Dáileadh báistí séidte in Éirinn

Tá aeráid na hÉireann ag athrú. Mar thoradh air sin, mhaoinigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tionscadal Met Éireann chun ‘léarscáileanna agus sonraí aeráide a nuashonrú chun tacú le caighdeáin dearaidh foirgneamh in Éirinn’. Ba é aidhm an taighde seo léarscáil den Innéacs Báistí Séidte le haghaidh Dromchlaí Ingearacha a tháirgeadh, den chéad uair, de réir I.S. EN ISO 15927-3:2009 agus bunaithe ar shonraí in aghaidh na huaire ón ngnáthnós aeráide 1991 – 2020 is déanaí le húsáid i ndearadh foirgneamh chun athléimneacht a fheabhsú chun tacú le hoiriúnú don athrú aeráide in Éirinn.

D’fhéadfadh báisteach séidte ag gaoth in aghaidh balla a ionsú go páirteach nó dul isteach trí scoilteanna sa bhalla, rud a mhéadaíonn an baol damáiste do chreatlach an fhoirgnimh. Is iondúil go dtéann báisteach isteach trí bhearnaí agus scoilteanna in aghaidheanna foirgneamh agus timpeall imill na ndoirse agus na bhfuinneog tar éis tréimhsí gearra de bháisteach throm agus gaotha. Braitheann tionchar na báistí ar fhoirgnimh ar dhéine báistí, fad, luas na gaoithe agus treo na gaoithe.

Rachaidh aschuir an taighde seo chun sochair do raon leathan cinnteoirí atá ag comhoibriú faoi láthair le Met Éireann, amhail an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, ARUP agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Beidh an tuarascáil seo mar bhonn eolais freisin do bheartas maidir le príomhbhonneagar náisiúnta a chur i bhfeidhm, mar thithíocht agus athchóiriú foirgneamh.
Tagann an léarscáil nua in ionad na léarscáile roimhe sin a d’fhoilsigh Met Éireann in 2010agus 2023 agus ba cheart do chinnteoirí glacadh léi. Táthar ag súil go mbeidh an míniú mionsonraithe ar chur i bhfeidhm mhodheolaíocht I.S. EN ISO 15927-3:2009 ina chabhair do rialtóirí in áiteanna eile agus iad ag glacadh leis an modheolaíocht seo ina ndlínsí féin.
Léigh an tuarascáil iomlán:
Mateus, C., agus Coonan, B. 2024. Distribution of driving rain in Ireland. Climatological Note No. 17. Met Éireann.

Tuairisc CC by NC SA copyright detailsTá an obair seo ceadúnaithe faoi Cheadúnas Idirnáisiúnta Sannta Creative Commons-NonCommercial-ShareAlike -Sharealike 4.0..

Spell map index (mS) of driving rain against vertical surfaces for the period 1991 – 2020 for Ireland (I.S. EN ISO 15927 32009).

Innéacs léarscáile tréimhsí de bháisteach shéidte (mS) i gcoinne dromchlaí ingearacha don tréimhse 1991 – 2020 d’Éirinn (I.S. EN ISO 15927 32009).