Tá staidéar comhoibritheach ar an bhfeiniméan aeráide ar a dtugtar El Niño, ina bhfuil eolaithe ó Met Éireann agus taighdeoirí eile ó SAM, ón gCóiré Theas agus ón nGearmáin páirteach, foilsithe san iris taighde ar a bhfuil rochtain oscailte, Nature Communications.
Mí Dheireadh Fómhair, 2025
Fuair an fhoireann taighdeoirí amach go bhféadfadh ascalú theas El Niño dul i dtreise go tapa sna blianta amach romhainn agus teacht i gcomhthráth le feiniméin aeráide mhóra eile, rud a athróidh patrúin teochta agus báistí ar fud an domhain faoi dheireadh an 21ú haois.
Cad is El Niño ann?
Tagraíonn El Niño don téamh a thagann ar uiscí dromchla san Aigéan Ciúin trópaiceach thoir. Tugadh an feiniméan seo faoi deara den chéad uair na céadta bliain ó shin nuair a chuir sé isteach ar stoc éisc a bhí ríthábhachtach d’iascairí i bPeiriú. Tagann an t-ainm ón bhfocal Spáinnise ar ‘buachaill’ agus tugtar La Niña, i.e. an focal Spáinnise do ‘cailín’ ar an bhfeiniméan contrártha, ina n-ardaíonn uiscí fuara atá saibhir ó thaobh cothaitheach go dromchla an Aigéin Chiúin thrópaicigh thoir.
I gcomhthéacs na haeráide, tagraímid d’fheiniméan El Niño mar an t-ascalú idir dálaí teo dhromchla na farraige san Aigéan Ciúin trópaiceach thoir (El Niño) agus dálaí fuara dhromchla na farraige san Aigéan Ciúin trópaiceach thoir (La Niña). Bíonn tionchar ag an luaineacht nádúrtha seo idir an dá dháil seo ar an aimsir agus ar an aeráid ar fud an domhain, fiú chomh fada ar shiúl ón Aigéan Ciúin leis an Eoraip, agus féadfaidh timthriall iomlán an ascalaithe maireachtáil suas le cúpla bliain.

Fíor 1: Léargas ar theocht dhromchla na farraige san Aigéan Ciúin Thoir, ina léirítear an gnáthphatrún teochta le linn imeacht La Niña, le huiscí fuara feadh an mheánchiorcail agus struchtúr tonnúil laistiar d’Oileáin Galapagos, mar a léirítear i múnla aeráide ardtaifigh. Léiríonn an scáthú ó ghorm go dearg an t-athrú ó dhálaí dromchla níos fuaire go dálaí níos teo. Is féidir déine imeachtaí La Niña agus El Niño a mhéadú mar thoradh ar an téamh domhanda, agus d’fhéadfadh na himeachtaí foircneacha sin tarlú níos gaire dá chéile
De réir an staidéir nua in Nature Communications, tiocfaidh méadú ar dhéine El Niño agus beidh sé ag tarlú i gcomhthráth le feiniméin aeráide eile.
Sa chomhthéacs aeráide reatha, níl tionchar El Niño / La Niña ar aeráid na hÉireann ró-shuntasach; mar sin féin, de réir na samhluithe ríomhaireachta ardtaifigh a ndearnadh anailís orthu sa staidéar seo, beidh tionchar méadaitheach ann ar an Eoraip sa todhchaí, ag tosú ag pointe éigin sa dara leath den chéad seo.
De réir an staidéir nua seo, thiocfadh neart agus rialtacht bhreise ar dhálaí El Niño agus La Niña araon i ndomhan níos teo, agus iad ag teacht i gceann a chéile gach cúpla bliain. Ina theannta sin, táthar ag súil go dtiocfaidh timthriallta El Niño i gcomhthráth le feiniméin aeráide eile, amhail Ascalú an Atlantaigh Thuaidh (AAT), patrún ascalaithe gaoithe os cionn an Atlantaigh Thuaidh, rud a mbeidh tionchar níos láidre aige dá bharr ar aeráid na hEorpa.
Deir an Dr Tido Semmler, taighdeoir ag Met Éireann agus comhúdar an staidéir:
“Leagann torthaí ár staidéir béim ar an ngá atá ann le hullmhacht dhomhanda chun dul i ngleic le hathraitheacht aeráide atá ag dul i méid agus leis na hiarmhairtí cascáideacha a bhaineann léi.
“Le linn blianta El Niño, is mó a tharlaíonn staid AAT ‘diúltach’, rud a fhágann go mbíonn geimhreadh níos fuaire, níos ciúine agus níos tirime ná mar is gnách in Éirinn, agus claonadh ann i dtreo tréimhsí aimsire a bhfuil tionchar ilchríochach ag baint leo. Le linn blianta La Niña, is mó a tharlaíonn staid AAT ‘dearfach’, rud a fhágann go mbíonn geimhreadh níos stoirmiúla, níos fliche agus níos séimhe ann, agus tionchar níos láidre ag an Aigéan Atlantach Thuaidh ar aeráid na hÉireann. Mar thoradh air sin, mhéadódh an athraitheacht i ngeimhreadh na hÉireann, rud a d’fhágfadh dóchúlacht níos airde go dtarlódh imeachtaí foircneacha.”
Leanann an Dr Semmler ar aghaidh: “Tá impleachtaí ag El Niño agus La Niña maidir le meánteochtaí domhanda freisin. Mar thoradh ar El Niño is gnách go mbíonn meánteochtaí domhanda atá níos airde ná mar is gnách, agus mar thoradh ar La Niña is gnách go mbíonn meánteochtaí domhanda atá níos ísle ná an gnách. Tarlaíonn sé seo sa bhreis ar an treocht leanúnach téimh dhomhanda, rud a fhágann go bhfuil an treocht i bhfolach go sealadach le linn bhlianta La Niña ach le linn bhlianta El Niño threiseofaí é.”
Glacann na hionsamhluithe aeráide a úsáidtear sa staidéar seo leis an gcás ina bhfuil tiúchan na ngás ceaptha teasa ag méadú. Is féidir an t-aistriú i dtreo dálaí aeráide El Niño agus La Niña atá níos foircní a chur siar, nó b’fhéidir fiú é a sheachaint, trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar chuid d’iarracht dhomhanda.
Nótaí:
Global climate mode resonance due to rapidly intensifying El Niño-Southern Oscillation | Nature Communications. Stuecker, M. F., Zhao, S., Timmermann, A., Ghosh, R., Semmler, T., Lee, S.-S., Moon, J.-Y., Jin, F.-F., agus Jung, T. (2025).
Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun deiseanna agallaimh leis an Dr Semmler a fháil, déan teagmháil le do thoil le:media@met.ie.