Séimh agus fliuch sa chéad dá thrian, fuar agus tirim sa trian deireanach
Mí measctha ab ea mí na Nollag 2025. Bhí ísealbhrú Atlantaigh sa chéad dá thrian den chuid ba mhó, a bhí ina chúis le haimsir shéimh, fhliuch agus ghaofar uaireanta, agus ina dhiaidh sin bhí aimsir fhionnuar agus thirim, nach raibh chomh gaofar, sa trian deireanach nuair a tháinig ardbhrú ó thuaidh chun cinn. Chomh maith le gálaí forleathana agus báisteach throm, tháinig aermhais mhuirí thrópaiceach an-te le Stoirm Bram aneas agus bhí uasteochtaí laethúla ab airde riamh le haghaidh mhí na Nollag ag dhá stáisiún déag, de réir an Ráitis Aeráide is déanaí ó Met Éireann.
Príomhfhigiúirí:
- De bharr meánteocht aeir náisiúnta 7.23°C (agus tacar sonraí Oileán na hÉireann á úsáid*) ba í mí na Nollag 2025 24ú mí na Nollag ba theo le 126 bliain.
- Tá 7.23 °C 1.33 °C os cionn an mheáin fhadtéarmaigh (MFT) don tréimhse 1961-1990 agus 1.02 °C os cionn MFT 1991-2020 is déanaí.
- Maidir le deich mí na Nollag ba theo, tharla ceithre cinn ó bhí 2001 ann (an mhí ab airde ar dtús 2015, 2018, 2024 agus 2023). Maidir le deich mhí na Nollag ab fhionnuaire, tharla dhá cheann ó bhí 2001 ann (an mhí ab ísle ar dtús 2010 agus 2009).
- B’ionann an mheánbháisteach ghreillithe náisiúnta le haghaidh mhí na Nollag 2025 agus 137.8 mm, atá rangaithe mar 42ú mí na Nollag is fliche le 85 bliain agus 97% de MFT 1991-2020.
- Tharla mí na Nollag ba fhliche in 2015 (323.0 mm) agus an ceann ba thirime in 1996 (52.1 mm).

Buaicphointí Ráitis Aeráide le haghaidh mhí na Nollag
De bharr scairdsruth gníomhach ón Atlantach Thuaidh, d’fhan ísealbhrú i réim ó thuaidh ó Éirinn le linn an chéad dá thrian de mhí na Nollag 2025. Dá bhrí sin chuaigh go leor frontaí aimsire gníomhaí trasna na tíre ón iardheisceart agus bhí tréimhsí taitnimh gréine agus ceathanna eatarthu. Tháinig roinnt dianbháisteach thoirniúil le roinnt ísealphointí ceathacha eagraithe in amanna freisin, go háirithe san Iardheisceart agus san Iarthar. Bhí an chuid ba mhó den bháisteach le linn na tréimhse sin sa Deisceart agus i gcodanna den Iarthar agus bhí an tOirthear agus an Tuaisceart ní ba thirime go ginearálta.
Chuaigh Stoirm Bram, a d’ainmnigh Met Éireann, go tapa i ndéine de réir mar a tháinig sí i dtreo na hÉireann ó na hAsóir Dé Luain an 8 agus mar gheall uirthi bhí báisteach throm agus gálaí forleathana ann Dé Máirt an 9 de réir mar a bhuail lár na stoirme cósta thiar na hÉireann agus é ag dul ó thuaidh. Toisc go raibh Bram ag teacht ó chuid i bhfad ní ba theo den Atlantach, tháinig aermhais mhuirí thrópaiceach an-te thar Éirinn Dé Máirt an 9, rud a sháraigh na huasteochtaí laethúla ab airde a bhí ann le haghaidh mhí na Nollag ag stáisiúin iomadúla.
D’fhorbair ardbhrú ó thuaidh ó Éirinn le linn an triain dheireanaigh den mhí agus d’fhan sé tirim den chuid ba mhó in aershreabhadh anoir. Bhí sé grianmhar uaireanta, go háirithe le linn aimsir na Nollag ach d’éirigh sé ní b’fhionnuaire agus ní ba scamallaí de réir a chéile i dtreo dheireadh na míosa.
Báisteach: Ní ba fhliche sa Deisceart agus i gcodanna den Iarthar
Bhí luachanna báistí éagsúil trasna na tíre i mí na Nollag 2025. Bhí sé ní ba fhliche go ginearálta ná an meán sa Deisceart agus i gcodanna den Iarthar agus ní ba thirime ná an meán san Oirthear agus sa Tuaisceart. Bhí an céatadán de luachanna báistí míosúla an Mheáin Fhadtéarmaigh (MFT) don tréimhse 1991-2020 idir 60% (78.0 mm) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus 161% (182.1 mm) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman (mí na Nollag ba fhliche ó bhí 2015 ). Bhí na hiomláin báistí míosúla idir 48.4mm (67% dá MFT) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 198.2mm (110% dá MFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Ba é an t-iomlán báistí laethúla ab airde ná 51.1 mm ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman Dé Domhnaigh an 14 (an bháisteach laethúil ab airde le haghaidh mhí na Nollag ó bhí 2021 ann agus an dara ceann ab airde ar taifead (fad 84 bliain).
Bhí líon na laethanta báistí* idir 15 lá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus 25 lá ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí. Bhí líon na laethanta fliucha* idir 12 lá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus 20 lá ag cúpla stáisiún. Ní raibh aon laethanta an-fhliuch* ag cúpla stáisiún ach bhí 9 lá den sórt sin ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.

