Séimh agus grianmhar.Fliuch den chuid ba mhó, ní ba thirime sa Deisceart
Bhí mí an Mhárta 2026 séimh agus grianmhar go ginearálta, agus fliuch sa chuid ba mhó den tír. Bhí córas Atlantach gluaisteach ann lenar raibh gaotha aneas agus aniar, chomh maith le báisteach agus ceathanna, a bhí trom in amanna. Taifeadadh iomláin bháistí a bhí os cionn a Meáin Fhadtéarmaigh (MFT) don tréimhse 1991-2020 le haghaidh na míosa ag formhór na stáisiún. Bhí an Deisceart agus an tOirdheisceart ní ba thirime ná an meán. Bhí laethanta tirime agus grianmhara ann de bharr tréimhsí ardbhrú. Taifeadadh teochtaí a bhí os cionn a MFT i ngach stáisiún agus b’ionann an mheánteocht náisiúnta i mí an Mhárta agus 7.97 °C. Bhí teochtaí ní b’ísle agus ceathanna geimhridh i lár na míosa chomh maith le haimsir ní ba ghaofaire go háirithe sa tuaisceart agus san iarthuaisceart. Bhí meascán d’aimsir fhliuch agus thirim ag deireadh na míosa.
Príomhfhigiúirí:
- B’ionann an mheánteocht náisiúnta i mí an Mhárta agus 7.97 °C, rud a d’fhágann gurbh í an 16ú mí an Mhárta ba theo í ó bhí 1900 ann
- Tá 7.97 °C 1.51 °C os cionn MFT 1961-1990 agus 0.84 °C os cionn MFT 1991-2020
- Tuairiscíodh teocht ab airde na míosa ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí Déardaoin an 19 agus b’ionann í sin agus 19.1 °C (an uasteocht is airde le haghaidh mhí an Mhárta ó bhí 2012 ann).
- I mí an Mhárta 2026 bhí báisteach ní ba fhliche ná mar a bhí de ghnáth, agus 108% de MFT 1991-2020 (102.1mm) ann, agus tá sí rangaithe mar mhí an Mhárta is fliche ó bhí 1941 ann.
- Ba é an t-iomlán báistí laethúil ab airde ná 35.2 mm ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe Dé Máirt an 24.

Buaicphointí Ráitis Aeráide le haghaidh mhí an Mhárta.
Bhí mí an Mhárta 2026 séimh agus measartha fliuch ar an iomlán. Le lagbhrú san iarthuaisceart agus ardbhrú san oirdheisceart, bhí córas Atlantach gluaisteach ar feadh an chuid ba mhó den mhí agus bhí gaotha aneas agus gaotha aniar ann den chuid ba mhó. Mar thoradh air sin, bhí tréimhsí báistí nó ceathanna fronta in amanna, a bhí trom ó am go ham, ach tréimhsí freisin inar raibh roinnt laethanta tirime agus taitneamh gréine cineálta an earraigh le hiomairí ardbhrú sealadacha.
Sa chéad seachtain bhí ísealbhrú san iarthuaisceart ag brú frontaí aimsire gníomhaí trasna na tíre aniar Dé Domhnaigh an 1 agus Déardaoin an 4, agus bhí báisteach throm in áiteanna. De bharr ardbhrú sa deisceart agus san oirthear, bhí aimsir ní ba thirime agus ní bha ghrianmhaire ann ar laethanta eile.
Bhí sé i bhfad ní ba ghaofaire sa dara seachtain agus bhí báisteach nó ceathanna ann an chuid ba mhó de na laethanta agus córais ísealbhrú dhoimhne. Shéid báisteach throm fhorleathan, a bhí toirniúil in amanna, trasna na tíre Déardaoin an 12 agus bhí roinnt laethanta fionnuara ann ina dhiaidh sin ina raibh ceathanna geimhridh .
Bhí ísealbhrú i mbarr réime san Iardheisceart sa tríú seachtain, a shéid frontaí aimsire, agus roinnt ceathanna, trasna na tíre in aershreabhadh aniar. Mhéadaigh ardbhrú ar fud na tíre le linn an dara leath den tseachtain agus mar gheall air sin bhí tréimhse shéimh, ghrianmhar ann a bhí measartha te agus tirim idir Déardaoin an 19 agus Dé Sathairn an 21.
Le linn na ndeich lá deiridh den mhí d’fhill córas Atlantach gluaisteach ar ais agus bhí tréimhsí breise báistí agus ceathanna ann, lena n-áirítear báisteach throm fhronta ag trasnú na tíre Dé Máirt an 24, agus roinnt laethanta anseo is ansiúd ann a bhí tirim den chuid ba mhó.
Báisteach: Os cionn an mheáin sa chuid ba mhó d’áiteanna, tirim sa Deisceart agus san Oirdheisceart
Bhí an chuid ba mhó de na hiomláin báistí míosúla os cionn a Meáin Fhadtéarmaigh (MFT) don tréimhse 1991-2020. Bhí an céatadán de na luachanna báistí míosúla idir 51% (37.2 mm) ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus 156% (112.0 mm) ag an nGoirtín, Co. Thiobraid Árann. Bhí iomláin mhíosúla na báistí idir 37.2mm (51% dá MFT) ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus 168.7mm (130% dá MFT) ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Ba é an t-iomlán báistí laethúla ab airde ná 35.2 mm ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe Dé Máirt an 24 (an bháisteach laethúil ab airde le haghaidh mhí an Mhárta ar taifead (fad 35 bliain)).
Bhí líon na laethanta báistí* idir 15 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 26 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo agus ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí araon. Bhí líon na laethanta fliucha* idir 7 lá ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus 20 lá ag roinnt stáisiún. Ní raibh aon laethanta an-fhliuch* ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman, ach bhí 6 lá an-fhliuch ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo.

