Ráiteas Aeráide le haghaidh an Fhómhair 2025

Séimh agus an-fhliuch

Ba é Fómhar Meitéareolaíochta 2025 an 4ú fómhar ba fhliche le 85 bliain sna taifid d’Éirinn, bhí sé ní ba fhliche ná aon séasúr eile ó bhí Fómhar 2022 ann, de réir an Ráitis Aeráide séasúraigh is déanaí ó Met Éireann. Ba é Fómhar 2025 an 5ú séasúr as a chéile ina raibh teochtaí ní ba theo ná an meán, rud a fhágann gurb é an 17ú séasúr de na 18 séasúr dheireanacha ina raibh teochtaí os cionn an mheáin fhadtéarmaigh (MFT) 30 bliain is déanaí.

Príomhfhigiúirí:

  • B’ionann an mheánteocht aeir náisiúnta le haghaidh fhómhar 2025 (agus tacar sonraí Oileán na hÉireann* á úsáid) agus 11.18 °C, atá 0.39 °C os cionn MFT 1991-2020 is déanaí agus 0.98 °C os cionn MFT 1961-1990 le haghaidh an fhómhair.
  • Dá bhrí sin is é fómhar 2025 an 20ú fómhar is teo ó bhí 1900 ann, ach is é an ceann is fuaire ó bhí 2020 ann.
  • Maidir leis na deich bhfómhar ba theo, tharla seacht gcinn ó bhí 2001 ann (an ceann ab airde ar dtús 2021, 2011, 2006, 2022, 2023, 2001 agus 2007) agus níor tharla aon cheann de na fómhair ab fhuaire.
  • B’ionann an mheánbháisteach ghreillithe náisiúnta le haghaidh fhómhar 2025 agus 493 mm, atá 134% de MFT 1991-2020, rud a fhágann gurb é an fómhar is fliche le 85 bliain é.
  • Is é Fómhar 2025 an séasúr agus an fómhar is fliche ó bhí fómhar 2022 ann.
  • Maidir leis na deich bhfómhar ba fhliche, tharla sé cinn ó bhí 2001 ann (an fómhar ab airde ar dtús 2022, 2025, 2009 2006, 2023 agus 2011).
Autumn Climate Statement highlights

Buaicphointí Ráitis Aeráide le haghaidh an Fhómhair

Bhí Fómhar 2025 séimh tar éis mhí Mheán Fómhair a bhí fionnuar agus an-fhliuch.

Bhí mí Mheán Fómhair measartha fionnuar agus fliuch agus ba mhinic a bhí Éire ar an taobh thuaidh den scairdsruth in aermhaiseanna muirí Polacha. Bhí ísealbhrú Atlantaigh ann den chuid ba mhó le linn an chéad dá thrian den mhí, ach bhí ardbhrú i réim sa trian deireanach.
Bhí mí Dheireadh Fómhair séimh, gruama agus fliuch. Bhí abhainn atmaisféarach ann den chuid ba mhó ag tús na míosa, a tháinig ó Mhuir Chairib, rud a thug báisteach throm fhorleathan chomh maith leis an gcéad stoirm ainmnithe den séasúr, stoirm Amy, a d’ainmnigh Oifig Met (an Ríocht Aontaithe). Tháinig an tréimhse ba ghaofaire den séasúr le Stoirm Amy, nuair a bhí gálaí forleathana agus gaotha suas le gaotha fórsa stoirme tréine ann Dé hAoine an 3 de réir mar a chuaigh sí gar do chósta thiar thuaidh na hÉireann . Bhí dorchadas frithchioclónach ann i lár mhí Dheireadh Fómhair de réir mar a tháinig córas ardbhrú scamallach chun cinn thar an tír. Bhí ísealbhrú Atlantaigh i réim arís le linn an triain dheireanaigh den mhí.
Bhí mí na Samhna séimh agus fliuch go ginearálta. Bhí an chéad leath den mhí an-séimh agus ba mhinic a bhí ísealbhrú siar ó dheas ó Éirinn, rud a bhrúigh aermhaiseanna muirí trópaiceacha teo thar an tír ón deisceart nó ón iardheisceart. Stad córas amháin den sórt sin, Stoirm Claudia, a d’ainmnigh Gníomhaireacht Meitéareolaíochta na Spáinne (AEMET), siar ó dheas ó Éirinn agus dá bhrí sin chuaigh an iliomad frontaí aimsire gníomhaí ó thuaidh trasna na tíre . Bhí an tréimhse ab fhuaire den séasúr díreach i ndiaidh lár mhí na Samhna de réir mar a chuaigh aermhais Artach thar an tír ar feadh roinnt laethanta, mar gheall ar ardbhrú blocála san iarthuaisceart, agus bhí sioc forleathan le linn na hoíche. Tháinig deireadh leis an séasúr ar an mbealach céanna agus a thosaigh sé, agus socrú gluaisteach Atlantaigh ann agus ísealbhrú i réim.

