Fionnuar, an-fhliuch sa Deisceart agus san Oirthear
Ba mhí fhionnuar agus fhliuch í mí Eanáir 2026, agus taifeadadh iomláin báistí míosúla a bhí os cionn a Meáin Fhadtéarmaigh (MFT) don tréimhse 1991-2020 ag formhór na stáisiún. Sa dara leath den mhí, bhog bandaí báistí fronta arís agus arís eile thar Éirinn aneas mar gheall ar ardbhrú blocála fuachta thar thuaisceart agus thar oirthear na hEorpa agus córais ísealbhrú a bhí ag bogadh go mall siar ó dheas. Mar thoradh air sin bhí tréimhsí fada báistí troime a bhí ina gcúis le tuilte suntasacha san Oirdheisceart agus san Oirthear le linn Stoirm Chandra agus ina diaidh. Mar gheall ar an stoirm bhí gaotha láidre agus báisteach throm ar an 26 agus an 27, agus bhí níos mó báistí ag bogadh thar an Deisceart agus thar an Oirthear fós suas go dtí deireadh na míosa. Bhí mí Eanáir 2026 fionnuar go ginearálta agus taifeadadh na teochtaí ab fhuaire sa chéad tseachtain. Go ginearálta, de bharr na meánteochtaí a taifeadadh, is í mí Eanáir 2026 mí Eanáir is fuaire ó bhí 2021 ann, agus bhí gach stáisiún faoi bhun theochtaí MFT 1991-2020 le haghaidh na míosa.
Príomhfhigiúirí:
- B’ionann báisteach in Éirinn agus 123% de MFT 1991-2020 (164mm) agus ba í an 18ú mí ba fhliche go náisiúnta agus an ceann ba fhliche ó bhí 2018 ann.
- Bhí dara mí Eanáir ba fhliche ar taifead i gContae Bhaile Átha Cliath agus bhí dara mí Eanáir ba fhliche, i ndiaidh mhí Eanáir 1948, ag Páirc an Fhionnuisce (225% dá MFT) agus ag Aerfort Bhaile Átha Cliath (223% dá MFT).
- Ba é Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman an stáisiún sionoptach ba fhliche i mí Eanáir, nuair a bhí 232.7 mm ann (230% dá MFT), mí Eanáir ba fhliche a bhí ann ón mbliain 1996.
- Is é iomlán rollach trí mhí ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman i mí na Samhna 2025, mí na Nollag 2025 agus mí Eanáir 2026 an t-iomlán trí mhí is airde as a chéile ar taifead le haghaidh Chaisleán Bhaile Sheáin toisc go raibh 652.5 mm báistí thar thrí mhí ann (luachanna 00-00, fad taifid 85 bliain).
- B’ionann an mheánteocht aeir náisiúnta agus 5.31°C (agus tacar sonraí Oileán na hÉireann á úsáid*) rud a d’fhág gurb í mí Eanáir 2026 an 59ú Eanáir is fuaire i 127 bliain anuas agus mí Eanáir is fuaire ó bhí 2021 ann.
- Tá 5.31 °C 0.51 °C faoi bhun MFT 1991-2020 agus 0.22 °C os cionn MFT 1961-1990.

