Tábla Tréimhsí Toradh Báistí

Féach Sampla (PDF document 10kb)

  • Bíonn faisnéis ag teastáil go minic ó innealtóirí, ailtirí agus daoine eile faoi mhinicíocht trombháistí, maidir le critéir do scéimeanna bainistithe uisce nó draenála de ghnáth. Ní bheadh sé eacnamúil i bhformhór na gcásanna córas a thógáil a bheadh in ann plé leis an mbáisteach is troime a d’fhéadfadh a bheith ann, fiú má bhíonn a mhéid sin ar eolas againn. In ionad sin, is gnách an córas a dhearadh ionas go mbeadh sé in ann glacadh le báisteach nach sárófaí ach uair amháin i líon áirithe blianta (tréimhse toraidh).
  • Le samhail fad minicíocht doimhneachta is féidir minicíochtaí pointí báistí a mheas do réimse fadtréimhse i suíomh ar bith in Éirinn. Tá an tsamhail comhdhéanta d’innéacs (meánach) báistí agus cuar fáis loighciúil a chuireann iolróir den bháisteach innéacs ar fáil. Scríobhadh feidhmchláir ríomhaire chun an tsamhail a fheidhmiú agus torthaí na báistí tréimhse toraidh a tháirgeadh.
  • Le tacar na luachanna paraiméadair a achoimriú ar ghaol Fhad–Doimhneacht-Minicíocht (FDM) báistí is féidir meastacháin chomhsheasmhacha de mhinicíochtaí pointí báistí a tháirgeadh thar tréimhsí sa raon idir 5 nóiméad agus 25 lá. Úsáidtear na meastacháin seo in áit meastacháin Logue (1975).
  • Leis an tsamhail seo is féidir minicíochtaí báistí a mheas i suíomh ar bith. Ar dheis is féidir Foirm Ordaithe a chur isteach chun tábla Tréimhsí Toraidh Báistí a fháil. Cuir isteach Comhordanáidí Tíreolaíocha, Oirlíne agus Tuaidhlíne, don suíomh atá uait. Gearrtar táille atá bunaithe ar chostais imeallacha amháin.

An Modh a úsáidtear chun Minicíochtaí Báistí Pointe a Mheas

Íoslódáil (PDF document)

Iarrtar Tábla Tréimhsí Toradh Báistí

Má chuireann tú na sonraí ábhartha isteach thíos cuirfear tábla chuig do sheoladh ríomhphoist.