Ráiteas Aeráide do Mhí Iúil 2022

Mí Iúil le cúpla bliain anuas in Éirinn:

  • 2016: Bhí an Meánleibhéal Fadtéarmach (MLFT) d’iomláin na titime báistí athraitheach, bhí leath na meánteochtaí aeir míosúla os cionn an mheáin agus bhí beagnach gach MLFT d’iomláin thaitneamh na gréine faoin meán.
  • 2017: Athraitheach le báisteach nó ceathanna ar fhormhór na laethanta. Bhí formhór iomláin na titime báistí agus an taitnimh gréine os cionn an mheáin agus bhí formhór na n-aertheochtaí faoina MLFT.
  • 2018: Tirim agus te le dálaí triomaigh. Bhí iomláin mhíosúla na titime báistí ar fad faoin meán, agus bhí gach meánteocht aeir agus formhór iomláin an taitnimh gréine os cionn an MLFT.
  • 2019: Te ar an iomlán, níos tirime agus níos grianmhara sa Deisceart agus san Oirthear. Bhí formhór iomláin mhíosúla na titime báistí faoin meán, bhí meánteochtaí aeir os cionn an mheáin agus bhí iomláin taitnimh gréine athraitheach.
  • 2020: Fionnuar agus fliuch. Bhí iomláin na titime báistí ar fad os cionn an mheáin agus bhí meánteochtaí aeir agus iomláin taitnimh gréine faoin meán.
  • 2021: Te, grianmhar le tonnta teasa forleathana. Bhí iomláin na titime báistí athraitheach agus bhí meánteochtaí aeir agus iomláin taitnimh gréine os cionn an mheáin.

Iúil 2022

Te agus tirim agus na huasteochtaí laethúla is airde riamh tuairiscithe

Bhí mí Iúil te agus tirim, go háirithe sa Deisceart agus san Oirthear, agus ardbhrú na nAsór i gceannas den chuid is mó den mhí. Thosaigh an chéad seachtain le roinnt mhaith frontaí aimsire laga ag trasnú na tíre ón iarthar, ag tabhairt bandaí báistí ceathacha leo, roimh a d’fhorbair ardbhrú ón iardheisceart a thug dálaí tirime den chuid is mó leis do dheireadh na seachtaine. D’fhan ardbhrú i gceannas ag tús an dara seachtain, ag tabhairt dálaí tirime, teo agus grianmhara leis. Thug fronta aimsire ón Atlantach dálaí níos scamallaí leis le roinnt báistí ar an 11 agus an 12 Iúil, roimh a d’fhorbair ardbhrú arís ón iardheisceart i dtreo dheireadh na seachtaine. Bhí smacht ag seal an-te idir an 17 agus an 19 Iúil nuair a ghluais aermhais ilchríochach thrópaiceach an-te ón deisceart-iardheisceart idir lagbhrú amach ó chósta iarthar Leithinis na hIbéire agus ardbhrú thar mhór-roinn na hEorpa. Taifeadadh na huasteochtaí laethúla is airde riamh ag naoi stáisiún shionoptacha ar an Luan an 18 Iúil mar thoradh ar an seal aimsire sin. Thug fronta fuar ráigeanna báistí toirní leis agus é ag brú na haermhaise te i dtreo an oirthir ag deireadh na seachtaine. Ghluais lagbhrú isteach ón iarthar sa cheathrú seachtain, ag tabhairt bandaí báistí nó ceathanna don tír iomlán leis ar an 23 agus an 24 Iúil, roimh a d’fhorbair ardbhrú arís ón iardheisceart, rud a raibh aimsir thirim i ndara leath na seachtaine mar thoradh air. Chríochnaigh an mhí le frontaí aimsire ón Atlantach a ghluais isteach ón iarthar ag tabhairt níos mó bandaí báistí nó ceathanna leo.

Titim Báistí: Faoin meán i ngach áit, an Deisceart an áit leis an méid is lú titim báistí

Bhí iomláin mhíosúla na titime báistí ar fud na tíre don mhí faoi Mheánleibhéal Fadtréimhseach 1981-2010 (MLFT). Bhí céatadán na luachanna míosúla titime báistí idir 31% (iomlán titime báistí is lú na míosa ag 20.7 mm) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir (an mhí Iúil is tirime ó 1989) agus 82% (iomlán míosúil titime báistí de 66.3 mm) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí iomláin mhíosúla na titime báistí chomh hard le 73.6 mm (81% den MLFT) ag Fionnúir, Co. Dhún na nGall. Taifeadadh lá is fliche na míosa ag Fionnúir, Co. Dhún na nGall freisin le 24.8 mm ar an Domhnach an 24 Iúil. Bhí líon na laethanta báistí idir 6 lá ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach agus 22 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus Fionnúir, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta fliucha1 idir 4 lá ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach agus 13 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo, agus Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta an-fhliucha3 idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 4 lá ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Bhí sealanna triomaigh6 ag sé stáisiún idir an 2 Márta agus an 22 Iúil, a mhair idir 17 agus 21 lá. Ba ag na stáisiúin seo a leanas a bhíodar: Inis Arcáin, Co. Chorcaí, agus Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo (17 lá), Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe (19 lá), Baile Átha hÉis, Co. an Chabháin (20 lá), Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach, Cluain Creamha, Co. Ros Comáin, agus an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí (21 lá).