January Climate Statement highlights
Bhí sé fuar agus tirim den chuid ba mhó ag tús mhí Eanáir 2026 agus bhí tréimhsí taitnimh gréine geimhridh úir ann agus sioc forleathan san oíche. De bharr ardbhrú siar bhí aermhais Artach fhuar thar Éirinn in aershreabhadh ó thuaidh. Mar thoradh air sin bhí ceathanna geimhridh ann ó am go chéile, go háirithe trasna cheantair an Deiscirt agus an Iardheiscirt, áit ar carnadh roinnt sneachta in amanna. Bhog ardbhrú ó thuaidh ag deireadh na chéad seachtaine, rud a d’fhág go raibh ísealbhrú Atlantaigh ann den chuid ba mhó ar feadh an chuid eile den mhí. Sa dara seachtain ba mhinic a bhí bandaí báistí agus ceathanna ann ag bogadh isteach aniar agus é ag éirí beagáinín ní ba shéimhe .
Le linn an dara leath de mhí Eanáir, stiúradh sraith córas ísealbhrú i dtreo na tíre aniar aneas le scairdsruth láidir díláithrithe an Atlantaigh Thuaidh aneas. Ag an am céanna, de bharr ardbhrú blocála fuachta thar thuaisceart agus oirthear na hEorpa, mhoilligh nó stad na córais sin siar ó dheas ó Éirinn nó bhog siad ó thuaidh. Mar gheall ar an bpatrún sin bhí bandaí báistí fronta arís agus arís eile ag teacht aneas, rud a bhí ina chúis le tréimhsí fada báistí troime, a bhí comhchruinnithe thar Dheisceart agus Oirthear na tíre. Bhí tuilte suntasacha in áiteanna de bharr éifeacht charnach na tréimhse fada fliche le haghaidh an Deiscirt agus an Oirthir. Bhí Stoirm Chandra ina teagmhas suntasach le linn na tréimhse sin, a d’ainmnigh Oifig Met sa Ríocht Aontaithe, stoirm a d’éirigh ní ba dhoimhne ó dheas ó Éirinn Dé Luain an 26. De réir mar a bhog sí ó thuaidh déanach sa lá ar an 26 go dtí Dé Máirt an 27, bhí gaotha láidre agus báisteach fhorleathan throm ann. Bhí tuilleadh bandaí báistí agus ceathanna ag deireadh na míosa, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an Deisceart agus ar an Oirthear go príomha.
Báisteach: Os cionn an mheáin sa chuid ba mhó d’áiteanna, ba fhliche sa Deisceart agus san Oirthear
Bhí an chuid ba mhó de na hiomláin mhíosúla bháistí os cionn a Meáin Fhadtéarmaigh (MFT) don tréimhse 1991-2020. Bhí an céatadán de na luachanna báistí míosúla idir 87% (bhí iomlán báistí míosúil ba lú na míosa cothrom le 90.5 mm) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 230% (bhí iomlán báistí míosúil ab airde na míosa cothrom le 232.7 mm) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman (mí Eanáir ba fhliche ó bhí 1996 ann). Taifeadadh an lá ba fhliche sa mhí freisin ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman, áit a raibh 37.3 mm Dé hAoine an 30 (an titim laethúil ab airde i mí Eanáir ó bhí 1979 ann). Bhí líon na laethanta báistí* idir 22 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 30 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo agus ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí araon. Bhí líon na laethanta fliucha* idir 16 lá ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe agus ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin araon agus 27 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Bhí líon na laethanta an-fhliuch* idir lá amháin ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 9 lá ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman agus ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.
Ba í mí Eanáir ba fhliche ó bhí 1948 ann agus ba í dara mí Eanáir ba fhliche ar taifead ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath, áit a raibh 141 mm (225% dá MFT) agus ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath áit a raibh 137.7 mm (223% dá MFT). Ba í mí Eanáir ba fhliche ó bhí 1995 ann ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha, Cliath áit a raibh 114.5 mm (176% dá MFT). Bhí mí Eanáir ba fhliche ag Baile an Phaghanaigh, Co, Cheatharlach ó bhí 2014 ann, áit a raibh 142.3 mm (177% dá MFT) agus bhí mí Eanáir ba fhliche ó bhí 2016 ann ag Aerfort Chorcaí, áit a raibh 200.5 mm (153% dá MFT) agus ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí, áit a raibh 143.7 mm (131% dá MFT).

Iomláin bháistí charnacha ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman (ar chlé) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir (ar dheis) i mí Eanáir 2026, i gcoibhneas le meán fadtéarmach míosúil 1991-2020 (luachanna 09-09)
Teocht: Faoi bhun an mheáin i ngach áit
Bhí na meánteochtaí aeir go léir ar fud na tíre faoi bhun a MFT le haghaidh na míosa. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir -1.0 °C ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí agus ag Réadlann Dhairbre, Co. Chiarraí (meánteochtaí 4.6 °C, 6.5 °C faoi seach) agus -0.2 °C ag Marcréidh, Co. Shligigh (meánteocht 4.6 °C). Bhí meánteochtaí na míosa idir 3.9 °C (0.4 °C faoi bhun a MFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 6.9 °C (0.8 °C faoi bhun a MFT) ar Inis Arcáin, Co. Chorcaí. Tuairiscíodh an teocht ab airde sa mhí ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath, Dé Domhnaigh an 11, agus bhí an teocht cothrom le 13.6 °C. Taifeadadh íosteocht aeir ab ísle na míosa Dé Domhnaigh an 4 ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, arbh ionann í agus-5.3 °C, agus bhí an íosteocht féir ab ísle cothrom le -10.2 °C ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath Dé Luain an 5. Thuairiscigh gach stáisiún sioc talún i rith na míosa. Bhí líon na laethanta nuair a bhí sioc talún ann idir 9 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus 23 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc aeir. Ní raibh aon laethanta nuair a bhí sioc aeir ann ag cúpla stáisiún ach bhí 13 lá den sórt sin ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí.

Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath Teocht: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT i mí Eanáir 2026 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Teocht ag Aerfort Chorcaí, Contae Chorcaí: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT i mí Eanáir 2026 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.
Taitneamh Gréine: Os cionn an mheáin go ginearálta, ba ghrianmhaire sa Deisceart
Bhí na hiomláin taitnimh gréine go léir atá ar fáil os cionn a MFT, agus bhí an chéad leath de mhí Eanáir i bhfad ní ba ghrianmhaire ná an dara leath. Bhí an céatadán de na luachanna taitnimh gréine mhíosúil idir 112% (58.9 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 119% (64.0 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí na hiomláin mhíosúla taitnimh gréine idir 47.8 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus 75.0 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Aerfort Chorcaí, Co Chorcaí. B’ionann 7.2 uair an chloig ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman Dé Luain an 5 agus an líon ab airde uaireanta taitnimh gréine laethúil a taifeadadh an mhí seo. Bhí líon na laethanta gruama* idir 8 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí agus 14 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath araon.

Uaireanta Taitnimh Gréine Ghil a breathnaíodh ag naoi stáisiún gach lá de mhí Eanáir 2026, curtha le chéile de réir cúige i gcoibhneas leis an líon is airde uaireanta is féidir faoi dheireadh na míosa (bosca scáthlínithe).
Gaoth: Gaoithe fórsa stoirme a tuairiscíodh le linn stoirm Chandra ag stáisiún amháin
Bhí na meánluasanna gaoithe míosúla idir 5.3 muirmhíle san uair (9.8 km/u) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí agus 18.9 muirmhíle san uair (35.0 km/u) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Tuairiscíodh gálaí ar cheithre lá dhéag. Tuairiscíodh gálaí láidre Dé Domhnaigh an 25 ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus Dé Máirt an 27 ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe le linn stoirm Chandra. Tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme Dé Máirt an 27 ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall le linn stoirm Chandra. Mhéadaigh líon na laethanta le gálaí ó lá ar bith ag formhór na stáisiún go 13 lá ag Cionn Mhálanna, Co Dhún na nGall. Ní raibh aon laethanta nuair a bhí gaoth suas le gálaí láidre ann ag formhór na stáisiún ach bhí 2 lá den sórt sin ag Cionn Mhálanna, Co Dhún na nGall. Tuairiscíodh séideán agus meánluasanna gaoithe 10 nóiméad ab airde na míosa ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, Dé Máirt an 27 le linn stoirm Chandra. B’ionann an séideán ab airde agus 70 muirmhíle san uair (130 km/u) agus b’ionann meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde na míosa agus 56 muirmhíle (104 km/u).

Cairt Anailíse Aermhaise 12 AUL 27 Eanáir 2026: Bhog Stoirm Chandra ó thuaidh feadh iarthar na hÉireann, rud a chruthaigh frontaí aimsire gníomhaí aneas.
Tá tuarascáil PDF agus cairteacha ina n-iomláine ar fáil anseo

Luachanna foircneacha le haghaidh mhí Eanáir 2026 ag stáisiúin shionoptacha.
Notes to Editor:
- *Issued by Met Éireann on Wednesday 4th February 2026. This report is based on available preliminary data from 25 principal weather stations operated by Met Éireann. Synoptic station data is midnight to midnight UTC. Long-Term Averages (LTAs) and “average” refer to the period 1991-2020 unless stated.
- A rain day is a day on which 0.2 mm or more of rainfall is measured. A wet day is a day with 1.0 mm or more of rainfall. A dull day is a day with less than 0.5 hours of sunshine. A very wet day is a day with 10.0 mm or more of rainfall.
- Climatological dry periods – An absolute drought is a period of 15 or more consecutive days to none of which is credited 0.2 mm or more of precipitation. A partial drought is a period of at least 29 consecutive days, the mean daily rainfall of which does not exceed 0.2 mm. A dry spell is a period of 15 or more consecutive days to none of which is credited 1.0 mm or more of precipitation (i.e. daily tot < 1.0 mm).