Cumann Meitéareolaíochta na hÉireann Bí Réidh don Samhradh Ag Caint Le Evelyn Cusack - 27 Bealtaine

Beidh an chéad chaint fhíorúil eile de chuid Chumann Meitéareolaíochta na hÉireann dírithe ar an bhfeachtas ‘Bí Ullamh don Samhradh’, le Evelyn Cusack, Ceannaire Réamhaisnéisí Met Éireann, ar siúl Déardaoin 27 Bealtaine ag 7pm. Cláraigh don chaint roimh ré ar Eventbrite nó bí páirteach sa chaint beo anseo.

 

 

Tá anfeachtas BE SUMMER-READY mar chuid de thionscnamh Rialtas na hÉireann chun faisnéis a sholáthar don phobal i gcoitinne ar cheisteanna a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm orthu le linn míonna an tsamhraidh in Éirinn. Comhlánaíonn an feachtas faisnéise poiblí “Be Winter Ready” le f

ada an-rath air.

Evelyn Cusack ag seoladh an fheachtais Bí Réidh don Samhradh ar 21 Aibreán

Evelyn Cusack ag seoladh an fheachtais Bí Réidh don Samhradh ar 21 Aibreán

Le linn míonna an tsamhraidh, éiríonn an-tóir ar uiscebhealaí agus ar thránna na hÉireann. Tugann níos mó daoine cuairt ar an tuath, téann siad i mbun gníomhaíochtaí lasmuigh, tugann siad cuairt ar fheirmeacha teaghlaigh nó tógann siad laethanta saoire thar lear. Tá rioscaí bainteach leis na gníomhaíochtaí seo agus soláthraíonn an leabhrán seo eolas orthu sin. Ina theannta sin, faigheann daoine bás in Éirinn i dtimpistí báite, i dtimpistí feirme, ar ár mbóithre nó ag géilleadh do thinnis a bhaineann leis an samhradh.