Tá ainmneacha nua, a mhol an pobal, mar chomóradh ar dheichth mbliana ó cuireadh tús leis an tionscnamh ainmniúcháin stoirmeacha
Luan, 1 Meán Fómhair 2025
Sheol Met Éireann, i gcomhpháirt le Seirbhísí Meitéareolaíochta Náisiúnta na Ríochta Aontaithe (Oifig Met) agus an Ísiltír (KNMI), liosta na n-ainmneacha nua do ’shéasúr stoirme’ 2025/26, a thosóidh inniu agus a leanfaidh go dtí an 31 st Lúnasa 2026. I mbliana, thug na trí sheirbhís mheitéareolaíochta cuireadh don phobal ainmneacha a mholadh.
As an liosta de 21 ainm, chuir gach ceann de na trí chomhpháirtí náisiúnta seacht n-ainm ar fáil. D’iarr Met Éireann ar mhuintir na hÉireann a rogha ainmneacha a chur isteach trí fheachtas ar na meáin shóisialta. Fuarthas níos mó ná 10,000 ainm ó 4,137 duine den phobal.

Ainmneacha Stoirme 2025/26
Seo a leanas an liosta iomlán d’ainmneacha shéasúr 2025/26 Amy, Bram, Chandra, Dave, Eddie, Fionnuala, Gerard, Hannah, Isla, Janna, Kasia, Lilith, Marty, Nico, Oscar, Patrick, Ruby, Stevie, Tadhg, Violet, Wubbo.
(Tá na hainmneacha a roghnaigh Met Éireann i gcló trom. Níl na litreacha Q, U, X, Y, Z san áireamh, tá sé seo ag teacht le gnás ainmnithe Lárionad Náisiúnta Hairicín na SA).
Ag déanamh tráchta ar an seoladh, dúirt Eoin Sherlock, Ceann na Rannóige Réamhaisnéise i Met Éireann: said:
“ Is uirlis chumarsáide an-éifeachtach é stoirmeacha a ainmniú. Cabhraíonn sé linn agus le heagraíochtaí eile um shábháilteacht phoiblí feasacht a mhúscailt faoi dhrochaimsir thromchúiseach i gcomhar lenár rabhaidh aimsire. Tá a fhios againn go mbíonn sé níos éasca do dhaoine faisnéis thábhachtach agus cothrom le dáta faoi réamhaisnéisí agus faoi shábháilteacht a aimsiú agus a leanúint nuair a bhíonn ainm ar stoirm. Sampla maith de seo ba ea Stoirm Éowyn i mí Eanáir seo caite, nuair a fuair ár suíomh gréasáin, met.ie, níos mó ná trí mhilliún cuairt i gceann dhá lá. Chuidigh sé sin le daoine agus le maoin a chosaint ar fud na hÉireann.
“Is deich mbliana atá caite ó cuireadh tús leis an tionscnamh ainmniúcháin stoirmeacha in 2015. Ba mhian linn an pobal a bheith níos rannpháirtí ná riamh agus thugamar cuireadh dóibh na hainmneacha ab fhearr leo a chur chugainn. Fuarthas go leor scéalta pearsanta faoi chairde, faoi bhaill teaghlaigh, faoi dhaoine muinteartha agus faoi pheataí. Moladh ainmneacha freisin a thugann ómós dár stair, dár gcultúr agus dár litríocht. Ina measc bhí Bram, in ómós don scríbhneoir cáiliúil Éireannach Bram Stoker, agus Gerard, fear atá ag dul i ngleic le dúshláin sláinte agus a nguímid gach rath air. Luaigh go leor daoine freisin gur féidir lena gcuid páistí agus garpháistí a bheith cosúil le stoirmeacha beaga iad féin, mar shampla Tadhg, ar chuir a sheanmháthair síos air mar fhórsa an dúlra.
“Cé gur tasc taitneamhach agus a bhí ar bhealach spraíúil a bhí ann na hainmneacha a roghnú, is í an phríomhthosaíocht atá againn i gcónaí réamhaisnéisí cruinne agus teachtaireachtaí sábháilteachta a chur in iúl roimh imeachtaí drochaimsire agus lena linn. Ag tús shéasúr na stoirmeacha, molaimid arís do dhaoine cloí leis an bhfeachtas ‘Bí Réidh don Gheimhreadh’ agus ullmhú anois d’aon aimsir thromchúiseach a d’fhéadfadh teacht.””
