Ráiteas Príobháideachais maidir le hÚsáid na Meán Sóisialta de chuid Met Éireann

 

Ráiteas Príobháideachais maidir le hÚsáid na Meán Sóisialta de chuid Met
Éireann
Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Roinn an Rialtais atá
freagrach as tithíocht, pleanáil, seirbhísí uisce agus cáilíocht an chomhshaoil, rialtas
áitiúil, oidhreacht thógtha agus nádúrtha agus as seirbhísí réamhaisnéise aimsire. Is
rannán den Roinn é Met Éireann, arb í seirbhís aimsire náisiúnta na hÉireann. Tá
roinnt cuntas meán sóisialta ag Met Éireann ar Twitter, Facebook, Instagram,
YouTube agus LinkedIn.
Is rialtóir sonraí í an Roinn de réir bhrí Airteagal 4 den Rialachán Ginearálta maidir le
Cosaint Sonraí. Tá an Roinn agus Met Éireann tiomanta do phríobháideachas a
chosaint agus a urramú agus míníonn an ráiteas seo an chaoi a n-úsáideann an
Roinn, mar rialaitheoir sonraí, aon sonraí pearsanta a bhailítear fút.
Cén cineál sonraí pearsanta a phróiseálaimid agus cad a dhéanaimid leo?
Féadfaimid do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil ar cheann de na cúiseanna seo a
leanas:
 Tá tú ag tabhairt do chuid sonraí pearsanta dúinn ionas go bhféadfaimis
freagra a thabhairt ar fhiosrúchán. Caithfimid do chuid sonraí pearsanta a
phróiseáil má dhéanann tú teagmháil linn trí na meáin shóisialta chun eolas a
fháil faoi bheartas, rochtain a fháil ar sheirbhís nó insint dúinn faoi rud éigin.
B’fhéidir go gcaithfimid do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil más mian leat
go ndéanfaimis d’fhiosrúchán a atreorú chuig an roinn ábhartha.
 Rinneamar scannánú, grianghraf nó taifeadadh fuaime duit ag ócáid le do
thoiliú, agus thoiligh tú freisin go bhfoilseofaí an t-ábhar seo ar na meáin
shóisialta agus ar shuíomh gréasáin na roinne.
Féadfaimid na cineálacha sonraí pearsanta seo a leanas a phróiseáil:
• D’ainm, do sheoladh, do sheoladh ríomhphoist, d’uimhir theileafóin, láimhseáil na
meán sóisialta agus faisnéis teagmhála eile a ligeann dúinn déileáil le d’fhiosrúchán.
Sa chomhthéacs seo, má tá sonraí pearsanta i do theachtaireacht molaimid duit
teagmháil a dhéanamh linn go díreach nó go príobháideach (agus is fearr nach
ndéanfar é seo trí na meáin shóisialta) seachas trí theachtaireachtaí poiblí. Má tá
faisnéis teagmhála san áireamh i do theachtaireacht, chun críocha seirbhíse do
chustaiméirí, ní úsáidfear na sonraí seo ach chun freagra a thabhairt ar
d’fhiosrúchán.
• Tráchtanna uait ar chainéal meán sóisialta poiblí
• Scannánú, íomhánna grianghrafadóireachta nó taifeadtaí fuaime díot ar cheann dár
gcainéil meán sóisialta
Cad é an bunús dlí le sonraí a phróiseáil?
Is iad na hailt seo a leanas den RGCS an bunús dlí maidir le do chuid sonraí a
phróiseáil:
Airteagal 6
• Toiliú: Thug tú féin nó ionadaí dlíthiúil toiliú.
• Leas dlisteanach: tá gá le próiseáil chun críocha na leasanna dlisteanacha a
shaothraíonn an rialaitheoir nó tríú páirtí.
Má sholáthraíonn tú do chuid sonraí pearsanta dúinn ionas gur féidir linn cumarsáid
a dhéanamh leat go díreach maidir le beartais agus obair an Rialtais, tá leas
dlisteanach againn freagra a thabhairt ar do theachtaireachtaí trí na meáin shóisialta.
Mar úsáideoir meán sóisialta beidh tú tar éis téarmaí agus coinníollacha úsáide
sholáthraí an ardáin meán sóisialta a shíniú. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil
faoi bheartais phríobháideachais agus shonraí na n-ardán seo ar na hardáin faoi
seach:
Líonra sóisialta Beartais Twitter Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh RGCS Facebook Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh RGCS
Ní fhoilseoimid ábhar ar ár gcainéil mheán sóisialta ina bhfuil do shonraí pearsanta
(trí íomhá, focail agus/nó guth) a luaithe a gheobhaimid do chead i scríbhinn chun
sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil.
Conas a dhéanaimid príobháideachas leanaí a chosaint?
Tuigimid an tábhacht a bhaineann le príobháideachas leanaí a chosaint ar líne. Ní
phróiseálfaimid sonraí (grianghraif, físeáin de leanaí ag imeachtaí mar shampla) a
bhaineann le leanaí faoi bhun 16 bliana mura bhfuil toiliú sainráite ón duine fásta cuí
againn.
An roinnfear do chuid sonraí pearsanta?
Ní roinnfear do chuid sonraí pearsanta le tríú páirtithe ar bith mura gceanglaítear
orainn déanamh amhlaidh de réir dlí.
