Ráiteas Aeráide do Shamhradh agus Lúnasa 2022

Samhradh 2022 (Meitheamh, Iúil, Lúnasa)

Tirim agus te, grianmhar sa Deisceart agus san Oirthear

Is é samhradh 2022 an cúigiú séasúr i ndiaidh a chéile inar thaifead gach stáisiún sionoptach meánteochtaí os cionn an mheáin. Baineadh amach uasteochtaí laethúla arda nua do mhí Iúil agus Lúnasa, a bhí ina míonna an-tirime freisin, tar éis Meitheamh a bhí níos fliche ná mar is gnách. Bhí sé grianmhar sa Deisceart agus san Oirthear, gruama sa Tuaisceart agus san Iarthuaisceart. Ba mhí réasúnta séimh í mí Meithimh, le smacht ag aimsir an Atlantaigh agus aershreabh aneas agus aniar ann go príomha. Choimeád sé seo níos fliche, níos fionnuaire agus níos scamallaí é san Iarthar agus níos tirime, níos teo agus níos grianmhara san Oirthear. D’fhorbair ardbhrú na nAsór os cionn na hÉireann i mí Iúil agus mí Lúnasa, rud a thug dálaí níos teo agus níos tirime leis, ag amanna áirithe, den chuid is mó. Ghluais aermhais ilchríochach thrópaiceach an-te trasna na hÉireann agus na RA ón deisceart-iardheisceart idir an Domhnach an 17 agus an Mháirt an 19 Iúil, rud a thug uasteochtaí laethúla níos airde ná mar a taifeadadh riamh go naoi stáisiún shionoptacha, an uasteocht laethúil nua is airde riamh do mhí Iúil san áireamh. Bhí dálaí toinne teasa ann i mí Lúnasa idir an Mháirt an 9 agus an Domhnach an 14, a thug seal eile leo a sháraigh na taifid. Sháraigh aon stáisiún sionoptach déag a dtaifid d’uasteocht laethúil mhí Lúnasa, an uasteocht laethúil nua is airde riamh do mhí Lúnasa san áireamh.

Titim Báistí: Faoin meán i ngach áit, an Deisceart agus an Oirthear na háiteanna ba thirime

Bhí iomlán shéasúracha na titime báistí ar fud na tíre faoi Mheánleibhéal Fadtéarmach (MLFT) 1981-2010 don samhradh. Bhí céatadán luachanna séasúracha na titime báistí idir 49% (iomlán séasúrach titime báistí de 126.4 uair an chloig) ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí agus 96% (iomlán séasúrach titime báistí is airde an tséasúir de 311.3 uair an chloig) ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Ba ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, a bhí iomláin shéasúracha na titime báistí is ísle ag 108.4 mm (céatadán MLFT 55%). Taifeadadh lá is fliche an tséasúir ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo, freisin le 47.5 mm ar an Luan an 1 Lúnasa. Bhí líon na laethanta báistí idir 27 lá ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach, agus 62 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta fliucha idir 19 lá ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach agus 40 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta an-fhliucha idir 1 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 9 lá ag cúpla stáisiún. Bhí sealanna triomaigh ag sé stáisiún idir an 2 agus an 22 Iúil a mhair idir 17 agus 21 lá agus bhí sealanna triomaigh ag dhá stáisiún idir an 3 agus an 19 Lúnasa (tá tuilleadh sonraí faoi na sealanna triomaigh sin le fáil sna ráitis aeráide mhíosúla).

 

Provisional monthly gridded 2022 rainfall (%) for Ireland on a monthly basis.

Titim báistí ghreillithe mhíosúil shealadach 2022 (%) d’Éirinn ar bhonn míosúil.

Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit, agus na taifid uasteochta laethúla is airde riamh sáraithe ag deich stáisiún

Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn an MLFT don séasúr. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir 0.2 °C (meánteocht de 14.5 °C) ag Marcréidh, Co. Shligigh, agus 1.3 °C (meánteocht is airde an tséasúir ag 16.1 °C) ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Ba iad na meánteochtaí is ísle don séasúr ná 14.1 °C ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo (0.8°C de dhifríocht leis an MLFT). Taifeadadh teochtaí is ísle an tséasúir ar an Déardaoin an 2 Meitheamh. Taifeadadh an t-íosmhéid aeir is ísle ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin le teocht de 2.1 °C agus an t-íosmhéid féir is ísle ar taifead ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, ag -2.1 °C. Tuairiscíodh an uasteocht is airde ar an Luan an 18 Meitheamh ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath le teocht de 33.0°C (uasteocht laethúil an stáisiúin is airde a taifeadadh riamh i dtaifid a théann siar chomh fada le 1881 agus an dara teocht is airde riamh a taifeadadh in Éirinn). Níor tuairiscíodh sioc aeir an séasúr seo. Thuairiscigh níos lú ná leath na stáisiún sioc talún. Bhí líon na laethanta le sioc talún idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 5 lá ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin. Tuairiscíodh tonnta teasa ag seacht stáisiún shionoptacha idir an Mháirt an 9 agus an Domhnach an 14 Lúnasa, a mhair idir 5 agus 6 lá. Sháraigh deich stáisiún na taifid uasteochta laethúla is airde riamh. Ba iad sin: Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath ag 33.0°C (fad taifid 141 bliain), Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath ag 31.9°C (fad 58 bliain), Cluain Creamha, Co. Ros Comáin ag 31.4°C (fad 14 bliain), an Goirtín, Co. Thiobraid Árann ag 31.0°C (fad 14 bliain), Baile Átha hÉis, Co. an Chabháin ag 30.8°C (fad 17 bliain), an Chloch Liath, Co. Chorcaí ag 30.6°C (fad 35 bliain) (i mí Lúnasa), Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe (fad 12 bhliain) agus Dún Samhnaí, Co. na Mí (fad 48 bliain) ag 30.5°C, an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí ag 30.4°C (fad 72 bliain) agus Aerfort Bhaile Átha Cliath ag 29.6°C (fad 80 bliain). Chomh maith leis sin, sháraigh cúpla stáisiún a dtaifid uasteochta do mhí Iúil agus/nó Lúnasa (tá tuilleadh sonraí le fáil sna ráitis aeráide míosúla).

 

Daily summer 2022 max min temperatures for Valentia Observatory, Dublin Airport and Belmullet

Uasteochtaí agus íosteochtaí laethúla shamhradh 2022 do Réadlann Dhairbhre, Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Béal an Mhuirthead

Taitneamh na Gréine: Mí Lúnasa an mhí ba ghrianmhara, go háirithe sa Deisceart agus san Oirthear

Bhí iomláin an taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil os cionn an MLFT don séasúr. Bhí céatadán na luachanna taitnimh gréine séasúracha idir 116% (iomlán taitnimh gréine séasúrach de 506.2 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 120% (iomlán taitnimh gréine séasúrach de 558.2 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí na hiomláin taitnimh gréine is airde ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman ag 629.2 uair an chloig (níl comparáid MLFT ar fáil*). Bhí na hiomláin taitnimh gréine is ísle ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ag 405.6 uair an chloig (níl comparáid MLFT ar fáil*). Ba é 16.1 uair an chloig ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall ar an Satharn, an 4 Meitheamh, an líon is airde uaireanta an chloig gréine laethúla an séasúr seo. Bhí líon na laethanta gruama idir 9 lá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 17 lá ag Béal Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.