Ainmnítear stoirm nuair a d’fhéadfadh léi tionchair ‘measartha’ nó ‘arda’ a bheith i gceann de na trí thír chomhpháirtíochta. Cuireann ainmniú stoirmeacha ar chumas na seirbhísí meitéareolaíochta faisnéis údarásach agus chomhsheasmhach a chur ar fáil don phobal, rud a chabhraíonn le daoine ullmhú roimh aimsir chrua agus fanacht sábháilte le linn tarluithe adhaimsire.
Nuair a thuartar stoirm, ainmníonn an tseirbhís náisiúnta aimsire a bhfuil súil leis an tionchar is mó ón drochaimsir an stoirm, nó ar dócha go mbeidh tionchar air ar dtús. Chomh maith leis an ainmniú, féadfar rabhaidh oráiste nó dearga warnings a eisiúint maidir le gaoth, báisteach, sneachta nó teaglaim de na guaiseacha sin. Eisítear aon rabhaidh bunaithe ar mheascán de chritéir uimhriúla agus de na tionchair a thuartar a d’fhéadfadh tarlú. Tá an fhaisnéis is déanaí maidir le réamhaisnéisí agus rabhaidh aimsire in Éirinn ar fáil ar shuíomh gréasáin agus ar aip Met Éireann.
Ó 2015 i leith, tá Met Éireann agus Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe ag obair le chéile ar an gclár ainmniúcháin agus tháinig KNMI na hÍsiltíre leo i 2019.
Dúirt Rebekah Hicks, Príomh-Mheitéareolaí ag an Met Office sa Ríocht Aontaithe:
“Ní bhaineann ainmniú stoirmeacha le hainm a thabhairt dóibh amháin, baineann sé le cinntiú go dtugann daoine aird orthu. Nuair a bhíonn ainm ar stoirm, bíonn sé níos éasca do na meáin agus don phobal labhairt fúithi, faisnéis a roinnt agus ullmhú don aimsir atá le teacht. Is céim shimplí í, ach is féidir léi difear mór a dhéanamh trí chabhrú le pobail fanacht sábháilte, a dtithe a chosaint agus cinntí eolasacha a dhéanamh roimh aimsir thromchúiseach.
“Tá a fhios againn go bhfuil feidhm ag ainmniú stoirmeacha. Mar shampla, i gcás Stoirm Floris cúpla seachtain ó shin, léirigh suirbhéanna go raibh 93% de dhaoine sa limistéar a bhí faoi rabhadh ómra ar an eolas faoi na rabhaidh, agus gur ghlac 83% díobh bearta chun ullmhú.
“Le deich mbliana anuas, tá sé feicthe againn go gcabhraíonn ainmniú stoirmeacha le feasacht an phobail a mhéadú agus, sa deireadh, le beatha daoine a shábháil. Is uirlis shimplí í, ach uirlis an-chumhachtach, chun cabhrú le pobail fanacht sábháilte nuair atá drochaimsir ag druidim.”
Ainmníonn grúpaí eile de chuid na Seirbhíse Meitéareolaíochta Náisiúnta sna SA agus san Eoraip stoirmeacha freisin. Nuair a ainmníonn aon seirbhís meitéareolaíochta córas aimsire, úsáideann na seirbhísí eile an t-ainm céanna, lena n-áirítear iar-hairicíní a d’ainmnigh Lárionad Náisiúnta Hairicín na SA ar nós Charley (25th Lúnasa 1986) agus Ophelia (16th Deireadh Fómhair 2017), a raibh tionchar mór acu ar Éirinn tráth a thrasnaigh siad an tAtlantach.
Tabhair faoi deara:
Le haghaidh tuilleadh eolais nó chun agallamh a eagrú le hurlabhraithe Met Éireann, déan teagmháil le media@met.ie
Ábhar grafach: Storm Names 2025/26 ó Met Éireann ar fáil i bhformáidí éagsúla. media@met.ie Má theastaíonn formáid eile uait, déan teagmháil le.
