Tonnta teasa i gceantair áirithe den Eoraip i Meitheamh 2022

Eisithe ar an Máirt an 21 Meitheamh 2022

Cad a thug an teas go hiardheisceart na mór-roinne? 

Iomaire ardbhrú, a bhí ann cheana, in Iardheisceart na hEorpa faoin 12 Meitheamh 2022, le córas lagbhrú an Atlantaigh idir na hAsóir agus Maidéara, rud a chruthaigh éirí aeir the in iarthar na hEorpa (foinse: EDM). Níor bhog an t-iomaire sin agus d’ardaigh na teochtaí de réir a chéile lá in aghaidh lae. Ba mhinic a bhí na huasteochtaí os cionn 30°C agus 8 go 10°C níos airde ná an mheánteocht chlíomeolaíochta.

@WMO Twitter

@WMO Twitter

Taifid teochta shealadacha

Shroich Saint-Jean-De-Minervois 40°C ar an 16 Meitheamh, an 40°C is luaithe sa Fhrainc riamh. Sháraigh Cottbus sa Ghearmáin taifead teochta 140 bliain d’aois le 39.2°C ar an 19 Meitheamh 2022 (ó 1888, ba é 38.9°C an taifead roimhe sin ar an 29 Iúil 1921). Bhí teocht de 43°C san Andalúis sa Spáinn. Sáraíodh taifead teochta mhí an Mheithimh in iarthar na hOstaire le 36.5°C. Baineadh amach taifid ardteochta i bPoblacht na Seice, sa Pholainn agus san Eilvéis freisin.

Táthar ag súil go mbainfidh an tonn teasa an chuid eile de lár agus deisceart na hEorpa amach sa chéad cúpla lá eile. Meathfaidh stoirm deannaigh Shahárach caighdeán an aeir i ndeisceart na Fraince, san Iodáil, sna hOileáin Bhailéaracha, sa Spáinn agus i Leithinis Bhalcánach.  (foinse: CopernicusAE).

Léigh tuilleadh

Tugann samhlacha réamh-mheastacháin aeráide le tuiscint gur dócha go dtarlóidh tonnta teasa níos minice, go mbeidh siad níos faide agus níos déine, go dtosóidh siad níos luaithe agus go gcríochnóidh siad níos déanaí ná mar a rinneadar.” Keith Lambkin, Ard-Chlíomeolaí.

Cén fáth nach bhfacthas na hardteochtaí sin in Éirinn?

Ar an Satharn, bhí fronta thar oirdheisceart na tíre agus ghlan sé leis i dtreo an oirdheiscirt go mall. Bhraith leoithne aniar aduaidh measartha fionnuar agus choimeád sí na teochtaí íseal. Ar an Domhnach, bhí lagrach de 999 hPa dírithe ar iarthuaisceart na hAlban, lagrach a bhí ag gluaiseacht soir. Mar sin, tá an t-aer in Éirinn ag gluaiseacht soir, ag coimeád teas na mór-roinne amach ónár gcóstaí.

Cad é an tonn teasa clíomeolaíoch in Éirinn?

I dtéarmaí monatóireacht aeráide in Éirinn, tarlaíonn tonn teasa ag stáisiún má tá uasteocht laethúil os cionn 25 céim Celsius (> 25 °C) ann ar feadh cúig (5) lá i ndiaidh a chéile nó níos mó

Go ginearálta in Éirinn, tarlaíonn tonnta teasa i Meitheamh, Iúil agus Lúnasa. Ní raibh ach tonn teasa amháin a thosaigh i mí na Bealtaine (Gorlann na nGleannta, Co. Dhún na nGall in 2012) agus ceithre thonn teasa a thosaigh i mí Mheán Fómhair, iad ar fad laistigh den chéad 2 sheachtain – ceann díobh a tharla i 1959 agus na cinn eile a tharla i 1991. Is é mí Iúil an bhuaicmhí do thonnta teasa in Éirinn. Maireann an gnáth-thonn teasa 6 lá. Bheadh sé neamhchoitianta dá maireadh tonn teasa níos faide ná 9 lá. Mhair an tonn teasa is faide 14 lá i Laois agus in Uíbh Fhailí i mí Lúnasa 1976.

