Níos fliche agus níos gruama ná mar is iondúil
Shéid brú ard i dtuaisceart na hÉireann ag tús mhí an Mhárta i dtreo na Graonlainne, rud a thug deis do chórais ísealbhrú an Atlantaigh brú isteach ón iardheisceart agus an lámh in uachtar a bheith acu don chuid eile den mhí. I rith na chéad seachtaine, bhí brú ard mar bhonn le haimsir a bhí tirim, fionnuar agus scamallach den chuid is mó. I dtreo dheireadh na chéad seachtaine, d’imigh an córas ardbhrú, rud a lig d’aermhais Artach fhuar bogadh ó dheas os cionn na tíre, aermhais a bhuail le córais ísealbhrú an Atlantaigh a bhí ag taisteal aníos ón iardheisceart. Stiúir Stoirm Larisa, ainmnithe ag Meteo na Fraince, frontaí aimsire gníomhacha os cionn na tíre aneas ar an Déardaoin, an 9ú lá, fad is a bhog an lár íseal ón iarthar go dtí an t-oirthear díreach amach ó dheisceart na tíre. Báisteach throm, in éineacht le gaotha láidre anoir, a bhí ann ar dtús agus ansin a d’iompaigh go flichshneachta agus sneachta nuair a bhuail an bháisteach le haermhais Artach fhuar os cionn na hÉireann, rud a d’fhág go raibh brat sneachta le feiceáil in go leor áiteanna. D’éirigh an aimsir níos séimhe i dtreo lár an dara seachtain tráth a raibh báisteach fronta le feiceáil agus aermhais mhuirí thrópaiceach os cionn na tíre, ón oirdheisceart. Lean an patrún seo ar aghaidh don chuid eile den mhí, le córais ísealbhrú an Atlantaigh san iarthar agus san iardheisceart, a bhí ag stiúradh go leor bandaí báistí, le corr cith anois is arís, toirneach uaireanta, os cionn na tíre le linn aershreabhadh cioclónach a bhí réasúnta séimh. Bhí báisteach nó ceathanna báistí le tabhairt faoi deara beagnach gach lá, agus thit an bháisteach is troime sa Deisceart agus san Oirthear.
Titim Báistí: Os cionn an mheáin i ngach áit beagnach, an aimsir is fliche sa Deisceart agus san Oirthear
Bhí an chuid is mó de na hiomláin mhíosúla bháistí os cionn a Meáin Fhadtéarmaigh (MFT) 1981-2010. Bhí céatadán na luachanna míosúla titime báistí idir 90% (leibhéal titime báistí is lú i rith na míosa, cothrom le 93.2 mm) ag Fionnúir, Co. Dhún na nGall agus 227% (an titim báistí iomlán mhíosúil, cothrom le 119.3 mm) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath (an mhí is fliche ó mhí an Mhárta 1947). Bhí an titim báistí mhíosúil iomlán cothrom le 239.2 mm (193% dá MFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí (an mhí is fliche ó mhí an Mhárta 1963). Taifeadadh an titim báistí laethúil iomlán is airde, a bhí cothrom le 34.7 mm, ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí, ar an Déardaoin an 9ú lá (an titim báistí laethúil is airde i mí an Mhárta ó 2013). Bhí líon na laethanta báistí idir 22 lá i gClár Chlainne Mhuiris, Co Mhaigh Eo agus 28 lá ag Páirc na Darach, Co. Cheatharlach. Bhí líon na laethanta fliucha idir 18 lá i gCionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus 23 lá ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Bhí líon na laethanta an-fhliuch idir lá ar bith ag Fionnúir, Co. Dhún na nGall agus 10 Lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Thaifead ceithre stáisiún an Márta is fliche riamh. Seo a leanas na stáisiúin a bhí i gceist – Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, 185.9 mm (tréimhse an taifid 32 bliain), Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe, 151.2 mm (tréimhse an taifid 18 mbliana), Cluain Creamha, Co. Ros Comáin, 169.8 mm (tréimhse an taifid 18 mbliana) agus Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath, 109.3 mm (tréimhse an taifid 59 bliain). I dteannta Aerfort Bhaile Átha Cliath, taifeadadh an Márta is fliche ó 1947 i bPáirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath, 121.3 mm. Taifeadadh an Márta is fliche ó 1978 i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo, 164.5 mm, agus taifeadadh an Márta is fliche ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí, ón mbliain 1981, 211.3 mm. Taifeadadh an Márta is fliche ón mbliain 1989 ar Inis Arcáin, Co. Chorcaí, 179.6 mm, agus taifeadadh an Márta is fliche ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí, ón mbliain 1996, 144.4 mm.

% Titim Báistí Mheán Míosúil 1981 – 2010 do mhí an Mhárta 2023 (Sealadach).

Titim Báistí Mhíosúil Iomlán (mm) do mhí an Mhárta 2023 (Sealadach).
Teocht: Os cionn an mheáin i mbeagnach gach áit i ndiaidh an túis fhuair a cuireadh leis an mí
Bhí beagnach gach meánteocht aeir os cionn an MFT don mhí. Taifeadadh athruithe ar mheánteocht aeir don mhí a bhí idir -0.3 °C (6.6 °C meánteocht) ag Marcréidh, Co. Shligigh agus 1.1 °C (7.7 °C meánteocht) ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí an mheánteocht don mhí idir 6.0 °C (0.3 °C os cionn a MFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 8.4 °C (0.1 °C faoina MFT) ar Inis Arcáin, Co. Chorcaí. Tuairiscíodh an teocht is airde den mhí ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath, ar an gCéadaoin, an 29ú lá, agus bhí an teocht cothrom le 17.1 °C. Tuairiscíodh íosmhéid aeir is ísle na míosa ar an Luan, an 27ú lá, ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, -4.3 °C, agus bhí an t-íosmhéid féir is ísle a taifeadadh cothrom le -11.1 °C ag Marcréidh, Co. Shligigh, ar an gCéadaoin, an 8ú lá. Thuairiscigh gach stáisiún sioc talún i rith na míosa. Bhí líon na laethanta nuair a bhí sioc talún ann cothrom le idir 3 lá ar Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus 16 lá ag cúpla stáisiún. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc aeir. Bhí líon na laethanta ar taifeadadh sioc aeir idir lá ar bith ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus 8 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh agus ag Fionnúir, Co. Dhún na nGall freisin.

