Climate Statement for August 2025

An ceathrú mí Lúnasa is teo ar taifead, Tirim don chuid is mó

Ba é mí Lúnasa 2025 an ceathrú mí Lúnasa ba theo agus an naoú mí ba theo de gach mí le linn na tréimhse 126 bliain a bhfuil taifid ann ina leith (agus úsáid á baint as tacar sonraí Oileán na hÉireann*) agus meánteocht 16.83 °C ann, rud arb ionann é agus 2.15 °C os cionn an mheánluacha fhadtéarmaigh (MFT) do mhí Lúnasa sna blianta 1961-1990, agus 1.56 °C os cionn an mheánluacha fhadtéarmaigh (MFT) is déanaí, idir 1991 agus 2020. Bhí an bháisteach faoi bhun an mheánluacha ag formhór na stáisiún (75% den mheánluach fadtéarmach d’Éirinn ina hiomláine) rud a d’fhág gurbh é an mí Lúnasa seo an 22 mí Lúnasa is tirime ó bhí 1941 ann.

Bhí mí Lúnasa 2025 an-te, agus bhí teochtaí i bhfad os cionn an mheánluacha ag gach stáisiún. Bhí an aimsir fliuch i gcodanna den Iarthar ach tirim in áiteanna eile, go háirithe san Oirthear agus sa Deisceart, de bharr go raibh ardbhrú i réim ar feadh fhormhór na míosa. Lean an teas ar fud lár agus iarthar na hEorpa i rith mhí Lúnasa, agus bhog cuid den teas sin ó thuaidh i dtreo na hÉireann le linn an dara seachtain den mhí áit ar taifeadadh uasteochtaí suas le 28 °C ag stáisiúin éagsúla Dé Máirt, an 12ú lá.

Príomhfhigiúirí:

  • Ba é mí Lúnasa 2025 an mhí ba theo sa bhliain 2025 go dtí seo, agus an mhí Lúnasa ba theo ó bhí 1995 ann (nuair a bhí meánteocht 17.75 °C ann).
  • Agus an treocht is déanaí á leanúint ina mbíonn míonna níos teo ná mar is gnách, is í seo an séú mí as a chéile a bhfuil a teocht i measc na naoi meánteocht is airde a taifeadadh riamh le linn na tréimhse 126 bliain a bhfuil taifid ar fáil ina leith.
  • As na deich mí Lúnasa ba theo, tharla trí cinn acu ó bhí 2001 ann (2025, 2003 agus 2022). Ba é mí Lúnasa 1995 an mhí Lúnasa ba theo, le meánteocht 17.75 °C, agus ba é mí Lúnasa 1912 an mhí Lúnasa ab fhuaire, le meánteocht 11.63 °C.
  • I mí Lúnasa 2025, taifeadadh meánbháisteach 78.1 mm, arb ionann é agus 75% den MFT do na blianta 1991-2020, an mhí Lúnasa ba thirime ó 2022 i leith agus an 22 mí Lúnasa ba thirime ar an iomlán ó 1941 i leith.

 

August Climate Statement highlights

Buaicphointí Ráitis Aeráide le haghaidh mí Lúnasa.

Le linn na chéad seachtaine de mhí Lúnasa 2025, bhí aershreabhadh aniar ann den chuid is mó mar thoradh ar ardbhrú laisteas agus lagbhrú lastuaidh. Thrasnaigh roinnt frontaí aimsire laga an tír ón iarthar dá bharr, rud a thug báisteach nó ceathanna scaipthe, a bhí éadrom den chuid is mó, leo. Ar an Luan an 4ú lá, thaistil Stoirm Floris, a d’ainmnigh Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe, ar an taobh ó thuaidh d’Éirinn, rud a thug na gaotha ba láidre den mhí chuig an Iarthuaisceart.

