Maureen Sweeney (1923-2023)

Fuair bean Éireannach, Maureen Sweeney, bás ag aois 100 ar an 17 Nollaig 2023. D’athraigh a breathnuithe aimsire ag Gob an Fhóid Dhuibh, Co. Mhaigh Eo i 1944 amanna thuirlingtí D-Day.

Bhí Maureen (née Flavin) ag obair in oifig poist an Fhóid Dhuibh ag an am agus ghlac sí an léamh ríthábhachtach gach uair an chloig sin ar a 21ú breithlá, an 3 Meitheamh 1944. Léirigh na léamha ag an stáisiún aimsire ag an teach solais gaoth sheasta agus báisteach mhéadaitheach de réir mar a lean an brú ag titim. Léirigh sé seo aimsir chlaochlaitheach, stoirmiúil a mbeadh tionchar aici ar Mhuir nIocht ar an 5 Meitheamh, an dáta pleanáilte do thuirlingtí D-Day ar ar tugadh Oibríocht Overlord. Nuair a chualathas na tuairiscí i Sasana, ghlaoigh oifigigh ar oifig poist an Fhóid Dhuibh chun na léamha a dheimhniú. Níor fhoghlaim Maureen faoi thábhacht a léamh go dtí 1956. Le linn agallaimh le RTÉ, thug Maureen faoi deara go bhféadfadh Arm na Stát Aontaithe “gach rud a shocrú, ach nach bhféadfaidís an aimsir a réamhshocrú.”

Mar thoradh ar an limistéar lagbhrú, a shainaithin Sweeney, bhí gaotha láidre siar ó dheas sa Mhuir nIocht. Bheadh na farraigí rógharbh dá bharr chun go dtiocfadh le trúpaí teacht i dtír, agus an iomarca scamall ann le go n-éireodh le hoibríochtaí buamála. Thug iomaire ardbhrú sealadach ar an 6 Meitheamh deis iontach do na tuirlingtí. Bhí réamhaisnéiseoirí aimsire na Gearmáine i bhfad níos teoranta san fhaisnéis a bhí ar fáil dóibh, toisc go raibh soithí teoranta acu san Atlantach agus go raibh a stáisiúin aimsire sa Ghraonlainn dúnta. Cé gur aithin pleanálaithe míleata na Gearmáine tús mhí an Mheithimh mar dháta féideartha le haghaidh ionraidh, measadh go raibh tuirlingt dodhéanta mar gheall go raibh an patrún suaite aimsire ag leanúint leis. Scoir siad cuid dá gcuid trúpaí de bheith ar dhualgais chosanta, rud a d’fhág an cósta gan go leor oifigigh shinsearacha.

An observation sheet completed by Maureen on 3rd June 1944

Bileog bhreathnóireachta arna comhlánú ag Maureen ar an 3 Meitheamh 1944

Bhronn rialtas na Stát Aontaithe bonn ar Maureen sa bhliain 2021, inar tugadh aitheantas don chaoi ar chuir a breathnóireachtaí moill 24 uair an chloig ar na tuirlingtí criticiúla, rud a chinntigh a rath agus a shábháil beatha líon mór saighdiúirí SAM le linn na hoibríochta. Cuireadh forógra faoina cuid éachtaí i Leabharlann Chomhdháil na Stát Aontaithe.
Is as Co. Chiarraí ó dhúchas í Maureen, bhog sí go Co. Mhaigh Eo áit ar ghlac sí post in oifig poist an Fhóid Dhuibh. Phós sí mac na máistreása poist, Ted Sweeney, ina dhiaidh sin, agus dheimhnigh seisean a léamha an lá sin in 1944. Bhí sí i gceannas ar an oifig poist go dtí gur scoir sí sna 2000idí. Fuair sí bás i dteach altranais i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ar an 17 Nollaig 2023.
Ba mhaith le Met Éireann ár gcomhbhrón ó chroí a ghabháil le teaghlach Maureen, agus oidhreacht Maureen a cheiliúradh as a ról sa nóiméad cinniúnach seo i stair aimsire na hÉireann agus go hidirnáisiúnta.
Tuilleadh ábhair léitheoireachta:: Tuarascáil Met Éireann ar imeachtaí aimsire eisceachtúla – Réamhaisnéis ar thuirlingtí D-Day

Omaha Beach, June 6, 1944 by Robert F. Sargent, National Archives and Records Administration, Public domain, via Wikimedia Commons

Trá Omaha, 6 Meitheamh, 1944 le Robert F. Sargent, Riarachán na gCartlann agus na dTaifead Náisiúnta, Fearann poiblí, trí Wikimedia Commons