Gaoth: Tuairiscíodh gálaí i mí Meithimh, níor tuairiscíodh gálaí i mí Iúil ná i mí Lúnasa

Bhí meánluas séasúrach na gaoithe idir 5.0 muirmhíle san uair (9.3 km/u) ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin agus 12.4 muirmhíle san uair (23.0 km/u) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Tuairiscíodh gálaí ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ar an Aoine an 10 Meitheamh agus ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe ar an Satharn an 25 Meitheamh. Ní raibh aon ghálaí i mí Iúil ná i mí Lúnasa. Bhí líon na laethanta le gaotha fórsa gála idir náid lá ag formhór na stáisiún agus 1 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Níor tuairiscíodh aon ghála láidir ná stoirm an séasúr seo. Tuairiscíodh meánluas gaoithe 10 nóiméad an tséasúir ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ar an Satharn an 25 Meitheamh agus an Aoine an 10 Meitheamh, faoi seach, le 34 muirmhíle san uair (63 km/u). Ba é 45 muirmhíle san uair (83 km/u) an séideán is airde, a tuairiscíodh ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, ar an Aoine an 10 Meitheamh.

Tá an tuairisc iomlán ar fáil anseo

Extreme values for summer 2022 at synoptic stations

Luachanna míchuibheasacha ag stáisiúin shionoptacha


Mí Lúnasa le Cúpla Bliain Anuas in Éirinn:

  • 2016: Thuairiscigh dhá thrian de stáisiúin faoin Meánleibhéal Fadtéarmach (MLFT) do thitim báistí, bhí beagnach gach stáisiún os cionn meánteochtaí agus bhí na hiomláin taitnimh gréine faoin meán go príomha.
  • 2017: Fionnuar agus gruama. Bhí luachanna MLFT na titime báistí athraitheach, bhí gach teocht aeir faoin meán agus bhí beagnach gach iomlán taitnimh gréine faoin meán.
  • 2018: Níos fionnuaire agus níos fliche sa Tuaisceart agus san Iarthar, tirim agus níos teo i ngach áit eile. Bhí an chuid is mó d’iomláin mhíosúla na titime báistí faoin MLFT, bhí meánteochtaí aeir athraitheach agus bhí iomláin taitnimh gréine faoin meán ag gach stáisiún.
  • 2019: Séimh agus Luaineach. Titim báistí, teochtaí aeir agus taitneamh gréine os cionn an mheáin i bhformhór áiteanna.
  • 2020: Te, fliuch agus stoirmiúil. Thug Stoirm Ellen agus Stoirm Francis titim báistí láidir agus gálaí leo. Bhí titim báistí agus teochtaí aeir os cionn an mheáin i ngach áit agus bhí iomláin an taitnimh gréine faoin MLFT.
  • 2021: Séimh agus athraitheach, deireadh na míosa tirim. Bhí formhór iomláin mhíosúla na titime báistí faoin MLFT, bhí beagnach gach meánteocht os a chionn, agus bhí luachanna taitnimh gréine athraitheach.

Lúnasa 2022

Tirim, grianmhar agus an-te, le tonnta teasa agus teochtaí níos airde ná mar a taifeadadh riamh