Sa dara seachtain, tháinig méadú ar an ardbhrú ó thuaidh thar Éirinn agus d’aistrigh sé soir, rud a tharraing aermhais an-te aníos ón deisceart. Mar thoradh air sin, tharla an tréimhse ba theo den mhí, ina raibh roinnt laethanta an-te. Bhí an aimsir tirim den chuid is mó san Oirthear, cé go raibh ceathanna ann ó am go chéile san Iarthar. Sa tríú seachtain, tháinig méadú ar an ardbhrú lastuaidh, rud a choinnigh an aimsir tirim den chuid is mó ar fud na tíre. Mar sin féin, thug aershreabhadh anoir aduaidh níos mó scamall agus teochtaí níos fuaire isteach i dtreo dheireadh na seachtaine. Ag tús an cheathrú seachtain, tháinig fronta te isteach ón iardheisceart, rud a thug aermhais níos teo, neart scamall, agus báisteach nó ceobhrán scaipthe ó am go chéile.

Tharla athrú mór ar phatrún na haimsire Dé Luain an 25ú lá, nuair a bhog Iar-Hairicín Erin, a d’ainmnigh an tIonad Náisiúnta Hairicíní, isteach sna domhanleithid meánacha; agus í iompaithe ina stoirm mheán-domhanleithid, spreag sí sruth scairde an Atlantaigh Thuaidh. Bhí iarsmaí na stoirme Erin ina stad idir Éire agus an Íoslainn, agus stiúir sí roinnt frontaí aimsire, claiseanna ceathacha agus córais lagbhrú eile trasna na tíre ón iarthar in aershreabhadh láidir aniar agus thit an bháisteach ba throime san Iarthar.

Báisteach: Faoin meán i mbeagnach gach áit, an Deisceart agus an tOirthear na háiteanna ba thirime

Bhí formhór na n-iomlán titime báistí faoin Meán Fadtéarmach (MFT) ó 1991-2020 don mhí. Bhí céatadán na luachanna báistí míosúla idir 37% (an t-iomlán báistí míosúla ab ísle, 30.5 mm) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí, agus 141% (147.0 mm) ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Ba é 148.2 mm (111% den mheán fadtéarmach) an t-iomlán báistí míosúil ab airde, a taifeadadh ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Ba é 30.1 mm an t-iomlán báistí laethúil ab airde, a taifeadadh ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, Déardaoin an 28ú lá.

Bhí líon na laethanta báistí* idir 9 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Contae Bhaile Átha Cliath, agus 21 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Contae Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta fliucha* idir 6 lá i bPáirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus ar an gCloch Liath, Co. Chorcaí, agus 18 lá i mBaile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta a bhí an-fhliuch* idir lá ar bith ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus 6 lá i mBaile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo agus i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.

Bhí tréimhsí tirime* idir 15 agus 20 lá ar fad ag sé stáisiún, formhór acu san Oirthear agus sa Deisceart, idir an 5ú agus an 24ú lá de mhí Lúnasa. Ag dhá cheann de na stáisiúin sin, Páirc an Fhionnuisce (tréimhse 18 lá) agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath (tréimhse 15 lá), bhí tréimhsí dearbhthriomaigh* ann freisin idir an 5ú agus an 22ú lá de mhí Lúnasa. Bhí an mhí Lúnasa ba thirime ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ó bhliain 2005 i leith freisin.

Rainfall % of 1991 – 2020 Monthly Average for August 2025 (Provisional) Total Monthly Rainfall (mm) for August 2025 (Provisional)

% Báisteach de 1991 – 2020 Meán Míosúil 2021 i mí Lúnasa 2025 (Sealadach). Báisteach Iomlán Mhíosúil (mm) do mí Lúnasa 2025 (Sealadach).

