Timthriall an Uisce nó an Timthriall Hidreolaíoch
Baineann Timthriall an Uisce le cúrsaíocht leanúnach uisce idir an Domhan agus an t-atmaisféar. Aistrítear uisce ó na haigéin tríd an atmaisféar chuig na mór-ranna agus ar ais chuig na haigéin trí:
Galú: Éiríonn gal uisce ón ithir chuig an atmaisféar le cabhair ón teas
Trasghalú: Scaoileann plandaí gal uisce isteach san atmaisféar mar chuid dá bhfás
Frasaíocht: Titeann uisce ón atmaisféar go dtí an talamh mar bháisteach, sneachta, clocha sneachta, flichshneachta, etc
Chomh maith leis sin: Sreabhadh dromchla, rith chun srutha agus próisis eile níos casta.

Tá an comhad seo ceadúnaithe faoi Cheadúnas Idirnáisiúnta Sannta Creative Commons- Attribution-Share Alike 4.0.
Cé go bhfanann méid iomlán an uisce sa timthriall beagnach seasmhach, bíonn a dháileadh idir na próisis éagsúla ag athrú i gcónaí.
Timthriall an Uisce agus Athrú Aeráide
Is dócha go bhfuil athrú aeráide ag luasghéarú codanna den timthriall uisce de réir mar a mhéadaíonn teochtaí domhanda an ráta galaithe.
Níl na rátaí méadaithe galaithe agus frasaíochta scaipthe go cothrom ar fud an domhain. D’fhéadfadh roinnt ceantar níos mó frasaíochta ná mar is gnách a fháil, agus d’fhéadfadh ceantair eile a bheith níos so-ghabhálaí do thriomaigh de réir mar a athraíonn suíomhanna traidisiúnta criosanna báistí agus fásaigh.
Timthriall an Uisce agus Feirmeoireacht.
Tá timthriall an uisce riachtanach don fheirmeoireacht, agus bíonn tionchar ag an bhfeirmeoireacht ar an timthriall freisin. Ní hamháin go n-úsáideann plandaí uisce le maireachtáil, ach is féidir leo féin agus an ithir uisce a choinneáil agus a scaoileadh ar rátaí éagsúla. Is é atá i gceist le imghalú ná taise a scaoileadh ó phlandaí, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thaise an aeir agus ar éagobhsaíocht. Is féidir le hatmaisféar te agus tais báisteach níos troime a chruthú agus coinníollacha fabhracha a sholáthar d’fhorbairt ceathanna. Má bhíonn an t-aer te, tais agus athraitheach go leor, samhlaigh carn aeir atá níos teo ná an t-aer ina thimpeall ach nach réitíonn an dá cheann le cheile, cruthófar scamaill ag leibhéal áirithe agus d’fhéadfadh frasaíocht tarlú, rud a chríochnaíonn an timthriall. Má fhanann an carn aeir níos teo ná an t-aer thart air, leanfaidh sé ag ardú mura mbíonn ciseal níos teo aeir á chosc, rud a d’fhéadfadh ceathanna troma nó stoirmeacha toirní a chruthú.
Má chuirtear cosc ar an gcomhiompar, fanfaidh an t-aer te tais an-tais, ach athdháilfear é sa deireadh agus titfidh an t-uisce mar bháisteach in áit eile. D’fhéadfadh sé seo dáileadh míchothrom báistí a chruthú agus tuilte i gceantair áirithe agus triomach i gceantair eile.
Tá cothromaíocht riachtanach don fheirmeoireacht. De ghnáth ní chruthaíonn aeráid mheasartha na hÉireann triomaigh ná báisteach iomarcach, ach leis an athrú aeráide tá níos mó imeachtaí foircneacha feicthe againn a d’fhéadfadh dochar mór a dhéanamh don earnáil talmhaíochta má éiríonn siad níos déine agus níos minice. D’fhéadfadh sé seo brú breise a chur ní hamháin ar aibhneacha agus ar lochanna ach freisin ar fhoinsí uisce d’ainmhithe agus do dhaoine.
Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin go mbíonn limistéir ina mbíonn triomach dian nó báisteach leanúnach le fáil níos minice i réigiúin níos teo. Is minic a chothaíonn na limistéir sin a dtimthriallta féin, bíonn níos lú báistí mar thoradh ar aer níos tirime, mar a fheictear sna fásaigh, agus bíonn níos mó báistí i gceantair níos fliche, amhail na foraoisí báistí. De réir mar a théann an pláinéad i dtreo aeráide níos teo, is dócha go mbeidh níos mó réigiún faoi thionchar na bhfoircneacha seo.