Báisteach: Os cionn an mheáin i ngach áit, séasúr ba fhliche ó bhí fómhar 2022 ann ag 11 stáisiún

Bhí gach iomlán báistí séasúraí ar fud na tíre os cionn a Meáin Fhadtéarmaigh (MFT) don tréimhse 1991-2020. Bhí an céatadán de na luachanna báistí séasúraí idir 104% (384.6 mm) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus 163% (531.4 2mm) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman (an dara fómhar ba fhliche ar taifead i ndiaidh 2023 (540.1mm)). Bhí na hiomláin báistí míosúla idir 274.5mm (122% dá MFT) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 650.8mm (132% dá MFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Ba é an t-iomlán báistí laethúla ab airde ná 66.9 mm ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman Dé hAoine an 14 Samhain (an lá fómhair ba fhliche ó bhí 2010 ann).
Bhí líon na laethanta báistí* idir 59 lá ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus 75 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo agus ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo araon. Bhí líon na laethanta fliucha (*) idir 44 lá ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus 69 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta an-fhliuch* idir 6 lá ag Páirc an Fhionnuisce agus ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath araon agus 24 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.
Ba é an fómhar ba fhliche ar taifead é ag trí stáisiún. Ba iad sin Inis Arcáin, Co. Chorcaí, áit a raibh 502.3 mm (156% dá MFT) (fad an taifid 54 bliain), Cluain Creamha, Co. Ros Comáin, áit a raibh 438.7 mm (156% dá MFT) (fad 20 bliain) agus an Goirtín, Co. Thiobraid Árann, áit a raibh 382.3 mm (145% dá MFT) (fad 17 mbliana). Ba í mí na Samhna ba fhliche í ó bhí 1980 ann ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, agus an mhí ba fhliche ó bhí 2011 ann ag trí stáisiún.

Provisional monthly gridded 2025 rainfall anomalies so far (% of 1991-2020 LTA) together with monthly rainfall totals in millimeters (autumn months in brown)

Aimhrialtachtaí báistí míosúla greillithe sealadacha le haghaidh 2025 go dtí seo (% de MFT 1991-2020) mar aon le hiomláin báistí míosúla i milliméadair (míonna an fhómhair sa donn)

Teocht:Os cionn an mheáin i ngach áit den 5ú séasúr as a chéile

Bhí an mheánteocht aeir ar fud na tíre os cionn a MFT le haghaidh an tséasúir. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir sa séasúr idir +0.1 °C ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí agus Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo (meánteocht 11.3, °C 11.9 °C, 11.3 °C faoi seach) agus +0.6 °C ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus ag an nGoirtín, Co. Thiobraid Árann (meánteocht 11.1 °C , 10.6 °C faoi seach). Bhí meánteochtaí an tséasúir idir 9.7 °C (0.4 °C os cionn a MFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 12.3 °C (0.3 °C os cionn a MFT) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí.
Taifeadadh na teochtaí ab ísle sa séasúr Dé hAoine an 21 Samhain agus tuairiscíodh an íosteocht aeir ab ísle -4.5 °C ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin agus an íosteocht féir ab ísle -8.6 °C ag Marcréidh, Co. Shligigh. Tuairiscíodh an uasteocht ab airde 20.9°C ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir Dé Máirt an 9 Meán Fómhair agus ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach Dé Céadaoin an 17 Meán Fómhair. Thuairiscigh gach stáisiún sioc talún i rith an tséasúir. Bhí líon na laethanta nuair a bhí sioc talún ann idir 2 lá ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 31 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc aeir. Ní raibh aon laethanta nuair a bhí sioc aeir ann ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe ach bhí 8 lá den sórt sin ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí agus ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin araon.

Dublin Airport, Co Dublin Temperature: Daily mean departure from LTA for Autumn 2025 based on 09-09hr Max/Min values.

Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath Teocht: Athrú ó mheánteocht laethúil ó MFT le haghaidh Fhómhar 2025 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Cork Airport, Co Cork Temperature: Daily mean departure from LTA for Autumn 2025 based on 09-09hr Max/Min values.

