Tá Met Éireann agus Teagasc tar éis dul i gcomhar le chéile chun tionscnamh nach raibh a leithéid ann riamh a eagrú chun iniúchadh a dhéanamh ar an gceangal idir aimsir, an aeráid agus talmhaíocht.
Dé Céadaoin, an 29 Deireadh Fómhair 2025
Mar chuid de Sheachtain na hEolaíochta 2025, dearadh an seimineár gréasáin ‘Scamaill, Barra agus Aeráid’ go speisialta do dhaltaí na Sraithe Sóisearaí (an chéad bhliain, an dara bliain agus an tríú bliain) agus do dhaltaí na hIdirbhliana ó gach cearn d’Éirinn, agus beidh a lán saineolaithe eolaíocha mar chuid de, saineolaithe ó réimsí éagsúla ar fud an dá institiúid.

Seimineár faoi Scamaill, Barra agus Aeráide
Reáchtálfar an t-imeacht saor idirghníomhach ar Zoom ó 11am go 12pm Dé Máirt an 11 Samhain agus tá sé ar oscailt do na mic léinn agus na múinteoirí eolaíochta go léir. Is é croí-aidhm an tseisiúin ná deis a thabhairt do rannpháirtithe tuiscint a fháil ar conas eolaíocht a chur i bhfeidhm sa saol mar atá, ó chórais aimsire a thuiscint go hiniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann an aeráid i bhfeidhm ar fhás bia, rud a spreagann an chéad ghlúin eile smaoineamh go criticiúil ar an eolaíocht agus ar an inbhuanaitheacht.
Cuirfear sraith cur i láthair gearr os comhair an lucht freastail ónár saineolaithe ábhair, roimh sheisiún ceisteanna agus freagraí beo chun plé díreach agus tuiscint níos doimhne ar na hábhair a chuirfear i láthair a spreagadh. Is é an seimineár gréasáin an chéad uair gur thug Met Éireann agus Teagasc faoi chomhoibriú ar imeacht dá leithéid, agus beidh sé ar siúl le linn chomóradh 30 bliain Sheachtain na hEoláiochta.
Chun clárú go mbeidh tú ann, cuir isteach do chuid sonraí anseo .