Conas a choinnímid do chuid sonraí pearsanta slán?
Tá slándáil do shonraí pearsanta tábhachtach dúinn. Sin é an fáth go leanaimid raon
beartas agus nósanna imeachta slándála chun rochtain ar do shonraí pearsanta
agus úsáid do shonraí pearsanta a rialú agus a chosaint. Cuirimid oiliúint ar ár
bhfoireann freisin chun iad a chur ar an eolas faoi conas faisnéis a láimhseáil agus
conas agus cathain a thuairisciú nuair a théann rud éigin mícheart.
Cá fhad a choinnímid do chuid sonraí?
Ní choinnímid do chuid sonraí pearsanta ach ar feadh an ama is lú is gá. Uaireanta
leagtar amach an tréimhse ama seo sa dlí, ach i bhformhór na gcásanna bíonn sé
bunaithe ar riachtanas gnó.
YouTube Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh RGCS
Instagram Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh RGCS
Chun beartais, cláir agus faisnéis phoiblí an Rialtais a chur in iúl is í an tréimhse
uasta a choinnímid sonraí pearsanta ná cúig bliana, ach amháin i gcúinsí
eisceachtúla. Ligeann an tréimhse ama seo dúinn sonraí a choinneáil chun aon
ábhar breise sna meáin shóisialta maidir le beartas, clár nó teachtaireacht faisnéise
poiblí Rialtais a ghiniúint, a bhfuil na sonraí sin ábhartha dóibh i gcónaí do lucht
féachana poiblí nó sonrach. Cuirfear prótacail bhainistíochta sonraí i bhfeidhm chun
an coinneáil sonraí seo a fhorfheidhmiú. Beidh sé mar aidhm acu seo a chinntiú go
ndéanann na daoine a dhéanann maoirseacht ar bhealaí meán sóisialta na roinne
athbhreithniú rialta ar shonraí agus go scriosann siad aon sonraí nár cheart a
choinneáil a thuilleadh.
Cad iad do chearta faisnéise?
Tá do chearta leagtha amach sa dlí. Faoi réir roinnt eisceachtaí dlíthiúla, tá sé de
cheart agat:
1. rochtain a fháil ar do chuid sonraí – tá sé de cheart agat cóip de na sonraí
pearsanta atá á coinneáil againn fút a iarraidh.
2. do shonraí a cheartú – ba mhaith linn a chinntiú go bhfuil do chuid sonraí
pearsanta cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. Dá bhrí sin, féadfaidh tú
iarraidh orainn aon sonraí pearsanta fút a cheartú nach gcreideann tú a
chomhlíonann na caighdeáin seo.
3. scriosadh do chuid sonraí – tá sé de cheart agat iarraidh orainn sonraí
pearsanta fút a scriosadh i gcás:
a. go gceapfá nach gá dúinn an sonraí chun na gcríoch a fuarthas ar dtús
é
b. go bhfuil agóid dáiríre agat maidir lenár n-úsáid de do chuid pearsanta
sonraí
c. go bhfuil ár n-úsáid de do chuid pearsanta sonraí contrártha don dlí nó
dár n-oibleagáidí dlíthiúla eile
4. srian a chur ar ár bpróiseáil ar do chuid sonraí – i gcásanna áirithe,
féadfaidh tú iarraidh orainn srian a chur ar an gcaoi a n-úsáidimid do chuid
sonraí pearsanta. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an gceart seo, mar
shampla, i gcás go bhfuilimid ag seiceáil cruinnis na sonraí pearsanta atá
againn fút nó má táimid ag measúnú na hagóide a rinne tú maidir lenár núsáid as do chuid sonraí. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an gceart seo freisin
mura bhfuil bunús againn a thuilleadh le do chuid sonraí pearsanta a úsáid
ach mura dteastaíonn uait go scriosfaimis na sonraí. Sa chás go gcuirtear an
ceart seo i bhfeidhm go réalaíoch, ní fhéadfaidh muid na sonraí pearsanta
ábhartha a úsáid ach le do thoiliú, le haghaidh éilimh dhlíthiúla nó i gcás go
bhfuil forais leasa phoiblí eile ann chun é sin a dhéanamh.
5. agóid i gcoinne próiseála
6. iarradh go ndéanfar do chuid sonraí a phortáil (iniomparthacht sonraí)
Toiliú a tharraingt siar chun do chuid sonraí a úsáid
Sa chás go n-úsáidimid do chuid sonraí pearsanta le do thoiliú féadfaidh tú an toiliú
sin a tharraingt siar tráth ar bith agus stadfaimid de do chuid sonraí pearsanta a
úsáid chun na críche/na gcríoch ar tugadh toiliú ina leith.
Téigh i dteagmháil linn más mian leat aon cheann de na cearta seo a fheidhmiú
(féach thíos).
Conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn?
Do chearta a fheidhmiú nó gearán a dhéanamh
Má mheasann tú gur sáraíodh do chearta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh le Coimisinéir
Cosanta Sonraí na hÉireann (https://www.dataprotection.ie/en/contact/how-contact-us) Tá
sé de cheart agat leigheas breithiúnach a lorg.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne Tithíochta,
Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag:
Oifigeach Cosanta Sonraí, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman