I láthair ag Comhdháil Comórtha 90 Bliain Met Éireann bhí saineolaithe Éireannacha agus idirnáisiúnta, lucht déanta beartas agus cleachtóirí, as pobail aimsire agus ullmhachta aeráide, agus bhí siad ag díriú ar an téama Aimsir, Aeráide agus Muid Féin: Réamhaisnéisiú agus Athléimneacht i nDomhan atá ag Athrú.
25 Meán Fómhair 2026
Eagraithe mar cheann amháin de shraith imeachtaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ngarsprioc shuntasach seo i stair Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann agus curtha i láthair go cumasach ag Aoibhinn Ní Shúilleabháin. Fóram ba ea Comhdháil Comórtha 90 Bliain Met Éireann chun plé a dhéanamh ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo a bhainfidh le hacmhainn thuarthach aimsire agus aeráide, le béim ar chomhshaothar agus ar chomhpháirtíochtaí ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta. Rinne breis is 200 rannpháirtí ceiliúradh ar 90 bliain de mhuinín as Met Éireann trína chinntiú gurb ionann eolaíocht agus teicneolaíocht agus gné seirbhíse poiblí riachtanach trí shúil a chaitheamh chun cinn.
Sular thug Graham Doyle, Ard-Rúnaí sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an t-aitheasc oscailte, chuir Eoin Moran, Stiúrthóir Met Éireann fáilte roimh an slua a bhí i láthair:
“I gceann deich mbliana eile, seans maith go mbeidh slua eile ag bailiú le chéile chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó bunaíodh Met Éireann. Seans go mbeidh súil á caitheamh siar acu ar na roghanna a rinne muid sa tréimhse deich mbliana idir an dá linn. Agus, ar an tslí ar chabhraigh muid chun pobal na hÉireann a ullmhú chun déileáil leis na rioscaí a bhaineann le haimsir, aeráid agus tuilte.
Is í an fhreagracht atá orainn a chinntiú gur féidir leo na ceisteanna sin a fhreagairt go muiníneach. Le nócha bliain anuas, tá Met Éireann ag cabhrú le daoine in Éirinn chun aeráid na tíre a thuiscint agus chun ullmhú don aimsir. Is é an dúshlán atá le sárú anois ná cur leis an oidhreacht sin trí chabhrú le pobal na hÉireann a bheith ag súil le, ag dul in oiriúint do agus ag dul ó neart go neart fad atá an aeráid ag athrú.”

Fíor 1 – Cainteoirí agus painéalaithe (clé go deas) Florian Pappenberger (Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin), Keith Lambkin (Met Éireann), Claire Bergin (Ollscoil Mhá Nuad), Gráinne UÍ Thuama (An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil), Graham Doyle (Ard-Rúnaí na Roinne Tithíochta Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta), Eoin Moran (Stiúrthóir Met Éireann), Aoibhinn Ní Shúilleabháin (MS), Eoin Sherlock (Met Éireann), Josephine Prendergast (Met Éireann), Andrew Parnell (Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath), Carlo Buontempo (Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin), Caroline McMullan (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath).
I rith phlé an phainéil agus na bpríomhláithreoireachtaí, scrúdaíodh ról ilghnéitheach na seirbhísí meitéareolaíocha náisiúnta agus an tslí a n-athraíonn siad eolaíocht agus teicneolaíocht cheannródaíoch go dtí uirlisí agus seirbhísí praiticiúla a théann chun tairbhe na sochaí. Tugadh léargas i rith na gcainteanna ar an tréimhse reatha d’athrú tapa agus d’fhorbairt laistigh de na heolaíochtaí aimsire, na clíomeolaíochta agus na n-eolaíochtaí gaolmhara, idir an aeráid athraitheach agus forbairtí teicneolaíochta agus úsáid IS. Téama lárnach i rith an lae ba ea ról ríthábhachtach an chomhshaothair náisiúnta. Eorpaigh agus idirnáisiúnta ar mhaithe leis an leas coiteann, go stairiúil, inniu, agus i gcomhthéacs thodhchaí na haimsire agus na hullmhachta aeráide. Tá comhshaothar den chineál sin atá bunaithe ar bhreathnóireachtaí, satailítí, sonraí, samhlacha, ríomhaireacht, taighde agus saineolas a roinnt, riachtanach chun tacú le seirbhísí meitéareolaíochta náisiúnta ionas gur féidir leo réamhaisnéisí agus rabhaidh chruinne agus thráthúla a chur ar fáil.

Fíor 2 – Na painéil i mbun plé ag Comhdháil Comórtha 90 Bliain Met Éireann.
Cuireann an comhshaothar idirnáisiúnta seo mar aon le forbairt leantach an eolais roinnte agus na dteicneolaíochtaí agus na nuálaíochta roinnte ar chumas seirbhísí meitéareolaíochta náisiúnta tacú leis an bpobal le cúrsaí aimsire agus le hullmhacht aeráide. Mar thoradh ar an obair seo bíonn daoine níos sábháilte, beidh seirbhísí éigeandála ullmhaithe níos fearr, beidh bonneagar níos athléimní, beidh gnóthaí in ann pleananna a dhéanamh, agus beidh an rialtas in ann cinntí fadtéarmacha a dhéanamh.
Ina eochairóráid thagair an Dr Florian Pappenberger, Ard-Stiúrthóir ECMWF, aird ar stair ECMWF, ar na dúshláin reatha agus ar an gcineál todhchaí a d’fhéadfadh a bheith i ndán don eagraíocht idirnáisiúnta seo. In éineacht le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile cosúil le EUMETSAT agus EUMETNET, tá ról lárnach ag ECMWF i dtacú le seirbhísí náisiúnta meitéareolaíochta lena misean cabhrú chun an tsochaí a chosaint agus tacú le leas an phobail trí luachanna roinnte a bhfuil líonra Eorpach na seirbhísí meitéareolaíochta náisiúnta ag seasamh leo trí aird a thabhairt ar an méid seo a leanas:
- seirbhís phoiblí ar mhaithe le leas an phobail
- comhoibriú eolaíochta thar theorainneacha
- fianaise iontaofa agus údarásach
- roinnt sonraí agus cumais
- infheistíocht phoiblí fadtéarmach
- agus cuntasacht náisiúnta.

Fíor 3 – Florian Pappenberger ag tagairt d’Éirinn mar cheann de na bunaitheoirí sa bhliain 1975.
Le 90 bliain anuas, tá muinín ag an bpobal as Met Éireann de bhrí go bhfuil ag éirí leis seirbhís phoiblí atá bunaithe ar eolaíocht a chur ar fáil. Tá an mhuinín sin bunaithe ar bharr feabhais eolaíochta, luachanna seirbhíse poiblí agus comhar idirnáisiúnta seanbhunaithe. I ndomhan ina bhfuil an riosca aeráide ag dul i méid, ina bhfuil éiginnteacht gheopholaitiúil le tabhairt faoi deara mar aon le mífhaisnéis, tá seirbhísí meitéareolaíochta náisiúnta iontaofa níos tábhachtaí anois ná riamh. Is é an rud atá le déanamh againn anois ná cur leis an oidhreacht sin ar bhealach uaillmhianach: trí úsáid a bhaint as eolaíocht, teicneolaíocht agus comhpháirtíochtaí nua chun cabhrú leis an tsochaí chun cinntí níos fearr a dhéanamh, ullmhú don athrú agus a bheith níos athléimní.