Bhí smacht ag an ardbhrú tirim ó mhí Iúil ar aghaidh go mí Lúnasa, agus thug sé aimsir the agus ghrianmhar leis, go háirithe i Lár Tíre, sa Deisceart agus san Oirthear. Thosaigh an chéad seachtain agus lagbhrú amach ó chósta thuaidh na tíre, lagbhrú a thug roinnt mhaith frontaí aimsire Atlantacha leis trasna na tíre, le báisteach throm san Iarthuaisceart. D’fhan an aimsir tirim go maith sa Deisceart agus san Oirthear. Faoi dheireadh na chéad seachtaine, bhí smacht ag an ardbhrú, a d’fhorbair ón iarthar agus ón iardheisceart, a thug dálaí tirime den chuid is mó léi agus an-chuid taitnimh gréine. Shín ardbhrú sa dara seachtain ó na hAsóir chomh fada le Críoch Lochlann, ardbhrú a raibh dálaí socra agus grianmhara mar thoradh air go príomha agus a choinnigh frontaí aimsire ón Atlantach go mór ó thuaidh, le teochtaí ag méadú gach lá. Chonacthas dálaí tonn teasa mar thoradh air seo ag cúpla stáisiún agus bhí na huasteochtaí laethúla is airde riamh i mí Lúnasa againn. Bhí cliseadh stoirmiúil ar an 14 agus an 15 Iúil agus lagbhrú ag brú isteach ón deisceart agus ón iarthar, ag tabhairt roinnt titimí báistí agus cloichshneachta diana áitiúla leis, le roinnt maidhmeanna tuile in áiteanna. Bhí smacht ag an ngaoth aniar ón Atlantach sa tríú seachtain agus ag tús an ceathrú seachtain, le lagbhrú siar ó thuaidh ón tír ag stiúradh roinnt frontaí aimsire laga trasna na tíre, agus ceathanna fite fuaite tríothu, ach bhí méid na titime báistí measartha íseal fós i bhformhór na n-áiteanna. D’fhorbair ardbhrú sa tseachtain dheireanach den mhí ar fud na tíre arís, agus ghluais sé ó thuaidh, rud a raibh aimsir the agus thirim mar thoradh air den chuid is mó, le méideanna éagsúla taitnimh gréine.

Titim Báistí: Faoin meán i ngach áit, an titim báistí is ísle i Lár Tíre, sa Deisceart agus san Oirthear

Bhí iomláin mhíosúla na titime báistí ar fud na tíre don mhí faoi Mheánleibhéal Fadtréimhseach 1981-2010 (MLFT). Bhí an céatadán de luachanna titime báistí míosúla idir 14% (iomlán míosúil titime báistí is ísle na míosa ag 12.0mm) ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí (an Lúnasa is tirime ar taifead (fad 18 mbliana)) agus 79% (iomlán míosúil titime báistí is airde na míosa ag 104.1mm) ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Taifeadadh lá is fliche na míosa ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo, freisin le 47.5 mm ar an Luan an 1 Lúnasa. Bhí líon na laethanta báistí idir 9 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 19 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, agus Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta fliucha idir 4 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 11 lá ag cúpla stáisiún. Bhí líon na laethanta an-fhliucha idir náid lá i bPáirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 3 lá ag cúpla stáisiún. Bhí sealanna triomaigh ag dhá stáisiún idir an 3 agus an 19 Lúnasa. Ba iad sin Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí, a mhair 15 lá agus Dún Samhnaí, Co. na Mí a mhair 17 lá. Bhí an Lúnasa ba thirime ó 1995 ag Marcréidh, Co. Shligigh, Dún Samhnaí, Co. na Mí, agus Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí. Bhí an Lúnasa ba thirime ó 2003 ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath, an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, agus Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath.

Total Monthly Rainfall (mm) for August 2022 (Provisional)

Báisteach Iomlán Míosúil (mm) – Samhain 2022 (Sealadach)

 

Rainfall % of 1981 - 2021 Monthly Average for August 2022 (Provisional)

Báisteach % de 1981 – 2021 do mhí na Lúnasa 2022 (Sealadach)

Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit, thuairiscigh aon stáisiún déag na huasteochtaí laethúla is airde riamh do mhí Lúnasa

Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn an MLFT don mhí. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir 0.2 °C (meánteocht is ísle na míosa ag 14.8 °C) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, agus 2.1 °C (meánteocht is airde na míosa ag 17.1 °C) ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí (an mhí Lúnasa is tirime ó 1995). Thuairiscigh Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí meánteocht is airde na míosa ag 17.1°C (1.7°C os cionn an MLFT) (an mhí Lúnasa is teo ar taifead (fad 18 mbliana)). Tuairiscíodh teocht is airde na míosa ag stáisiún sionoptach ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach, ar an Aoine an 12 Lúnasa le teocht de 31.7°C (an uasteocht laethúil is airde riamh do mhí Lúnasa a tuairiscíodh ag stáisiún sionoptach). Sáraíodh an teocht sin an lá dár gcionn ar an Satharn an 13 ag stáisiún aeráide Dharú, Co. Laoise, áit ar tuairiscíodh 32.1°C, atá anois ar an uasteocht laethúil is airde riamh do mhí Lúnasa in Éirinn. Tuairiscíodh an t-íosmhéid aeir agus féir is ísle don mhí ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin, leis an teocht aeir is lú tuairiscithe ar an Luan an 1 Lúnasa le 3.8°C agus an t-íosmhéid féir is ísle tuairiscithe ag -1.5°C ar an gCéadaoin an 17 Lúnasa. Níor tuairiscíodh sioc aeir an mhí seo. Bhí líon na laethanta le sioc talún idir náid lá ag formhór na stáisiún agus 3 lá ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin. Tuairiscíodh tonnta teasa ag seacht stáisiún idir an Mháirt an 9 agus an Domhnach an 14, a mhair idir 5 agus 6 lá. Ba acu seo a leanas a bhíodar: Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí, Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath, Dún Samhnaí, Co. na Mí (5 lá), Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach, an Chloch Liath, Co. Chorcaí agus Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath (6 lá). Sháraigh aon stáisiún sionoptach déag a dtaifid uasteochta do mhí Lúnasa. Ba iad sin: Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach ag 31.7°C (fad 18 mbliana), Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir ag 30.0°C (fad 76 bliain), Cluain Creamha, Co. Ros Comáin ag 29.2°C (fad 7 mbliana), an Goirtín, Co. Thiobraid Árann ag 28.9°C (fad 14 bhliana), Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe ag 28.5°C (fad 12 bhliain), Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo ag 28.5°C (fad 62 bliain), Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí ag 28.3°C (fad 60 bliain), Marcréidh, Co. Shligigh ag 28.3°C (fad 17 mbliana), Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe ag 27.4°C (fad 18 mbliana) agus Fionnúir, Co. Dhún na nGall ag 26.5°C (fad 11 bliain). Sháraigh stáisiún amháin, an Chloch Liath, Co. Chorcaí, an taifead teochta is airde riamh aige le 30.6 °C (fad 35 bliain).

 

Cork Airport Temperature: Daily mean departure from LAT

Teocht Aerfort Chorcaí: Athrú i meánteocht laethúil ón MLFT

Oak Park, Co Carlow: Average temperatures for 12-Aug-2022

Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach: Meánteochtaí don 12 Lúnasa 2022

Taitneamh na Gréine: Grianmhar i ngach áit, an méid is mó gréine sa Deisceart agus san Oirthear

Bhí gach iomlán taitnimh gréine atá ar fáil os cionn a MLFT. Bhí céatadán na luachanna gréine míosúla idir 159% (iomlán míosúil an taitnimh gréine de 240.0 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 172% (iomlán míosúil taitnimh gréine is airde na míosa ag 242.9 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Bhí na hiomláin mhíosúla taitnimh gréine is ísle ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall ag 172.1 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*). Ba é 14.6 uair an chloig ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall ar an gCéadaoin an 10, an líon is airde uaireanta an chloig gréine laethúla. Bhí líon na laethanta gruama idir 1 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath, agus Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí, agus 5 lá ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman.

Gaoth: Ní róláidir

Bhí meánluas míosúil na gaoithe idir 4.4 muirmhíle san uair (8.1 km/u) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí ag 11.3 muirmhíle san uair (20.9 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Ní raibh aon lá le gálaí, gálaí láidre ná stoirmeacha an mhí seo. Tuairiscíodh an séideán agus an luas gaoithe 10 nóiméad is airde sa mhí ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe ar an gCéadaoin an 3. Ba é an séideán is airde ná 38 muirmhíle san uair (70 km/u) agus ba é an luas gaoithe 10 nóiméad is airde ná 30 muirmhíle (56 km/u).

Tá an tuairisc iomlán ar fáil anseo

 

Extreme values at synoptic stations

Luachanna míchuibheasacha ag stáisiúin shionoptacha