% Báistí de Mheán Míosúil 1991 – 2020 le haghaidh mhí an Mhárta 2026 (Sealadach). Titim Báistí Mhíosúil Iomlán (mm) do mhí an Mhárta 2026 (Sealadach).
Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit
Bhí na meánteochtaí aeir go léir ar fud na tíre os cionn MFT le haghaidh na míosa. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir 0.6 °C ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus Réadlann Dhairbre, Co. Chiarraí (meánteocht 8.2 °C, 8.7 °C faoi seach) agus 1.2 °C ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath (meánteocht 8.1 °C). Bhí meánteochtaí le haghaidh na míosa idir 6.8 °C (1.1 °C os cionn a MFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 8.9 °C (0.8 °C os cionn a MFT) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí. Tuairiscíodh teocht ab airde na míosa ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí Déardaoin an 19, teocht 19.1 °C (an teocht is airde i mí an Mhárta ó bhí 2012 ann). Taifeadadh íosteocht aeir ab ísle na míosa Dé hAoine an 6 ag Marcréidh, Co. Shligigh, arbh ionann í agus -3.8 °C, agus bhí an íosteocht féir ab ísle a tuairiscíodh cothrom le -8.6 °C ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath Dé Máirt, an 3.
Thuairiscigh gach stáisiún sioc talún i rith na míosa. Bhí líon na laethanta nuair a bhí sioc talún ann idir 3 lá ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí agus 18 lá ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc aeir. Ní raibh aon laethanta nuair a bhí sioc aeir ann ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe ach bhí 7 lá den sórt sin ag Marcréidh, Co. Shligigh agus ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin araon.

Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath Teocht: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT i mí an Mhárta 2026 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Teocht ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT i mí an Mhárta 2026 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.
Taitneamh Gréine: Os cionn an mheáin, ní ba ghrianmhaire san Oirthear
Bhí gach iomlán taitnimh gréine atá ar fáil os cionn a MFT. Bhí an céatadán de na luachanna taitnimh gréine mhíosúil idir 109% (121.1 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 129% (138.1 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí na hiomláin taitnimh gréine mhíosúil idir 108.0 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí agus 143.0 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath. Ba é an líon ab airde uaireanta taitnimh gréine laethúil a taifeadadh an mhí seo ná 11.4 uair an chloig ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman Dé Sathairn an 21 agus Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí Déardaoin an 19. Bhí líon na laethanta gruama* idir 3 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 10 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.