Maidir le hAinmniú Stoirmeacha
Liosta 2025-26 d’Ainmneacha Stoirmeacha
| Aimn | Seirbhís mheitéareolaíochta atá ag Ainmniú |
Cúlra an ainm/nótaí faoin ainmniúchán |
|---|---|---|
| Amy | Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe | Ba é Amy an t-ainm ba mhó tóir i measc na n-ainmneacha ban a cuireadh faoi bhráid Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe. |
| Bram | Met Éireann | Ainmnithe in ómós don scríbhneoir mór Éireannach Bram Stoker, údar Dracula, a bhfuil domhan na hoíche, uallfairt mac tíre agus atmaisféar stoirme fite fuaite ina shaothar.” |
| Chandra | KNMI | Ainm dia na gealaí sa Hiondúchas. Cuireadh faoi bhráid KNMI é. |
| Dave | Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe | M’fhear céile ionúin, a bhíonn ag srannadh trí huaire níos airde ná aon stoirm!” (curtha faoi bhráid Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe) |
| Eddie | KNMI | Roghnaíodh Eddie mar ainm idirnáisiúnta a cuireadh faoi bhráid KNMI |
| Fionnuala | Met Éireann | Ainm m’iníne…Ainm láidir agus muiníneach! Díreach mar a bheifeá ag súil ó stoirm.” |
| Gerard | Met Éireann | Ainmníodh Gerard 35 uair ag cairde agus baill teaghlaigh fear amháin: “Tá Gerard ag dul trína aistear ailse agus tá dúil mhór aige san adhaimsir. Chuirfeadh sé ríméad air, dá n-ainmneofaí stoirm ina onóir.” “Tá Gerard ag seasamh an fhóid ina stoirm féin faoi láthair.” |
| Hannah | KNMI | Bhí Hannah curtha faoi bhráid KNMI ag cailín a bhfuil suim mhór aici i stoirmeacha. |
| Isla | Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe | Cuireadh Isla, an t-ainm ba choitianta leis an litir ’I’, faoi bhráid Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe. Luaigh go leor daoine cailíní beaga a fhágann rian beag círéibe ina ndiaidh. |
| Janna | KNMI | Bhí Janna curtha faoi bhráid cuairteora ar lá oscailte KNMI mar ómós dá seanmháthair, a mhair go dtí aois 96 bliain agus a sheas an fód trí go leor stoirmeacha le linn a saoil. |
| Kasia | Met Éireann | “Mar aitheantas do na náisiúntachtaí éagsúla atá ina gcónaí in Éirinn agus don oidhreacht a shaibhríonn ár dtír.” (ainm de bhunadh Polannach) |
| Lilith | KNMI | Ciallaíonn Lilith “a bheith bainteach leis an oíche”. Cuireadh faoi bhráid KNMI é mar go bhféadfadh stoirmeacha dochar mór a dhéanamh uaireanta |
| Marty | Met Éireann | “Roghnaigh mé an t-ainm Marty a mholadh mar ainm stoirme in ómós do mo sheanathair, a fuair bás i mí Iúil 2013. Fear dícheallach, iontaofa agus iontach a bhí ann. Bhí Marty i gcónaí sásta comhrá a dhéanamh agus bhí grá mór aige dá theaghlach. Ba eiseamláir den scoth é domsa, do mo theaghlach agus do gach duine a raibh aithne aige air. Bhí suim mhór aige sa dúlra, san fheirmeoireacht, san aimsir agus sa damhsa.” |
| Nico | KNMI | Tagann an t-ainm Nico ó gharmhac iarfhostaí de chuid KNMI, a d’oibrigh ar an long aimsire Cumulus idir na 1950idí agus na 1970idí. |
| Oscar | Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe | Cuireadh síos ar chat amháin darbh ainm Oscar mar “bhuachaill maith, ach é ar mire nuair a thagann na zoomies air”, agus cuimhníodh go ceanúil ar chat eile mar chat a “bhain an-sult as an ngaoth ina fhionnadh – shuíodh sé sa ghairdín ar feadh uaireanta an chloig ag baint taitnimh aisti.” (curtha faoi bhráid Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe) |
| Patrick | Met Éireann | “Ball den teaghlach a chuireann a gcroí agus a n-anam isteach i rud.” Luaigh go leor de na haighneachtaí Naomh Pádraig. “Is féile idirnáisiúnta anois é an 17 Márta.” |
