Seirbhís Aeráide le haghaidh samhaltú teirmeach foirgneamh

Tá bailiúchán de chomhaid ionchuir aimsire curtha le chéile ag Met Éireann le haghaidh samhaltú teirmeach foirgneamh, rud a chuirfidh ar chumas dearthóirí foirgneamh measúnú níos cruinne a dhéanamh ar na rioscaí róthéimh atá ann d’fhoirgnimh in Éirinn.

Mar thoradh ar an aeráid athraitheach in Éirinn, mhaoinigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tionscadal seo chun ‘Léarscáileanna agus sonraí aeráide chun tacú le caighdeáin dearaidh foirgneamh in Éirinn’ a nuashonrú. Ba é aidhm an taighde seo ná an iarracht sraith de na comhaid ionchuir aimsire seo a tháirgeadh ag suímh ionadaíocha ar fud na tíre. Tacóidh na sonraí nua seo le dearadh struchtúrach foirgneamh in Éirinn.

Rachaidh aschuir an taighde seo chun sochair do raon leathan páirtithe leasmhara atá ag comhoibriú faoi láthair le Met Éireann, mar an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Beidh an tuarascáil seo mar bhonn eolais freisin do bheartas maidir le príomhbhonneagair náisiúnta a chur ar fáil amhail tithíocht agus athchóiriú foirgneamh.

Gineadh na comhaid aimsire ag 6 shuíomh. Tá na comhaid seo ar fáil i bhfoirm Bliain Tagartha Tástála (meánchoinníollacha) agus Blianta Samhraidh Dearaidh (teagmhais róthéimh) do dhálaí aimsire san am atá thart agus do raon cásanna aeráide amach anseo. Soláthraíonn na sonraí seo faisnéis logánaithe inrochtana saor in aisce do dhearthóirí foirgneamh, sonraí nach raibh ar fáil roimhe seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun rochtain a fháil ar na sonraí, seol ríomhphost chuig enquiries@met.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag an nasc seo a leanas freisin: Sonraí aeráide le haghaidh samhaltú teirmeach foirgneamh.

Léigh an tuarascáil iomlán.

Griffin, S., Mateus C. agus Lambkin, K. 2023. Sonraí aeráide le húsáid i ndearadh foirgneamh – Comhaid aimsire san am a chuaigh thart agus san am atá le teacht le haghaidh measúnacht riosca ar róthéamh. Nóta Aeráideolaíochta Uimh. 21. Met Éireann.