Luathrabhaidh do Chách: Gach duine a Chosaint ó Imeachtaí Adhaimsire
Ar fud an domhain, meastar gur chosain teagmhais aimsire fhoircneacha a bhaineann leis an athrú aeráide os cionn €130 billiún in aghaidh na bliana le dhá scór bliain anuas. Is ionann sin agus thart ar €15m gach uair an chloig agus is dócha gur tearcmheastachán é mar gheall ar easpa sonraí ó thíortha ar ioncam íseal.
Is tionscnamh domhanda é ‘Luathrabhaidh do Chách’ faoi stiúir na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta (ESM) agus Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Riosca Tubaiste.
Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh a chinntiú go gcosnaítear gach duine ar an Domhan ó imeachtaí aimsire, uisce nó aeráide contúirteacha faoi dheireadh 2027. Tá freagracht shonrach ar an EDM maidir le breathnóireacht, anailís agus réamhaisnéis imeachtaí aimsire foircneacha ar fud an domhain a chomhordú.
Cosúil le rabhaidh aimsire Met Éireann, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh Luathrabhaidh do Chách réamhfhógra a thabhairt faoi theagmhais aimsire fhoircneacha, rud a chuirfidh ar chumas foirne freagartha éigeandála a shlógadh, daoine agus maoin a chosaint, agus iarmhairtí tubaisteacha a sheachaint.
Fuarthas amach i dtuarascáil 2023 ar stádas domhanda na gcóras luathrabhaidh ilghuaise go dtuairiscíonn 101 tír anois go bhfuil córas luathrabhaidh acu, rud a léiríonn dúbailt ar an gclúdach ó 2015.
Cé go bhfuil an dul chun cinn seo go hiontach, ciallaíonn sé fós nach bhfuil córais luathrabhaidh ilghuaiseacha i bhfeidhm ag beagnach leath de thíortha an domhain, go príomha réigiúin leochaileacha amhail na Tíortha is Beagfhorbartha (TBF) agus Stáit Oileáin Bheaga atá i mBéal Forbartha (SOBBF).
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Eoin Moran, Stiúrthóir Met Éireann agus Dara Leas-Uachtarán an EDM a bhfuil freagracht air as cur chun feidhme Luathrabhaidh do Chách a threorú: “De réir mar a fheicimid tionchair mhéadaitheacha imeachtaí aimsire foircneacha ar fud an domhain, ní mór do gach pobal, go háirithe na daoine is leochailí, a bheith athléimneach do thionchar na hadhaimsire, na haeráide, na dtuilte agus an triomaigh. Tá córais luathrabhaidh riachtanach chun beatha a shábháil, maoin a chosaint, agus caillteanais eacnamaíocha a laghdú”.
Níos mó Stáisiún Aimsire ag teastáil
Tá breathnóireachtaí agus sonraí ó stáisiúin aimsire ardchaighdeáin riachtanach chun réamhaisnéisí aimsire cruinne agus córais luathrabhaidh a tháirgeadh. Tá gá le níos mó stáisiúin aimsire, go háirithe i réigiúin ar bheagán sonraí ar fud an domhain, amhail na tíortha TBF agus SOBBF, chun monatóireacht iontaofa a dhéanamh ar chontúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann.
Tá comhbhuntáistí ag baint le stáisiúin aimsire a bhunú i réigiúin tearcionadaithe an domhain. Mar shampla, soláthraíonn stáisiún aimsire atá bunaithe le blianta fada monatóireacht chruinn ar an gcaoi a bhfuil an aeráid i réigiún ar leith ag athrú, agus is féidir leis cabhrú le réamh-mheastacháin aeráide a fheabhsú do na réigiúin seo.
Tacaíocht Airgeadais
Is féidir costas mór a bheith ann an bonneagar atá ag teastáil chun stáisiúin aimsire agus córais luathrabhaidh a bhunú agus a chothabháil. Is sásra maoinithe de chuid na Náisiún Aontaithe é an tSaoráid Mhaoinithe Breathnóireachtaí Córasacha (SMBC) a cruthaíodh chun maoiniú a sholáthar do thíortha leochaileacha chun an bhearna sonraí breathnóireachta aimsire agus aeráide a dhúnadh.
Bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha a thacaigh leis an gciste seo, agus gheall sí €4m in 2022 trí Chúnamh Éireann. Gheall an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha, agus an tAire Cosanta, Micheál Martin, méadú breise de luach €1m ar ranníocaíocht airgeadais na hÉireann leis an gciste seo ag comhdháil aeráide COP28.
Tá fíordhifríocht á déanamh ag an sásra SMBC cheana féin trí chabhrú le tíortha leochaileacha a mbonneagair monatóireachta aimsire agus aeráide a thógáil agus a fheabhsú, agus tá sé seo ag cabhrú le huaillmhianta an tionscnaimh Luathrabhaidh do Chách a bhaint amach.
Trí mhaoiniú aeráide a chur ar fáil trí SMBC agus trí chur chun feidhme an tionscnaimh Luathrabhaidh do Chách a threorú, tá Éire ag cosaint beatha agus slite beatha sna tíortha leochaileacha agus is lú forbairt, agus ag an am céanna, cuirtear feabhas ar réamhaisnéisí aimsire domhanda a rachaidh chun tairbhe mhuintir na hÉireann.
