Réamhaisnéis Néimeatóidíris na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara 2023

Tógtha ó Phreaseisiúint de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) ar gov.ie .

Réamhrá

Gach earrach, cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM), i gcomhpháirt le Met Éireann, UCD, agus Teagasc, comhairle ar fheirmeoirí maidir leis an riosca galair tuartha, in uan go príomha, a bhaineann leis an gcruinnphéist ar a dtugtar Nematodirus battus.

An Galar

Is galar seadánach dian é Néimeatóidíreas a thugtar faoi deara in uain nuair a bhíonn siad idir 6 agus 12 sheachtain d’aois. Ionfhabhtaítear iad nuair a ionghabhann siad líon mór larbhaí ionfhabhtaíocha nuair a bhíonn siad ag innilt ar fhéarach éillithe. Níl saolré N. battus cosúil le saolré cruinnphéisteanna eile toisc nach dtagann larbhaí ionfhabhtaíocha as na huibheacha a leagtar ar féarach go dtí an bhliain dar gcionn. Tarlaíonn sé sin i rith teagmhas breithe ollmhór san earrach nuair a théann teocht na hithreach tar éis tréimhse aimsire fuaire. Tarlaíonn an galar i míonna Aibreáin, Bealtaine agus Meithimh de ghnáth.

Tar éis d’uain na larbhaí Néimeatóidíreas a ionghabháil, téann an larbha isteach trí bhalla na stéige. Is iad na saintréithe a luaitear leis an ngalar ná buinneach raidhsiúil, díhiodráitiú agus cailliúint meáchain. D’fhéadfadh an tionchar céanna a bheith ag an ngalar ar laonna. Sa chás go dtarlaíonn ráig, is féidir grúpa uan a fheiceáil ag bailiú thart ar umair uisce de bhrí go mbíonn tart uafásach orthu. Ní chuireann an seadán isteach ar chaoirigh fhásta.

Conas an galar a chosc

Is é an bealach is fearr chun cosc a chur ar an ngalar seo ná trí uain na bliana reatha a choimeád as féarach na bliana seo caite a ndearna uain nó gamhna óga (ar féidir leo a bheith ina n-iompróirí ionfhabhtaithe) innilt air an bhliain roimhe sin. Tá fiontair a bhfuil rátaí stocála arda acu leochaileach. Tá baol níos mó luaite le huain chúpla, nó uain aonair de chuid caorach le droch-chumas bleáin, an galar a fháil toisc go dtosaíonn siad ag ithe níos mó féir níos luaithe ina saol. Má tá féarach ‘glan’ ar fáil, ba cheart uain mar seo a bhogadh ar dtús a bheith mar thosaíocht.

An uair a atáthar ag súil le buaicghoradh uibheacha i mbliana

Táthar ag súil go mbeidh tréimhse buaicghortha uibheacha uasta Néimeatóidíris le tabhairt faoi deara i mbliana idir deireadh mhí an Mhárta agus laethanta tosaigh mhí Aibreáin ar imeall chósta an deiscirt agus chósta an Atlantaigh. San oirthear, i lár na tíre agus i gceantair intíre an iarthuaiscirt beidh sé beagán níos déanaí, agus is gnách go dtarlaíonn an tréimhse buaicghortha uibheacha idir an 6-12 Aibreán. Tá eolas le fáil ar an léarscáil thíos maidir le huainiú tréimhsí buaicghortha uibheacha Néimeatóidíris ar fhéarach.

Estimation day in April 2023 of max Netatodirus hatching

Lá meastacháin i mí Aibreáin 2023 do ghoradh uasta Néimeatóidíris

Cathain ar cheart cóireáil a chur ar uain

Ba cheart uain atá i mbaol (idir 6 agus 12 sheachtain d’aois de ghnáth agus ag innilt ar fhéarach éillithe) a chóireáil thart ar sheachtain tar éis tréimhse buaicghortha uibheacha Néimeatóidíris.

Ba cheart smaoineamh ar dháileog a thabhairt d’uain níos luaithe ar fheirmeacha aonair sa chás go bhfuil comharthaí cliniciúla ann atá ag teacht le Néimeatóidíreas, toisc go bhfuil na treoirlínte cóireála thuas bunaithe ar bhuaicghoradh measta uibheacha