Teochtaí i Meitheamh 2022 go dtí seo

Is é an uasteocht aeir scáthach laethúil is airde in 2022 go dtí seo ná 23.9°C a tharla ar an Déardaoin an 16 Meitheamh 2022 ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath.

Faoi láthair tá dhá thrian de mhí Meithimh 2022 thart agus is é an 41ú Meitheamh is teo ar taifead é (sraith fadtéarmach Oileán na hÉireann, 123 bliain) le meánteocht go dtí inné ag 13.7°C. Tá an luach sin leathchéim os cionn mheánteocht mhí Meithimh sa 20ú haois (1901-2000) agus tá sé cothrom le meánteocht mhí Meithimh 1991-2020 faoi láthair. De ghnáth, bheadh súil againn in Éirinn le teochtaí níos teo i dtreo dheireadh na míosa, agus an samhradh ag bogadh ar aghaidh. Mar sin táimid ag súil go mbeidh Meitheamh 2022 níos teo ná an 41ú is teo. Ní bheidh a fhios againn ar feadh 10 lá eile, áfach.

  • Ba é an Meitheamh is teo a tharla riamh ná 82 bliain ó shini 1940 le 15.4°C.
  • Ba é an Meitheamh is fuaire a tharla riamh ná 50 bliain ó shini 1972 le 11.1°C.
  • Ó na deich Meitheamh is teo ar taifead, tharla leath díobh ó 2005 i leith. Ó na 41 Meitheamh is teo, tharla díreach os cionn trian díobh ó 2003 i leith.
  • Níl aon Mheitheamh ón 21ú haois (2001-2022) ar an liosta de na deich Meitheamh is fuaire. Ó na 41 Meitheamh is fuaire, níor tharla ach 5% díobh ó 2011 ar aghaidh.
Aimhrialtachtaí teochtaí fadtéarmacha Oileán na hÉireann do mhí Meithimh (Meitheamh 2022 suas go dtí an 20 Meitheamh amháin)

Aimhrialtachtaí teochtaí fadtéarmacha Oileán na hÉireann do mhí Meithimh (Meitheamh 2022 suas go dtí an 20 Meitheamh amháin)

 

Coimeád suas chun dáta leis na réamhaisnéisí agus rabhaidh is déanaí:

Réamhaisnéis Náisiúnta

Innéacs UV

Rabhaidh Aimsire

Buaicphointí Mhí na Bealtaine 2022:

Ba í mí Bealtaine 2022 an tríú Bealtaine ba theo in Éirinn go sealadach ar taifead. Ba é 12.6°C an mheánteocht, teocht atá 1.9°C os cionn mheánteocht 20ú haois mhí na Bealtaine (1901-2000) agus 1.3°C os cionn mheánteocht 1991-2020.

  • Ar fud na hEorpa, d’athraigh teochtaí i mí Bealtaine 2022 go mór i gcomparáid le luachanna mheánteochtaí na Bealtaine do 1991-2020. Bhí an aimsir níos teo ná mar is gnách in iarthar na hEorpa de bharr an tionchair Shaháraigh. Sháraigh an Fhrainc, an Spáinn agus an Phortaingéil, i measc tíortha eile, taifid.
  • Ar fud an domhain, ba í Bealtaine an cúigiú Bealtaine ba theo ar taifead, in éineacht le Bealtaine 2018 agus 2021.

Sonraí agus nuacht teochta:

Acmhainní eile:

Is #GrianstadAntSamhraidh agus Lá #ShowYourStipes é inniu. Foinse: showyourstripes.info/l/europe/ireland

Is #GrianstadAntSamhraidh agus Lá #ShowYourStipes é inniu. Foinse: showyourstripes.info/l/europe/ireland