chun réamhaisnéis na haimsire a fheabhsú. Trí leas a bhaint as cumhacht IS chun tacú le cosaint beatha, maoine agus bonneagair, tugann an chomhpháirtíocht seo an caidreamh sin go dtí an chéad leibhéal eile.”