Teocht: I bhfad os cionn an mheáin i ngach áit, agus meánteochtaí taifeadta in áiteanna áirithe

  • Bhí an mhí Lúnasa ba theo riamh ag sé stáisiún (fad na dtaifead idir 14 agus 29 bliain). Bhí an mhí Lúnasa ba theo ó 1995 i leith ag seacht stáisiún, atá ann le fada an lá, acu. Bhí an mhí Lúnasa ba theo ó 1997 i leith ag cúig stáisiún agus bhí an mhí Lúnasa ba theo ó 2003 i leith ag ceithre stáisiún.
  • Bhí an t-íosmhéid míosúil ab airde riamh do mhí Lúnasa ag naoi stáisiún (fad na dtaifead idir 10 agus 85 bliain), lena n-áirítear stáisiúin a bhfuil stair fhada acu, mar atá Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí (11.2 °C) agus Ceann Mhálanna, Co. Dhún na nGall (11.8 °C).
  • Bhí an mheánteocht uasta ab airde riamh do mhí Lúnasa ag dhá stáisiún (fad na dtaifead 14 agus 21 bliain) agus bhí an mheánteocht íosta ab airde riamh do mhí Lúnasa ag sé stáisiún (fad na dtaifead idir 14 agus 85 bliain), lena n-áirítear Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.

Bhí an mheánteocht aeir ar fud na tíre os cionn an MFT don mhí. Bhí na difríochtaí ón meánteocht aeir idir +1.2 °C ag roinnt stáisiún, lena n-áirítear Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo (16.7 °C), Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman (16.6 °C), Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin (16.0 °C) agus Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo (15.8 °C) — agus +1.7 °C ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí (17.1 °C), Inis Arcáin, Co. Chorcaí (17.1 °C), An Chloch Liath, Co. Chorcaí (16.9 °C), An Goirtín, Co. Thiobraid Árann (16.5 °C) agus Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo (15.5 °C). Bhí na meánteochtaí idir 15.5 °C (1.7 °C os cionn an MFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 17.2 °C (1.3 °C os cionn an MFT) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Taifeadadh na teochtaí ab ísle den mhí Dé Domhnaigh an 10ú lá agus tuairiscíodh an íosteocht aeir ab ísle i Muileann gCearr, Co. na hIarmhí (6.5 °C) agus an íosteocht féir ab ísle i bPáirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath (1.6 °C). Tuairiscíodh an uasteocht ab airde Dé Máirt an 12ú lá ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir (28.1 °C). Níor tuairiscíodh sioc aeir ná talún an mhí seo.

Valentia Observatory, Co Kerry Temperature: Daily mean departure from LTA for August 2025 based on 09-09hr Max/Min values.

Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí Teocht: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT i mí Lúnasa 2025 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

 

Provisional top 10 warmest August's on record for Ireland (using the Island of Ireland dataset*)

Na 10 mí Lúnasa ba theo ar taifead in Éirinn go sealadach (bunaithe ar shonraí Oileán na hÉireann*)

Taitneamh Gréine: An leibhéal is airde san Oirthear, an leibhéal is ísle san Iarthar

Bhí luachanna taitnimh gréine éagsúil ar fud na tíre. Bhí céatadán na luachanna taitnimh gréine míosúla idir 101% (iomlán taitnimh gréine míosúil de 145.0 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 123% (an t-iomlán taitnimh gréine míosúil ab airde den mhí, 190.1 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí na hiomláin mhíosúla taitnimh gréine ab ísle ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo le 87.3 uair an chloig; (níl comparáid MFT ar fáil*). Ba é 13.2 uair an chloig ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall ar an Domhnach an 17 Lúnasa, an líon ab airde uaireanta taitnimh gréine laethúla. Bhí líon na laethanta gruama idir lá amháin ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman agus 9 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.

Hours of Bright Sunshine observed at nine stations for each day of the month of August 2025, grouped by province relative to the highest number of hours possible by end of month (shaded box).

Uaireanta Taitnimh Ghil a taifeadadh ag naoi stáisiún gach lá de mhí Lúnasa 2025, grúpáilte de réir cúige agus i gcomparáid leis an líon uaireanta is mó a d’fhéadfadh a bheith ann faoi dheireadh na míosa (bosca scáthaithe).

