Dhá ghradam bronnta ag Met Éireann ag Stripe YSTE a bhí lán le gníomhaíocht

Bhí áthas ar Met Éireann arís páirt a ghlacadh sa Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta, a d’eagraigh Stripe i mbliana, a tháinig chun críche ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath le linn an deiridh seachtaine.

13 Eanáir, 2026

Met Éireann's Karl Roe and Rebecca Cantwell, former Met Éireann Deputy Director, Professor Peter Lynch, science broadcaster, Mark Langtry, and Met Éireann Deputy Director, Eoin Moran at Stripe Young Scientist and Technology Exhibition 2026

Ó chlé, Karl Roe agus Rebecca Cantwell de chuid Met Éireann, Iar-Stiúrthóir Cúnta Met Éireann, an tOll. Peter Lynch, craoltóir eolaíochta, Mark Langtry, agus Stiúrthóir Met Éireann, Eoin Moran

Mar fhorbairt iontach i mbliana, bhí baint ag Met Éireann le dhá ghradam a bronnadh ar fhaighteoirí fiúntacha ag an searmanas oifigiúil bronnta duaiseanna oíche Dé hAoine seo caite.

Climate Change Advisory Council Chairperson, Marie Donnelly, and Met Éireann Director, Eoin Moran, ahead of presenting the inaugural Climate Leadership and Innovation Award at Stripe Young Scientist and Technology Exhibition

Cathaoirleach ar an Comhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, Marie Donnelly, agus Stiúrthóir Met Éireann, Eoin Moran roimh dóibh an Gradam tionscnaimh um Cheannaireacht Aeráide agus Nuálaíocht a bhronnadh ag Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta Stripe

Bhronn Stiúrthóir Met Éireann, Eoin Moran, agus Cathaoirleach ar Comhairle Chomhairleach Éireann um Athrú Aeráide, Marie Donnelly, an Gradam tionscnaimh um Cheannaireacht Aeráide agus Nuálaíocht ar Naomi Picovici ó Choláiste San Leo, Ceatharlach, as a tionscadal maidir le tabhairt faoi thréithe tairbheacha na gcráinbheach Éireannach le pórú rialaithe chun marthanas a chinntiú in aeráidí atá ag athrú .

Naomi Picovici from St Leo's College, Carlow, winner of the inaugural Climate Change Innovation Award, alongside __ from the Climate Change Advisory Council, and Met Éireann meteorologist, Holly O'Neill at Stripe Young Scientist and Technology Exhibition

Naomi Picovici ó Choláiste San Leo, Ceatharlach arb í buaiteoir an Ghradaim tionscnaimh um Athrú Aeráide agus Nuálaíocht, in éineacht le Claire Camilleri ón gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide agus meitéareolaí de chuid Met Éireann, Holly O’Neill ag Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta Stripe

Lena linn sin, bhronn an Clíomeolaí Sinsearach, an Dr Pádraig Flattery, Gradam Met Éireann bliantúil, ar Nicholas agus Evelyn ó Phobalscoil Iosa, as a staidéar ‘Taking the Stick for a walk: Staidéar feadh bliana ar mhiocraeráid Mhullach Íde agus an tionchar atá aici ar líonra stáisiúin aimsire na hÉireann’.

Nicolas __ from Malahide Community School, winner of the Met Éireann Award at Stripe Young Scientist and Technology Exhibition, alongside Met Éireann meteorologist, Holly O'Neill

Nicolas ó Phobalscoil Iosa, arb é buaitear Ghradam Met Éireann, ag Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta Stripe, in éineacht leis an meitéareolaí de chuid Met Éireann, Holly O’Neill

In áit eile Dé hAoine, ghlac an Meitéareolaí, Rebecca Cantwell páirt i bplé painéil ar ghairmeacha san eolaíocht agus sa teicneolaíocht in Éirinn ar an bpríomhardán.

Met Éireann meteorologist, Rebecca Cantwell takes part in a panel discussion on careers in STEM at Stripe Young Scientist and Technology Exhibition 2026

Tá páirt á glacadh ag an meitéareolaí de chuid Met Éireann, Rebecca Cantwell, i bplé painéil ar ghairmeacha in ETIM ag Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta Stripe, 2026

Bhí Met Éireann feiceálach le linn na dtrí lá chun dul i dteagmháil le mic léinn, múinteoirí agus daoine den phobal. Tá taitneamh á bhaint ag cuairteoirí ar stalla Met Éireann as taispeántas uirlisí aimsire, taispeáint scáileáin tadhaill nua idirghníomhach, Tráth na gCeist de chuid Met Éireann a bhfuil an-tóir air agus an deis caint le saineolaithe faoin aimsir agus faoin aeráid.

Students visit the Met Éireann stand at Stripe Young Scientist and Technology Exhibition

Tá cuairt á tabhairt ag mic léinn ar stalla Met Éireann ag Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta Stripe

Léirítear le páirt a ghlac Met Éireann san imeacht a thiomantas leanúnach d’oideachas, for-rochtain agus comhoibriú, rud a thacaíonn le daoine óga de réir mar a dhéanann siad iniúchadh ar smaointe eolaíocha a chabhraíonn leis an am amach romhainn in Éirinn a mhúnlú.