Uaireanta Taitnimh Gréine Ghil a breathnaíodh ag naoi stáisiún gach lá de mhí an Mhárta 2026, curtha le chéile de réir cúige i gcoibhneas leis an líon is airde uaireanta is féidir faoi dheireadh na míosa (bosca scáthlínithe).
Gaoth: Tuairiscíodh gaotha Fórsa Stoirme ag stáisiún amháin
Bhí na meánluasanna gaoithe míosúla idir 6.4 muirmhíle san uair (11.9 km/u) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí agus 17.3 muirmhíle san uair (32.0 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh gálaí ar 12 lá i rith na míosa agus tuairiscíodh gálaí láidre Dé Céadaoin an 11, Déardaoin an 12, Dé hAoine an 13, Dé Domhnaigh, Dé Máirt an 24 agus Dé Céadaoin an 25. Bhí meánluasanna gaoithe aniar aduaidh chomh hard le fórsa stoirme Dé Céadaoin an 25 ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta a raibh gálaí idir lá ar bith ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 9 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Ní raibh aon laethanta ina raibh gaotha suas le gálaí láidre ag formhór na stáisiún ach bhí 5 lá den sórt sin ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Ba é líon na laethanta ina raibh gaotha fórsa stoirme ná lá amháin ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall.
Tuairiscíodh séideán ab airde agus meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde na míosa ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall Dé Céadaoin an 25. Ba é an séideán ab airde ná 62 muirmhíle san uair (115 km/u) agus ba é meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde na míosa ná 48 muirmhíle (89 km/u). Sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí, bhí an séideán ab airde le haghaidh mhí an Mhárta ó bhí 2008 ann Dé Domhnaigh an 15, arbh ionann é agus 45 muirmhíle san uair (83 km/u). I mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, bhí an meánluas gaoithe míosúil ab airde le haghaidh mhí an Mhárta (15.1 muirmhíle) ó bhí 1999 ann agus in Aerfort Chnoc Mhuire bhí an meánluas gaoithe míosúil ab airde le haghaidh mhí an Mhárta (11.9 muirmhíle) ó bhí 2008 ann.

An Meánluas Gaoithe 10 nóiméad Uasta (km/u) ag gach stáisiún ar gach lá curtha le chéile de réir cúige agus i gcoibhneas lena gcritéir rabhaidh agus lena dTaifead Náisiúnta le haghaidh mhí an Mhárta 2016.
Tá tuarascáil PDF agus cairteacha ina n-iomláine ar fáil anseo

Luachanna foircneacha le haghaidh mhí an Mhárta 2026 ag stáisiúin shionoptacha.
Notes to Editor:
- *Eisithe ag Met Éireann 2 Aibreán 2026. Tá an tuarascáil seo bunaithe ar réamhshonraí atá ar fáil ó 25 príomhstáisiún aimsire arna n-oibriú ag Met Éireann. Is í meán oíche go meán oíche AUL an tréimhse a chlúdaíonn sonraí stáisiúin shionoptacha. Tagraíonn Meánleibhéil Fhadtéarmacha (MLFTanna) agus “meán” don tréimhse 1981-2010.
- Is lá fliuch é lá le 1.0 mm nó níos mó de thitim bháistí. Is lá gruama é lá le níos lú ná 0.5 uair an chloig de thaitneamh gréine. Is lá an-fhliuch é lá le 10.0 mm nó níos mó de thitim bháistí.
- Tréimhsí tirime aeráideolaíochta – Sainmhínítear dearbhthriomach mar shraith 15 lá as a chéile nó níos mó nach dtaifeadann aon lá aonair 0.2 mm nó níos mó de fhrasaíocht. Is é páirt-triomach tréimhse 29 lá nuair nach mó an mheántitim báistí laethúil agus ná 0.2 mm. Sainmhínítear tréimhse thirim mar thréimhse 15 lá as a chéile nó níos mó, nach bhfaigheann aon cheann acu 1.0 mm nó níos mó de fhrasaíocht (i.e., an t-iomlán laethúil níos lú ná 1.0 mm).
- Tarlaíonn tonn teasa nuair a bhíonn 5 lá as a chéile nó níos mó ann a bhfuil an uasteocht os cionn 25°C (is é sin, uasteocht laethúil an aeir scáthláin > 25° C).
- The ‘Island of Ireland’ dataset is 125 years long and runs between 1900 and 2023. For this dataset the long term averages from the 1961-1990 reference period are used for comparison as is standard for long-term climate change assessments.
- Tagann sonraí gréine ón Líonra Autosol. Ní úsáidtear MLFTanna do na suímh seo faoi láthair chun críocha comparáide.
- Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le Met Éireann ag 01-8064200 nó seol r-phost chuig enq@met.ie.