Difríocht teochta mhí an Mhárta 2023 i gcomparáid le MFT 1981-2010 ag stáisiúin shionoptacha
Taitneamh Gréine: Gruama tríd is tríd, an tIarthuaisceart an áit is grianmhaire
Bhí gach figiúr iomlán míosúil a bhí ar fáil faoi thaitneamh gréine faoi bhun a MFT. Bhí céatadán na luachanna taitnimh gréine míosúla idir 75% (iomlán míosúil taitnimh gréine, 75.3 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 95% (iomlán míosúil taitnimh gréine, 96.6 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí na hiomláin mhíosúla taitnimh gréine idir 46.7 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí agus 105.5 uair an chloig (níl comparáid MFT ar fáil*) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí an líon is airde uaireanta laethúla taitnimh gréine a taifeadadh an mhí seo cothrom le 10.3 uair an chloig ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ar an Domhnach, an 26ú lá. Bhí líon na laethanta gruama a taifeadadh idir 6 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus 14 lá ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman agus Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí freisin.
Gaoth: Tuairiscíodh gálaí
Bhí meánluasanna gaoithe míosúla idir 6.2 muirmhíle san uair (11.5 km/u) i mBaile Átha hÉis, Co. an Chabháin agus 14.7 muirmhíle san uair (27.2 km/u) ar Inis Arcáin, Co. Chorcaí. Tuairiscíodh gálaí ar sheacht lá i rith na míosa. Bhí líon na laethanta le gaotha fórsa gála idir lá ar bith ag formhór na stáisiún agus 3 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí freisin. Níor tuairiscíodh aon ghála láidir nó gaoth fórsa stoirme an mhí seo. Tuairiscíodh an séideán gaoithe is airde agus an meánluas gaoithe 10 nóiméad is airde ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Taifeadadh an séideán is airde ar an Aoine, an 24ú lá, 56 muirmhíle san uair (103 km/u), agus taifeadadh an meánluas gaoithe 10 nóiméad is airde i rith na míosa, 39 muirmhíle san uair (72 km/u), ar an gCéadaoin, an 22ú lá agus ar an Aoine, an 24ú lá.

Mhéadaigh an Ghaoth in Éirinn chomh fada is a bhain le hUasleibhéal Marthanach Gaoithe Laethúil (meán 10 nóiméad) Márta 2023 (sealadach)
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo

Luachanna foircneacha Mhárta 2023 ag stáisiúin shionoptacha
An méid a bhí ag tarlú i rith mhí an Mhárta in Éirinn le blianta beaga anuas:
- 2016: Bhí formhór na n-áiteanna faoi bhun MFT le haghaidh titim báistí agus le haghaidh meánteocht aeir agus bhí leibhéil mhíosúla taitnimh gréine níos ísle san Oirthear agus sa Deisceart agus níos airde gach áit eile. Bhain na gaotha láidre a taifeadadh i rith na míosa le Stoirm Jake a tharla ar an 2ú lá.
- 2017: Bhí beagnach gach leibhéal iomlán titime báistí os cionn a MFT. Bhí gach meánteocht aeir os cionn, agus bhain éagsúlacht le leibhéil taitnimh gréine.
- 2018: An-fhuar le sneachta trom, gaotha fórsa gála agus séideáin taifeadta i rith Stoirm Emma. Bhí formhór na leibhéal titime báistí faoi bhun a MFT. Bhí gach meánteocht mhíosúil faoi bhun an mheáin agus bhí éagsúlacht le tabhairt faoi deara i ndáil le leibhéil taitnimh gréine.
- 2019: Bhí na leibhéil titime báistí ar fad os cionn an mheáin agus bhí tréimhsí de bháisteach throm le tabhairt faoi deara mar gheall ar Stoirm Freya. Bhí beagnach gach meánteocht aeir os cionn an mheáin, bhí leibhéil taitnimh gréine athraitheach, agus ba í Stoirm Gareth a bhí freagrach as na tréimhsí ba ghaofaire i rith na míosa.
- 2020: Bhí formhór na leibhéal titim báistí faoi bhun an mheáin. Bhí beagnach gach meánteocht faoi bhun an mheáin, bhí leibhéal iomlán taitnimh gréine os cionn agus bhí Stoirm Jorge freagrach as na gálaí gaoithe ba láidre ar an 1ú lá agus taifeadadh an meánbhrú leibhéal farraige (MBLF) is airde i mí an Mhárta ar an 29ú lá, 1051.2 hPa.
- 2021: Bhí formhór de na leibhéil iomlána bháistí faoi bhun an mheáin, bhí beagnach gach meánteocht aeir os a chionn, agus bhí éagsúlacht ag baint le leibhéil taitnimh gréine.
- 2022: Bhí beagnach gach leibhéal titime báistí faoi bhun an mheáin agus bhí formhór na dteochtaí aeir os a chionn, agus bhí gach leibhéal taitnimh gréine os a chionn.