Tugtar cuireadh don phobal a bheith ina n-eolaithe saoránach trí pháirt a ghlacadh i dtionscadal tarrthála sonraí ar líne
14 Deireadh Fómhair, 2025
Tá Met Éireann ag iarraidh ar an bpobal cabhrú le milliúin breathnú stairiúil ar an aimsir a tharrtháil; breathnuithe atá le fáil faoi láthair i dtaifid pháipéir lámhscríofa.
Tá sé mar aidhm ag Tionscadal Tarrthála Aimsire na hÉireann 3.5 milliún breathnú stairiúil ar bháisteach ó 763 stáisiún ar fud na hÉireann a dhigitiú. Tugtar cuireadh don phobal an tSraith Clár Báistí a chlúdaíonn an tréimhse ó 1864 go 1951 agus atá á coinneáil i gCartlann Náisiúnta na hAeráide, faoi bhainistíocht Met Éireann, a thras-scríobh.

Sampla de cheann de na Cláir Bháistí lámhscríofa atá i gCartlann Náisiúnta na hAeráide
Tá sraitheanna aeráideacha, ar nós na gClár seo, ríthábhachtach chun an t-athrú aeráide a thuiscint, mar go dtugann siad léargas mion ar an gcaoi ar athraigh patrúin bháistí thar thréimhsí fada ama. Tá siad tábhachtach freisin chun samhlacha aeráide a fhíorú agus chun cruinneas réamh-mheastachán aeráide don todhchaí a fheabhsú agus tá na réamh-mheastacháin sin riachtanach chun tacú le ceapadh beartas agus le pleanáil maidir le hathléimneacht náisiúnta i leith na haeráide. Trí na taifid lámhscríofa seo a thiontú go formáidí digiteacha, tá rannpháirtithe ag cabhrú leis na sonraí tábhachtacha seo a chur ar fáil anois agus sa todhchaí.
Dúirt an Dr Ciara Ryan, Clíomeolaí ag Met Éireann:
“Is deis é an tionscadal seo don phobal cur go mór agus go buan le taighde ar an aeráid. Trí na taifid seo a dhigitiú, cuirtear ar chumas daoine rochtain a fháil ar shonraí luachmhara a chuirfidh feabhas ar ár dtuiscint ar athraitheacht aeráide na hÉireann, agus go háirithe ar na hathruithe ar mhinicíocht agus ar dhéine na n-imeachtaí báistí foircneacha le 160 bliain anuas, chomh maith leis an nasc a d’fhéadfadh a bheith acu leis an athrú aeráide de bharr ghníomhaíocht an duine.”
Cabhróidh oibrithe deonacha le cuid thábhachtach de stair aeráide na hÉireann a chaomhnú, trí shonraí a bhailigh breathnóirí aimsire tiomanta thar na blianta fada a chur ar fáil. Tá an tionscadal seo mar chuid de thionscnamh níos leithne chun sonraí a tharrtháil a dtabharfaidh Met Éireann faoi seo i gcomhar le comhpháirtithe náisiúnta eile chun ár dtuiscint ar aeráid na hÉireann a leathnú.”
Dúirt an Dr Rhonda McGovern, Taighdeoir Iardhochtúireachta agus comhordaitheoir ar Thionscadal Tarrthála Aimsire na hÉireann ag Met Éireann:
“Tríd an gcéim phíolótach thosaigh de Thionscadal Tarrthála Aimsire na hÉireann, tá tras-scríobh déanta ag 300 oibrí deonach ar bhreathnuithe stairiúla a chlúdaíonn beagnach 10,000 mí ó stáisiúin aimsire ar fud na hÉireann. Is féidir leis na hoibrithe deonacha luachanna báistí, nó faisnéis ar nós ainmneacha stáisiún, aonaid tomhais nó ainm an bhreathnóra a thras-scríobh. Chun ardleibhéal cruinnis a chinntiú, déanfar gach breathnú a thras-scríobh ceithre huaire agus beidh rannpháirtithe in ann a ndul chun cinn a rianú le himeacht ama.
Is tionscadal ar líne é seo ar féidir leat páirt a ghlacadh ann ó do tholg nó ó bhord na cistine, cibé áit ar domhan ina bhfuil tú; mar sin, má tá suim mhór agat in aimsir, i stair nó i ngníomhú ar son na haeráide in Éirinn, tabhair cuairt ar irishweatherrescue.ie chun páirt a ghlacadh ann.”
Trí úsáid a bhaint as ardán Zooniverse, is féidir le hoibrithe deonacha rochtain a fháil ar íomhánna de na taifid aimsire agus ar theimpléid chun na sonraí a thras-scríobh. Cuirtear treoracha mionsonraithe, físeán teagaisc ar líne agus tacaíocht ar fáil, chomh maith le fóram plé inar féidir le hoibrithe deonacha idirghníomhú le foireann an tionscadail. Nuair a dhéantar na sonraí a dhigitiú, cuirfear ar fáil do thaighdeoirí iad agus roinnfear iad le taisclanna sonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Le linn an tionscadail, cuirfidh Met Éireann nuashonruithe ar fáil maidir leis an dul chun cinn agus léireoidh siad luach obair na n-oibrithe deonacha.

Oibrí deonach ag tras-scríobh sonraí do Thionscadal Tarrthála Aimsire na hÉireann ar Zooniverse
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun páirt a ghlacadh i dTionscadal Tarrthála Aimsire na hÉireann, tabhair cuairt ar www.irishweatherrescue.ie