% Báistí de Mheán Míosúil 1991 – 2020 le haghaidh mhí na Nollag 2025 (SealadachIomlán Báistí Míosúla (mm) le haghaidh mhí na Nollag 2025 (Sealadach)
Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit, go háirithe san Oirthear
Bhí beagnach gach meánteocht aeir ar fud na tíre os cionn a MFT le haghaidh na míosa. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir -0.2 °C (meánteocht 7.9 °C) ag Réadlann Dhairbre, Co. Chiarraí agus +1.9 °C ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath (meánteochtaí 7.4 °C, 7.5 °C faoi seach). Bhí meánteochtaí le haghaidh na míosa idir 5.7 °C (1.0 °C os cionn a MFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 8.6 °C (0.4 °C os cionn a MFT) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí.
Tuairiscíodh an teocht laethúil ab airde sa mhí ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath Dé Máirt an 9, arbh ionann í agus 17.2 °C (an uasteocht ab airde riamh ar taifead i mí na Nollag (fad 64 bliain)). Taifeadadh íosteocht aeir laethúil ab ísle na míosa Dé Céadaoin an 31 ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin, arbh ionann í agus -4.9 °C, agus bhí an íosteocht féir ab ísle a tuairiscíodh cothrom le -9.0 °C ag Marcréidh, Co. Shligigh, Lá Nollag, Déardaoin an 25.
Thuairiscigh gach stáisiún sioc talún i rith na míosa. Bhí líon na laethanta nuair a bhí sioc talún ann idir 2 lá ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 19 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc aeir. Ní raibh aon laethanta nuair a bhí sioc aeir ann ag deich stáisiún, a bhí ar an gcósta den chuid ba mhó, ach bhí 10 lá den sórt sin ag Marcréidh, Co. Shligigh. Sáraíodh na huasteochtaí laethúla ab airde a bhí ann le haghaidh mhí na Nollag ag dhá stáisiún déag le linn stoirm Bram.

Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath Teocht: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT i mí na Nollag 2025 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Teocht ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT i mí na Nollag 2025 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Tábla 1: Uasteochtaí laethúla stáisiúin ab airde riamh le haghaidh mhí na Nollag 2025 a sáraíodh nó a sroicheadh go sealadach Dé Máirt an 9 Nollaig 2025: Difríocht ó thaifid stáisiúin le haghaidh mhí na Nollag a bhí ann roimhe seo léirithe.
Taitneamh Gréine: Os cionn an mheáin, ba ghrianmhaire san Oirdheisceart
Bhí gach iomlán taitnimh gréine atá ar fáil os cionn a MFT. Bhí an céatadán de na luachanna taitnimh gréine mhíosúil idir 107% (51.3 uair) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 114% (52.7 uair) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Bhí iomláin taitnimh gréine mhíosúil idir 29.1 uair (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus 68.3 uair (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman.
Ba é an líon ab airde uaireanta taitnimh gréine laethúil a taifeadadh an mhí seo ná 7.1 uair ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath Dé Máirt an 2 agus ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí Lá Nollag Déardaoin an 25. Bhí líon na laethanta gruama* idir 12 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí agus 18 lá ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus ag Aerfort Chorcaí araon.

Uaireanta Taitnimh Gréine Ghil a breathnaíodh ag naoi stáisiún gach lá de mhí na Nollag 2025, curtha le chéile de réir cúige i gcoibhneas leis an líon is airde uaireanta is féidir faoi dheireadh na míosa (bosca scáthlínithe).
Gaoth:
Tuairiscíodh gálaí láidre le linn stoirm Bram
Bhí na meánluasanna gaoithe míosúla idir 10.2 km/u (5.5 muirmhíle san uair) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí agus 30.5 km/u (16.5 muirmhíle san uair) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh gálaí ar 12 lá le linn na míosa, agus tuairiscíodh gaoth suas le gálaí láidre Dé Máirt an 9 ag ceithre stáisiún le linn stoirm Bram. Bhí líon na laethanta le gálaí idir lá ar bith ag cúpla stáisiún go 8 lá i gCeann Mhása, Co na Gaillimhe. Ní raibh laethanta nuair a bhí gaoth suas le gálaí láidre ann ag formhór na stáisiún ach bhí lá amháin den sórt sin ag ceithre stáisiún. Tuairiscíodh meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde na míosa, arbh ionann é agus 47 muirmhíle san uair (87 km/u) ag Inis Arcáin Co. Chorcaí agus ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí Dé Máirt an 9 le linn stoirm Bram. B’ionann 64 muirmhíle san uair (119 km/u) agus an séideán ab airde, a tuairiscíodh ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí Dé Máirt an 9 le linn stoirm Bram.

Cairt Anailíse Aermhaise 06 AUL 09 Nollaig 2025: Bhog Stoirm Bram ó thuaidh, díreach siar ó Éirinn, rud a chruthaigh aermhais mhuirí thrópaiceach an-te aneas.
Tá tuarascáil PDF agus cairteacha ina n-iomláine ar fáil anseo

Luachanna foircneacha mhí na Nollag 2025 ag stáisiúin shionoptacha.
Notes to Editor:
- *Issued by Met Éireann on Monday 5th January 2026. This report is based on available preliminary data from 25 principal weather stations operated by Met Éireann. Synoptic station data is midnight to midnight UTC. Long-Term Averages (LTAs) and “average” refer to the period 1991-2020 unless stated.
- A rain day is a day on which 0.2 mm or more of rainfall is measured. A wet day is a day with 1.0 mm or more of rainfall. A dull day is a day with less than 0.5 hours of sunshine. A very wet day is a day with 10.0 mm or more of rainfall.
- Climatological dry periods – An absolute drought is a period of 15 or more consecutive days to none of which is credited 0.2 mm or more of precipitation. A partial drought is a period of at least 29 consecutive days, the mean daily rainfall of which does not exceed 0.2 mm. A dry spell is a period of 15 or more consecutive days to none of which is credited 1.0 mm or more of precipitation (i.e. daily tot < 1.0 mm).
- A heatwave occurs where there are 5 consecutive days or more with maximum temperature over 25°C (that is, a daily maximum screen air temperature > 25° C).
- The ‘Island of Ireland’ dataset is 125 years long and runs between 1900 and 2023. For this dataset the long term averages from the 1961-1990 reference period are used for comparison as is standard for long-term climate change assessments.
- Sunshine data is from the Autosol Network. LTAs for these sites are currently not used for comparison purposes.
- For more information or interview opportunities with a Met Éireann spokesperson, please contact us at enq@met.ie.