Seolann Met Éireann agus COC acmhainní nua chun an t-athrú aeráide a mhúineadh i scoileanna

Seoladh úrscéal grafach nua agus sraith acmhainní oideachais mar thoradh ar chomhoibriú idir Met Éireann, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (COC) agus daoine den phobal, a bhfuil sé mar aidhm acu eolaíocht na haeráide a chur i láthair ar bhealach bríomhar trí scéalaíocht agus rannpháirtíocht chruthaitheach.

Chasing the Curlew’s Call cover

Clúdach Ar Lorg Ghlao an Chrotaigh

Foilsithe Dé Luain, an 8 Meitheamh

D’fhorbair COC Ar Lorg Ghlao an Chrotaigh trí úsáid a bhaint as eolaíocht aeráide Met Éireann agus as scéalaíocht amhairc chun aird a tharraingt ar na tionchair atá ag an athrú aeráide ar an saol mór. Insíonn sé scéal an chailín óig Lou agus a seanathar agus iad sa tóir ar an gCrotach Eoráiseach, speiceas éan atá i mbaol agus a bhfuil a mharthanas á chur i mbaol ag an athrú aeráide.
Seoladh an t-úrscéal go hoifigiúil ag ócáid in COC an tseachtain seo caite, agus tá sraith pacáistí do mhúinteoirí, atá réidh le húsáid, ag dul leis. Cuimsíonn na pacáistí sin pleananna ceachta, gníomhaíochtaí ranga, ábhair spreagtha do phlé agus suirbhéanna meastóireachta, agus iad deartha chun cabhrú le daltaí dul i ngleic le heolaíocht na haeráide trí scéalaíocht.

Pictured, from left, at the launch of Chasing the Curlew's Call at UCC are Dr Claire Scannell, Dr Catriona Duffy, Dr Rosa Rogers and Rosa Kelly

Sa phictiúr, ón taobh clé, ag seoladh Ar Lorg Ghlao an Chrotaigh in COC, tá an Dr Claire Scannell, an Dr Catriona Duffy, an Dr Rosa Rogers agus Rosa Kelly

Ag an seoladh, cuireadh léiriú dátheangach ar fáil do na daoine a bhí i láthair, bunaithe ar an úrscéal grafach agus é á chur i láthair i mBéarla agus i nGaeilge araon; ag an am céanna, leag an Dr Claire Scannell, Príomhoifigeach Meitéareolaíochta ag Met Éireann, béim ar an tábhacht a bhaineann le tacú le scéalta faoin aeráid tríd an tionscadal a fhaigheann maoiniú ó TRANSLATE.

Thug na cruthaitheoirí, an Dr Rosa Rogers, Rosa Kelly agus an Dr Paul Holloway ó COC, chomh maith leis an Dr Catriona Duffy ó Met Éireann, cur síos ar na cuir chuige ealaíonta agus eolaíochta a mhúnlaigh an saothar.

Rinneadh tástáil agus mionathruithe ar na hacmhainní trí cheardlanna i scoileanna ar fud chathair Chorcaí agus le linn na gceardlann sin, thug taighdeoirí faoi deara feabhas ar mhuinín na ndaltaí agus iad ag míniú cad is athrú aeráide ann agus conas a tharlaíonn sé, chomh maith leis sin, tháinig méadú ar an eolas faoin gCrotach Eoráiseach agus faoina stádas in Éirinn a bheith i mbaol, agus léirigh na daltaí níos mó airde ar an athrú aeráide agus níos mó spéise ina leith.

Trí na hacmhainní agus na suirbhéanna a chur ar fáil don phobal, tá súil ag an bhfoireann taighde tuiscint níos leithne a chothú maidir leis an gcaoi ar féidir le scéalaíocht faoin aeráid tacú le foghlaim agus le rannpháirtíocht i measc daltaí bunscoile agus iar-bhunscoile ar fud na hÉireann.

Cuirfear scoileanna a chuireann suirbhéanna comhlánaithe isteach san áireamh i gcrannchur chun deis a fháil stáisiún aimsire a bhuachan dá scoil.

Tá an tacar iomlán acmhainní, an t-úrscéal grafach, an bheochan agus na pacáistí do mhúinteoirí ar fáil anois ar leathanach acmhainní oideachais Met Éireann.