Total Monthly Rainfall (mm) for July 2022 (Provisional)

Iomlán na Titime Báistí (mm) do Mhí Iúil 2022 (Sealadach)

 

Rainfall % of 1981 - 2021 Monthly Average for July 2022 (Provisional)

% Titime Báistí Mheánleibhéal Míosúil 1981-2021 do Mhí Iúil 2022 (Sealadach)

Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit, thuairiscigh naoi stáisiúin na huasteochtaí laethúla is airde riamh

Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn an MLFT don mhí. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir 0.1 °C (meánteocht 15.3 °C agus 15.2 °C) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe, agus Marcréidh, Co. Shligigh, faoi seach, agus 1.7 °C (meánteocht na míosa is airde, 17.3 °C) ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Ba é an mheánteocht is ísle don mhí ná 14.7 °C ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall (0.3 °C os cionn an MLFT). Tuairiscíodh uasteocht na míosa is airde ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath ar an Luan an 18 le teocht de 33.0 °C (uasteocht laethúil is airde an stáisiúin a tuairiscíodh riamh bunaithe ar thaifid chomh fada siar le 1881 (faoi réir rialú caighdeáin agus measúnú níos mó) agus an dara teocht is airde a taifeadadh riamh in Éirinn).

Tuairiscíodh íosmhéid aeir is ísle na míosa ar an Aoine, an 29 Iúil, i gCluain Creamha, Co. Ros Comáin, ag 6.4 °C agus tuairiscíodh an t-íosmhéid féir is ísle ag 2.0 °C ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Co. Bhaile Átha Cliath ar an gCéadaoin, an 27 Iúil. Níor tuairiscíodh sioc aeir ná talún an mhí seo. Chomh maith le Páirc an Fhionnuisce, thuairiscigh ocht stáisiún eile an uasteocht laethúil is airde, in aon mhí, ar taifead, ar an Luan an 18. Ba iad sin: Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath (fad taifid 58 bliain) ag 31.9°C, Cluain Creamha, Co. Ros Comáin (fad 14 bliain) ag 31.4°C, an Goirtín, Co. Thiobraid Árann (fad 14 bliain) ag 31.0°C, Baile Átha hÉis, Co. an Chabháin (fad 17 bliain) ag 30.8°C, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe (fad 12 bliain) agus Dún Samhnaí, Co. na Mí (fad 48 bliain) ag 30.5°C, an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí (fad 72 bliain) ag 30.4°C agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath (fad 80 bliain) ag 29.6°C. Bhí an uasteocht laethúil is airde ar taifead do mhí Iúil ag stáisiún amháin. Ba ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir a bhí sí (fad 76 bliain) le 30.8°C.

Phoenix Park, Co Dublin Air Temperatures for 18th July 2022

Teochtaí Aeir Pháirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath don 18 Iúil 2022 

 

Mullingar, Co Westmeath Air Temperatures for 18th July 2022

Teochtaí Aeir an Mhuilinn Chearr, Co. na hIarmhí don 18 Iúil 2022

 

Taitneamh na Gréine: Taitneamh gréine is airde san Oirdheisceart, taitneamh gréine is ísle san Iarthuaisceart

Bhí beagnach gach iomlán taitnimh gréine a bhí ar fáil faoin MLFT. Bhí céatadán luachanna míosúla an taitnimh gréine idir 97% (iomlán míosúil taitnimh gréine de 135.3 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 99% (iomlán míosúil taitnimh gréine de 152.3 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí iomláin mhíosúla an taitnimh gréine idir 90.2 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus 186.7 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Ba é 15.7 uair an chloig ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman, ar an Satharn, an 10 Iúil, an líon is airde uaireanta an chloig gréine laethúla a taifeadadh an mhí seo. Bhí líon na laethanta gruama2 idir 2 lá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 9 lá ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. (Ag an am foilsithe, ní raibh sonraí taitnimh gréine curtha ar fáil do na háiteanna seo: an Goirtín, Co. Thiobraid Árann, Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, agus Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman).

Gaoth: Ní róláidir

Bhí meánluas míosúil na gaoithe idir 4.7 muirmhíle san uair (8.7 km/u) ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin agus 11.8 muirmhíle san uair (21.9 km/u) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Ní raibh aon lá le gálaí, gálaí láidre ná stoirmeacha an mhí seo. Tuairiscíodh an séideán agus an luas gaoithe 10 nóiméad is airde sa mhí ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, ar an Luan, an 25 Iúil. Ba é an séideán is airde ná 40 muirmhíle san uair (74 km/u) agus ba é an luas gaoithe 10 nóiméad is airde ná 30 muirmhíle (55 km/u).

Tá an tuairisc iomlán ar fáil anseo

Extreme values at synoptic stations

Luachanna míchuibheasacha ag stáisiúin shionoptacha