| Ruby | Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe | Ainmnithe in ómós do sheanmháthair mhór le rá, agus ba é an t-ainm ba choitianta a thosaigh leis an litir R a cuireadh faoi bhráid Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe. (curtha faoi bhráid Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe) |
| Stevie | Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe | Spreag cailín beag, a ainmníodh i ndiaidh amhrán Dreams le Stevie Nicks, an t-ainm seo. Tá an líne seo a leanas san amhrán: “Thunder only happens when it’s raining.” (Curtha faoi bhráid Oifige Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe). |
| Tadhg | Met Éireann | Is é mo gharmhac é agus is fíorfhórsa dúlra é. Cé gur rugadh an-tinn é, is buachaill láidir folláin é anois a bhfuil dúil aige san iománaíocht, sa sacar, sa damhsa agus sa cheol, agus tá sé ar fheabhas ar scoil. Is é ár gcuaifeach beag seacht mbliana d’aois é nach stopann choíche!!” |
| Violet | Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe | M’iníon, “atá chomh dian céanna agus chomh dosháraithe le stoirm”, rugadh í ag 27 seachtain, tráth a raibh a máthair tinn (curtha faoi bhráid Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe). |
| Wubbo | KNMI | Ainmnithe in ómós do Wubbo Ockels, an chéad Ísiltíreach a thaistil sa spás. (curtha faoi bhráid KNMI). |
D’iarr na trí eagraíocht chomhpháirtíochta ar an bpobal moltaí d’ainmneacha stoirme a chur isteach.
Bhí an tréimhse chun moltaí a chur isteach in Éirinn ar oscailt ón 23 Meitheamh go dtí an 1 Iúil 2025, agus cuireadh an feachtas chun cinn trí chainéil mheán sóisialta Met Éireann. Cuireadh na haighneachtaí isteach trí fhoirm ar líne, agus bhí cead ag gach duine suas le trí ainm a mholadh chomh maith leis an scéal a bhí taobh thiar den ainmniúchán. Fuair Met Éireann 10,696 aighneacht ó 4,137 duine den phobal.
In Éirinn, fuarthas moltaí freisin do roinnt de na hainmneacha a roghnaigh an dá chomhpháirtí eile, Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe agus KNMI. Mhol pobal na hÉireann na hainmneacha Amy, Dave, Eddie, Hannah, Oscar, Ruby agus Stevie freisin, agus bhí áthas orainn iad a fheiceáil ar an liosta.
Gabhaimid buíochas ó chroí le muintir na hÉireann as an spéis agus an tacaíocht a léirigh siad don tionscnamh seo. Fuarthas líon mór moltaí den scoth, cliste, cruthaitheach agus greannmhar, agus ba dheacair an rogha deiridh a dhéanamh. Beidh muid cinnte ag filleadh ar na haighneachtaí seo mar fhoinse inspioráide sna blianta amach romhainn!
Achoimre ar Shéasúir Stoirme atá caite
Sa séasúr 2024/25, bhí sé stoirm ainmnithe a raibh tionchar acu ar an limistéar, Ashley (Deireadh Fómhair 2024), Bert, Conall, Darragh, Éowyn, agus Floris (Lúnasa 2025). D’ainmnigh Grúpa Iarthar na hEorpa de Sheirbhísí Náisiúnta Meitéareolaíochta, ina bhfuil Met Éireann, Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe agus KNMI, na stoirmeacha sin uile.
- Ba é 2023/24 an séasúr inar taifeadadh an líon ba mhó stoirmeacha ainmnithe a raibh tionchar acu ar Éirinn, agus 14 stoirm i gceist. D’ainmnigh Grúpa Iardheisceart na hEorpa (an Fhrainc, an Phortaingéil agus an Spáinn) dhá cheann de na stoirmeacha seo, Elisa agus Geraldine.
- Ba é 2022/23 an séasúr leis an líon ba lú stoirmeacha ainmnithe a raibh tionchar acu ar Éirinn ó cuireadh tús leis an tionscnamh, le ceithre stoirmeacha.
