Seolann Met Éireann a Straitéis Taighde & Nuálaíochta ag a himeacht taispeántais bhliantúil

Sheol Met Éireann a Straitéis Taighde agus Nuálaíochta 2026–2034 go hoifigiúil inné ag comhdháil náisiúnta ar fhreastail taighdeoirí, lucht déanta beartas, saineolaithe oibríochtúla agus cleachtóirí ó na pobail aimsire, tuilte agus aeráide uirthi.

Director Eoin Moran, Assistant Director Josephine Prendergast, keynote speaker Dr Andy Brown, Former Director of Science at the Met Office, and Dr Patrick Fournet Research Funding & Support Manager.

An Stiúrthóir Eoin Moran, an Leas-Stiúrthóir Josephine Prendergast, an príomhchainteoir an Dr Andy Brown, iar-Stiúrthóir Eolaíochta ag Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe (Met Office), agus an Dr Patrick Fournet, Bainisteoir Maoinithe agus Tacaíochta Taighde.

An 21 Bealtaine 2026

Mar chuid de chlár comórtha 90 bliain na seirbhíse meitéareolaíochta náisiúnta, leag Taispeántas Taighde Met Éireann 2026, a reáchtáladh sna Gairdíní Náisiúnta Lus i mBaile Átha Cliath, béim ar an luach sóisialta a bhaineann leis an taighde agus ar an ról tábhachtach atá ag an eolaíocht agus ag an nuálaíocht maidir le hullmhacht na hÉireann i gcomhair drochaimsire, tuilte agus athrú aeráide a neartú.
Ag oscailt na comhdhála, sheol Stiúrthóir Met Éireann, Eoin Moran, an Straitéis nua um Thaighde agus Nuálaíocht dar teideal “Ó Eolas go hUllmhacht“. Dúirt an tUasal Moran: “Tá taighde agus nuálaíocht i gcroílár mhisean Met Éireann. Léiríonn an straitéis seo athrú i dtreo taighde mar chóras comhtháite don ullmhacht, lena neartaítear na naisc idir an eolaíocht, na hoibríochtaí, an beartas agus na húsáideoirí chun fíorthionchar dearfach a imirt ar an tsochaí.

Leagtar béim sa Straitéis nua um Thaighde & Nuálaíocht ar cheithre chuspóir idirnasctha:

  • barr feabhais agus tallann sa taighde a neartú,
  • luas a chur le haistriú an taighde go dtí na hoibríochtaí agus le seachadadh na nuálaíochta,
  • tionchar sóisialta agus bonn fianaise don bheartas a mhéadú,
  • agus comhpháirtíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a neartú.

Leagtar béim sa straitéis freisin ar cé chomh thábhachta is atá sé scileanna agus saineolas a fhorbairt don todhchaí chun cabhrú le hÉirinn an t-athrú aeráide agus na rioscaí a bhaineann leis an aimsir a thuiscint agus dul in oiriúint dóibh.

Le breis agus 180 rannpháirtí (lena n-áirítear níos mó ná 110 i láthair go pearsanta), mheall comhdháil Thaispeántas Taighde Met Éireann 2026 spéis mhór agus chuir sí taighde ar taispeáint a maoiníodh agus a rinneadh trí Chlár Taighde Aimsire agus Aeráide Met Éireann, lena n-áirítear obair ar:

  • réamh-mheastacháin aeráide agus seirbhísí aeráide,
  • réamhaisnéis tuilte agus samhaltú ilghuaiseach,
  • intleacht shaorga le haghaidh réamhaisnéis na haimsire,
  • breathnóireacht agus córais radair,
  • cumarsáid faoin aeráid agus eolaíocht na saoránach,
  • réamhaisnéis bunaithe ar thionchair agus tacaíocht don chinnteoireacht.

Bhí príomhchainteanna, cur i láthair ó shaineolaithe, díospóireachtaí painéil agus taispeántais póstaer mar chuid den imeacht, rud a chruthaigh deiseanna le haghaidh comhoibrithe agus malartú eolais idir an saol acadúil, an rialtas, seirbhísí oibríochtúla, údaráis áitiúla agus an tionscal.

I rith an lae, dhírigh an plé ar phríomhcheist amháin: Conas is féidir torthaí taighde a aistriú ar bhealach níos éifeachtaí chuig seirbhísí oibríochtúla, cinnteoireacht agus ullmhacht náisiúnta?

Rinne taighdeoirí agus saineolaithe oibríochtúla iniúchadh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

  • feabhas a chur ar chórais réamhaisnéise aimsire agus tuilte,
  • pleanáil um oiriúnú don athrú aeráide a neartú,
  • freagairt d’imeachtaí aimsire foircní atá ag éirí níos minice agus níos mó tionchair,
  • intleacht shaorga a chomhtháthú go freagrach i gcórais réamhaisnéise,
  • agus a chinntiú go bhfuil faisnéis eolaíoch inrochtana, iontaofa agus inghníomhaithe.

Bhí tábhacht na gcomhpháirtíochtaí agus an chomhoibrithe ar cheann de na príomhthéamaí a tháinig chun cinn i rith na comhdhála.

Cuireadh deireadh leis an gcomhdháil le príomhaitheasc idirnáisiúnta ón Dr Andy Brown, iar-Stiúrthóir Eolaíochta ag Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe agus iar-Stiúrthóir Taighde agus Leas-Ardstiúrthóir ag an Lárionad Eorpach um Réamhaisnéisí Meántéarmacha Aimsire (ECMWF). Labhair sé faoi thodhchaí na gcóras réamhaisnéise oibríochtúla agus faoin tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le seirbhísí comhtháite aimsire, tuilte agus aeráide.

Ag dúnadh na hócáide, ghabh Leas-Stiúrthóir Met Éireann, Josephine Prendergast, buíochas leis na rannpháirtithe as a rannpháirtíocht agus leag sí béim ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú leanúnach idir na pobail taighde agus oibríochtúla.

Braitheann an ullmhacht ar chomhpháirtíocht. Tá na dúshláin atá romhainn ag éirí níos idirnasctha, agus ní féidir le haon eagraíocht amháin dul i ngleic leo ina haonar. Léirigh an lá inniu neart an phobail atá ag obair le chéile chun tacú le hÉirinn atá níos sábháilte, níos athléimní agus níos ullmhaithe don athrú aeráide.”
Tá Taispeántas Taighde Met Éireann 2026 mar chuid de chlár níos leithne imeachtaí chun comóradh 90 bliain Met Éireann a cheiliúradh i rith na bliana, lena n-áirítear gairdín taispeántais ag Bloom Bhord Bia ón 28 Bealtaine go dtí an 1 Meitheamh.