Teocht ag Aerfort Chorcaí, Contae Chorcaí: Athrú ó mheánteocht laethúil ó MFT le haghaidh Fhómhar 2025 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Taitneamh Gréine: Mí Mheán Fómhair agus mí na Samhna measartha grianmhar, mí Dheireadh Fómhair gruama

Bhí luachanna taitnimh gréine éagsúil trasna na tíre. Bhí an céatadán de na luachanna taitnimh gréine shéasúraigh idir 98% (297.4 uair) ag Aeradróm Mhic Easmainn Co. Baile Átha Cliath agus 108% (291.0 uair) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Bhí na hiomláin taitnimh gréine shéasúraigh idir 218.1 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus 314.3 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Ba é 11.1 uair an chloig ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman Dé Luain an 22 Meán Fómhair an líon ab airde uaireanta taitnimh gréine laethúil a taifeadadh an mhí seo. Bhí líon na laethanta gruama* idir 24 lá ag roinnt stáisiún agus 33 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.

Gaoth: Tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme tréine le linn stoirm Amy, gálaí láidre i mí Mheán Fómhair agus i mí na Samhna

Bhí na meánluasanna gaoithe séasúracha idir 5.8 km/u (10.7 muirmhíle san uair) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí agus 16.8 km/u (31.1 muirmhíle san uair) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh gálaí ar laethanta iomadúla agus tuairiscíodh gálaí láidre Dé Domhnaigh an 14 agus Dé Luain an 15 Meán Fómhair, Dé hAoine an 3, Dé Sathairn an 4 agus Déardaoin an 30 Deireadh Fómhair, Dé Domhnaigh an 23 agus Déardaoin an 27 Samhain. Shroich meánluasanna gaoithe fórsa stoirme ag trí stáisiún (Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe) Dé hAoine an 3 Deireadh Fómhair le linn stoirm Amy agus ag stáisiún amháin (Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe) Dé Sathairn an 4 Deireadh Fómhair le linn stoirm Amy. Shroich meánluasanna gaoithe fórsa stoirme tréine 11 ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall Dé hAoine an 3 Deireadh Fómhair le linn stoirm Amy.

Bhí líon na laethanta le gálaí idir lá ar bith ag cúpla stáisiún agus 17 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta le gálaí láidre idir lá ar bith ag cúpla stáisiún agus 6 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh séideáin agus meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde an tséasúir ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall Dé hAoine an 3 Deireadh Fómhair le linn stoirm Amy. B’ionann an séideán ab airde agus 80 muirmhíle san uair (148 km/u) (an séideán ab airde le haghaidh an fhómhair ó bhí 1998 ann) agus b’ionann an meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde sa séasúr agus 60 muirmhíle (111 km/u).

Dublin Airport, Co Dublin and Cork Airport, Co Cork: Wind Roses for Autumn 2025.

Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí: Gaothrósanna le haghaidh Fhómhar 2025

Tá an ráiteas iomlán ar fáil anseo (roghnaigh Fómhar sa roghchlár anuas le haghaidh na míosa).

Autumn 2025 extreme values at synoptic stations.

Luachanna foircneacha Fhómhar 2025 ag stáisiúin shionoptacha.

Notes to Editor:

  • *Issued by Met Éireann on Wednesday 3rd December 2025. This report is based on available preliminary data from 25 principal weather stations operated by Met Éireann. Synoptic station data is midnight to midnight UTC. Long-Term Averages (LTAs) and “average” refer to the period 1991-2020 unless stated.
  • A rain day is a day on which 0.2 mm or more of rainfall is measured. A wet day is a day with 1.0 mm or more of rainfall. A dull day is a day with less than 0.5 hours of sunshine. A very wet day is a day with 10.0 mm or more of rainfall.
  • Climatological dry periods – An absolute drought is a period of 15 or more consecutive days to none of which is credited 0.2 mm or more of precipitation. A partial drought is a period of at least 29 consecutive days, the mean daily rainfall of which does not exceed 0.2 mm. A dry spell is a period of 15 or more consecutive days to none of which is credited 1.0 mm or more of precipitation (i.e. daily tot < 1.0 mm).
  • A heatwave occurs where there are 5 consecutive days or more with maximum temperature over 25°C (that is, a daily maximum screen air temperature > 25° C).
  • The ‘Island of Ireland’ dataset is 125 years long and runs between 1900 and 2023. For this dataset the long term averages from the 1961-1990 reference period are used for comparison as is standard for long-term climate change assessments.
  • Sunshine data is from the Autosol Network. LTAs for these sites are currently not used for comparison purposes.
  • For more information or interview opportunities with a Met Éireann spokesperson, please contact us at enq@met.ie.