- Ar an meán, bíonn thart ar ocht stoirmeacha ainmnithe ann gach séasúr ó tugadh isteach an córas ainmniúcháin in 2015.
- Ba é 2015/16 an séasúr leis an líon ba mhó stoirmeacha fós ag sroicheadh Fórsa Stoirme 10, nuair a tugadh faoi deara luasanna gaoithe marthanacha Fórsa Stoirme 10 nó níos mó ag stáisiúin chósta ar naoi gcinn de na haon stoirm déag ainmnithe.
- Shroich ceithre cinn de na sé stoirmeacha ainmnithe luasanna gaoithe marthanacha de Fhórsa Stoirme 10 nó níos airde in Éirinn sa séasúr 2024/25:
– Ashley Dé Domhnaigh, 20 Deireadh Fómhair 2024, le séideáin suas le 137 km/u (Fórsa Stoirme).
– Bert Dé Sathairn, 23 Samhain 2024, le séideáin suas le 115 km/u (Fórsa Stoirme).
– Darragh ar Aoine 6 Nollaig 2024, le séideáin suas le 141 km/u (Fórsa Stoirme Tréan).
– Éowyn ar Aoine 24 Eanáir 2025, le séideáin suas le 184 km/u (Fórsa Hairicín).
- Roimh Stoirm Éowyn, ba le linn Stoirm Darwin, ar an gCéadaoin, an 12 Feabhra 2014, a taifeadadh gaotha d’Fhórsa Hairicín ar thalamh in Éirinn den uair dheireanach, nuair a shroich na séideáin 159 km/u.
- Le linn Stoirm Éowyn, taifeadadh séideán 184 km/u ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe, ar an 24 Eanáir 2025. Is é seo, go sealadach, an séideán gaoithe is láidre a taifeadadh riamh in Éirinn, agus sáraíonn sé an taifead roimhe sin de 182 km/u, a taifeadadh i bhFaing, Co. Luimnigh, sa bhliain 1945.
Le tuilleadh eolais ar ainmneacha stoirme agus taifid adhaimsire san am a chuaigh thart, féach Ionad Stoirme agus Tarluithe Adhaimsire.
Maidir le Seirbhísí Rabhaidh Met Éireann – cad ba cheart a bheith ar eolas agat
Deilbhíní rabhaidh aimsire Met Éireann (ó chlé go deas): Comhairleach, Rabhadh Árthach Beag, deilbhíní rabhaidh Buí, Oráiste agus Dearg do mhuir agus tír
- Tá rabhaidh aimsire arna n-eisiúint ag Met Éireann bunaithe ar mheascán critéir uimhriúla don ghaoth, do bháisteach, don teocht, etc. agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na dálaí contúirteacha a bhfuiltear ag súil leo.
- Tá léarscáileanna idirghníomhacha ar fáil ar aip agus ar shuíomh gréasáin Met Éireann (https://www.met.ie/warnings/today) ina dtaispeántar na rabhaidh aimsire uile atá i bhfeidhm don lá reatha agus don trí lá ina dhiaidh sin. Tugann sé seo cead do chumarsáid agus tuiscint níos soiléire a fháil ar na cásanna casta aimsire a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar Éirinn, go háirithe sa gheimhreadh.
- Tugann aip Met Éireann rogha síntiús a íoc chun brúfhógraí rabhaidh aimsire a fháil do chontae ar leith, do chontaetha roghnaithe nó do gach contae.
- Cuireann Met Éireann seirbhís liostála ar fáil freisin chun rabhaidh aimsire a fháil ar https://www.met.ie/warnings/login.
- Tá rabhaidh do Thuaisceart Éireann ar leathanach ‘rabhaidh’ ar met.ie agus ar an aip freisin, aon am a eisíonn Oifig Mheitéareolaíochta na RA iad . Soláthraíonn sé seo ionad ilfhreastail soiléir agus údarásach chun rochtain éasca iontaofa a fháil ar na rabhaidh aimsire is déanaí d’oileán na hÉireann.
- Is féidir mínithe rabhaidh a fháil anseo: https://www.met.ie/weather-warnings
Tionchair stoirmeacha/drochaimsire
- Is féidir le tomhas ama agus an suíomh de mhinicíocht drochaimsire cur isteach go mór ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an tsochaí agus/nó ar an ngeilleagar.
- In aon imeacht aimsire ar leith, ní fhéadfaidh an leibhéal céanna aimsire a bheith ag gach láthair laistigh de limistéar rabhaidh.
- Nuair atá drochaimsir geallta, tá níos mó seans ann go mbeidh aimsir agus tionchar na haimsire ag na leibhéil ísle le feiceáil freisin. Is féidir leis na dálaí aimsire roimhe seo cur isteach go láidir ar chineál agus méid na dtionchar. Cuireann Met Éireann san áireamh na dálaí agus na tairseacha réamhaisnéise chomh maith le dálaí aimsire roimhe seo a d’fhéadfadh cur leis an leibhéal tionchair a bhfuiltear ag súil leis i gceantair áirithe agus rabhadh á eisiúint.
Faigh an réamhaisnéis is déanaí faoi dhálaí drochaimsire
- Chun an réamhaisnéis aimsire is cruinne agus suas chun dáta do do cheantar ar oileán na hÉireann a fháil, téigh chuig www.met.ie.
- Rabhaidh – Chun an chomhairle agus an rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn a fháil téigh chuig: https://www.met.ie/warnings/today
- Tá na seirbhísí seo agus níos mó fós ar fáil ar ár n-aip Met Éireann, atá saor in aisce – ar fáil ón Aipmhargadh don iPhone agus ón Play Store le haghaidh Android.
- Lean Met Éireann ar X, Facebook, Instagram, LinkedIn agus Youtube chun ábhar breise aimsire agus aeráide a fháil.
- Éist leis an réamhaisnéis náisiúnta is déanaí ar ár bpodchraoladh (nuashonraithe trí huaire in aghaidh an lae, ar X) freisin.
‘‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’: : Le linn aimsir chiúin an fhómhair tá sé ciallmhar ullmhú le haghaidh stoirmeacha geimhridh agus drochaimsir: “Bí Ullamh, Fan Sábháilte agus bíodh a fhios agat cá bhfaighidh tú cabhair má theastaíonn sé uait”, féach Bí Ullamh don Gheimhreadh (www.gov.ie)
Anailísíocht chainéal dhigiteacha Met Éireann le linn drochaimsire
- Tá líon méadaitheach daoine anois ag fáil faisnéise faoi rabhaidh aimsire agus faoi nuashonruithe aimsire trí na meáin shóisialta, chomh maith leis an raidió agus an teilifís. Neartaítear an chumarsáid sin a thuilleadh trí úsáid a bhaint as rabhaidh dathchódaithe agus as an tionscnamh ainmniúcháin stoirmeacha, rud a léiríonn a thábhachtaí atá na huirlisí sin do chumarsáid Met Éireann.
- Tagann méadú suntasach ar líon na gcuairteanna ar shuíomh gréasáin agus ar aip Met Éireann díreach roimh stoirm ainmnithe agus lena linn. Nuair nach mbíonn aon rabhaidh aimsire ná stoirmeacha ainmnithe i bhfeidhm, bíonn thart ar 100,000 amharc leathanaigh in aghaidh an lae ar an meán ar shuíomh gréasáin Met Éireann. Mar a léirítear sa ghraf thíos, méadaíonn an líon sin go suntasach roimh stoirm ainmnithe agus lena linn. Mar shampla, an lá roimh Stoirm Éowyn, taifeadadh 1.48 milliún amharc leathanaigh, agus 1.85 milliún amharc leathanaigh ar lá na stoirme. Ar an dóigh chéanna, faigheann aip Met Éireann thart ar 300,000 amharc in aghaidh an lae ar an meán. An lá roimh Stoirm Éowyn, mhéadaigh an líon sin go 729,000, agus ar lá na stoirme ba é 583,000 é.

Graf a léiríonn líon na n-amharc leathanaigh ar shuíomh gréasáin Met Éireann le linn mór-imeachtaí stoirme ó 2019 i leith. Foinse sonraí: Anailísíocht Google