Gaoth: Tuairiscíodh gálaí láidre le linn stoirm Floris

Bhí meánluasanna míosúla na gaoithe idir 5.4 muirmhíle san uair (10.0 km/u) ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin agus 13.8 muirmhíle san uair (25.6 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Le linn Stoirm Floris Dé Luain an 4ú lá, tuairiscíodh gálaí ag cúig stáisiún, agus tuairiscíodh gaotha fórsa gála láidre ag Ceann Mhálanna i gContae Dhún na nGall. Tuairiscíodh gálaí freisin Dé Sathairn an 30ú lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe, agus Dé Domhnaigh an 31ú lá ag Ceann Mhása agus ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta ina raibh gálaí idir lá ar bith ag formhór na stáisiún go 3 lá ag Ceann Mhása, Co na Gaillimhe. Tuairiscíodh gálaí láidre ag stáisiún amháin, Ceann Mhálanna, Co. Dhún na nGall, Dé Luain an 4ú lá. Tuairiscíodh an séideán agus an meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde sa mhí ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, ar an Luan, an 4 Iúil. Ba é an séideán ab airde ná 56 muirmhíle san uair (104 km/u) agus ba é an meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde ná 43 muirmhíle (80 km/u).

Airmass Analysis chart 12 UTC 4 August 2025: Storm Floris brought strong gales to the North.

Cairt Anailíse Aermhaise 12 AUL 4 Lúnasa 2025: Thug Stoirm Floris gálaí láidre go dtí an Tuaisceart.

Tá tuarascáil iomlán PDF agus cairteacha ar fáil anseo

Extreme values for August 2025 at synoptic stations.

Luachanna foircneacha ag stáisiúin shionoptacha do mí Lúnasa 2025.

Nótaí don Eagarthóir:

  • *Eisithe ag Met Éireann dé Máirt 2 Meán Fómhair 2025. Tá an tuarascáil seo bunaithe ar réamhshonraí atá ar fáil ó 25 príomhstáisiún aimsire arna n-oibriú ag Met Éireann. Is í meán oíche go meán oíche AUL an tréimhse a chlúdaíonn sonraí stáisiúin shionoptacha. Tagraíonn Meánleibhéil Fhadtéarmacha (MLFTanna) agus “meán” don tréimhse 1991-2020.
  • Is lá báistí é lá le 0.2 mm nó níos mó de thitim báistí. Is lá fliuch é lá le 1.0 mm nó níos mó de thitim bháistí. Is lá gruama é lá le níos lú ná 0.5 uair an chloig de thaitneamh gréine. Is lá an-fhliuch é lá le 10.0 mm nó níos mó de thitim bháistí.
  • Tréimhsí tirime aeráideolaíochta – Sainmhínítear dearbhthriomach mar shraith 15 lá as a chéile nó níos mó nach dtaifeadann aon lá aonair 0.2 mm nó níos mó de fhrasaíocht. Is é páirt-triomach tréimhse 29 lá nuair nach mó an mheántitim báistí laethúil agus ná 0.2 mm. Sainmhínítear tréimhse thirim mar thréimhse 15 lá as a chéile nó níos mó, nach bhfaigheann aon cheann acu 1.0 mm nó níos mó de fhrasaíocht (i.e., an t-iomlán laethúil níos lú ná 1.0 mm).
  • Tarlaíonn tonn teasa nuair a bhíonn 5 lá as a chéile nó níos mó ann a bhfuil an uasteocht os cionn 25°C (is é sin, uasteocht laethúil an aeir scáthláin > 25° C)
  • Tá an tacar sonraí ‘Oileán na hÉireann’ 125 bliain ar fad agus clúdaíonn sé an tréimhse ó 1900 go 2023. Úsáidtear meáin fhadtéarmacha na tréimhse tagartha 1961-1990 mar bhonn comparáide don tacar sonraí seo, mar is gnách i measúnuithe fadtéarmacha ar an athrú aeráide.
  • *Tagann sonraí gréine ón Líonra Autosol. Ní úsáidtear MLFTanna do na suímh seo faoi láthair chun críocha comparáide.
  • Le haghaidh tuilleadh eolais nó chun agallamh a eagrú le hurlabhraithe Met Éireann, déan teagmháil le enq@met.ie.