Bonn Airgid Órga buaite ag Met Éireann ag Bloom Bhord Bia

Bronnadh Bonn Airgid Órga ar Met Éireann ag Bloom 2026 Bhord Bia Bloom as a ghairdín taispeántais dar teideal: An tAm atá Caite, Saol an Lae Inniu agus an Todhchaí.

Déardaoin 28 Bealtaine

Left to right: Designers Padraic Woods and Paul Dunne, with Met Éireann Education and Outreach Officer, Gráinne Connolly, with their Silver Gilt Medal award at Bord Bia Bloom 2026

Ó chlé go deas: Na dearthóirí Pádraic Woods agus Paul Dunne, in éineacht le hOifigeach Oideachais agus For-rochtana Met Éireann, Gráinne Connolly, agus iad ag glacadh lena mBonn Airgid Órga ag Bloom 2026 Bhord Bia

Chruthaigh Paul Dunne ó Paul Dunne Landscaping agus Pádraic Woods ó Shapes Garden Design an gairdín comórtha seo i gcomhar le foireann bheag de chomhghleacaithe Met Éireann thar roinnt míonna. Tugann an gairdín cuireadh do chuairteoirí iniúchadh a dhéanamh ar ár n-aeráid atá ag athrú, agus ag an am céanna tugann sé ómós dóibh siúd a dhéanann monatóireacht ar atmaisféar na hÉireann, a dhéanann é a léirmhíniú agus a chuireann an t-eolas sin in iúl don phobal le dúthracht mhór.

Ag bunús an ghairdín, cuireann coillearnach dhúchais de chrainn bheithe fráma timpeall ar mhóinéar agus ar bhogach a athraíonn go séimh leis na séasúir. Trí phlandáil athléimneach a chur chun cinn, tá sé mar aidhm nasc níos doimhne a chruthú idir daoine, an dúlra agus ár bhfreagairt don athrú aeráide.

Tá an dearadh spreagtha ag eolaíocht, ag saineolas agus ag breathnóireacht leanúnach 24 uair an chloig fhoireann Met Éireann. Tá an scáth báistí ollmhór ina shiombail den bháisteach a chothaíonn ár dtírdhreacha agus atá ina cúis le 40 ‘shades of green’ na hÉireann.

Tá bailiúchán cuimsitheach d’uirlisí aimsire sa taispeántas freisin, ina bhfuil gléasanna a úsáideadh agus atá fós in úsáid le haghaidh breathnuithe aimsire, lena n-áirítear scáthláin Stevenson, méadair bháistí agus griantaifeadáin.

Ba luach saothair sásúil a bhí gradam a bronnadh ar an bhfoireann deartha i bPáirc an Fhionnuisce ar maidin, ar na huaireanta iomadúla a caitheadh ag dearadh, ag pleanáil, ag aimsiú ábhar agus, ar deireadh, an obair dhian láimhe ar an láthair agus leanann sé dhá lá de mheasúnú cúramach, inar scrúdaigh painéal moltóirí a raibh taithí fhairsing acu na 19 ngairdín taispeántais a bhí ar taispeáint.

Áiríodh na nithe seo a leanas sa phróiseas dian moltóireachta:

  • Comhlíonadh an achoimre deartha – cé chomh maith agus a cuireadh an dearadh i gcrích de réir riachtanais an chliaint, an tsuímh nó na húsáide beartaithe, agus a indéantacht.
  • An tuiscint fhoriomlán/an dearadh, lena n-áirítear tionchar, úrnuacht, cothromaíocht agus scála.
  • An tógáil – cáilíocht na hoibre, an chríochnaithe agus gnéithe speisialta.
  • An phlandáil – dearadh, dath agus uigeacht, comhchuibheas agus ábharthacht, chomh maith le húsáid ábhar plandaí a fuarthas go háitiúil.

Cuireadh tús leis an bhféile i bPáirc an Fhionnuisce ar maidin, Déardaoin an 28 Bealtaine, agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí an Luan Saoire Bainc. Beidh foireann Met Éireann ar an láthair gach lá chun teagmháil a dhéanamh le cuairteoirí trí réamhaisnéisí aimsire beo, comhairle agus plé ó shaineolaithe, taispeántais oideachais agus scáileán glas idirghníomhach a thabharfaidh deis do chuairteoirí blaiseadh a fháil de láithreoireacht na haimsire.
Chomh maith leis an mBonn Airgid Órga, beidh gairdín Met Éireann san iomaíocht do Ghradam Rogha an Phobail Bloom Bhord Bia, agus beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh trí théacs GARDEN1 a sheoladh chuig 50100 roimh 1.00 i.n. Dé Luain, an 1 Meitheamh.

Le haghaidh ticéad agus tuilleadh eolais, féach ar shuíomh gréasáin Bloom Bhord Bia.

Maidir leis na Dearthóirí

Trína ghnó i gContae Chill Dara, Paul Dunne Landscaping, cuireann an dearthóir tírdhreacha Paul Dunne seirbhís iomlán deartha agus tógála ar fáil, ag obair go dlúth le cliaint chun spásanna lasmuigh saincheaptha a chruthú a oireann dá stíl mhaireachtála. Bhuaigh Paul bonn airgid ag Bloom 2017 Bhord Bia Bloom as an ngairdín ‘Get Men Talking’ a dhear sé don Fhondúireacht Marie Keating.
Bíonn Paul ag comhoibriú go minic leis an dearthóir tírdhreacha Pádraic Woods, bunaitheoir Shapes Garden Design i mBaile Átha Cliath, a bhfuil cúlra aige i ndearadh, i líníocht ailtireachta, sa ghairneoireacht agus sa suirbhéireacht talún. Ní inniu ná inné a tháinig Padraic go Bloom ach oiread. Tugadh aitheantas dó ag féile 2010 as a chuid oibre ar an nGairdín Taispeántais ‘Sharing the Load’, a chuir feasacht ar mheabhairshláinte chun cinn.