Ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe ar an 8 Aibreán 2026. Foinse an ailt: RTBM
Nóta Teicniúil 08 Aibreán 2026
Achoimre Fheidhmeach
- Le réamhaisnéis Néimeatóidíris 2026 is féidir an galar a chosc in uain..
- D’fhéadfadh péisteanna Néimeatóidíris a bheith ina gcúis le buinneach throm in uain óga san earrach, toisc gur gnách leis na huibheacha péiste briseadh ar fhéarach thar thréimhse ama ghearr, rud is cúis le borradh ar líon na larbhaí ionfhabhtaíocha ar an bhféarach, a ionghabhann na huain.
- De bharr na hanailíse ar theochtaí ithreach i mí an Mhárta, is féidir an tréimhse ina bhfuil baol ón ngalar a thuar go cruinn. Is féidir é sin a úsáid chun an t-am is fearr a mheas chun cóireáil fhrith-heilminteach (cóireáil díphéistithe) a thabhairt lena gcoisctear galar.
- In 2026, léirítear sa réamhaisnéis seo ceaptar go mbeidh an goradh is mó uibheacha Néimeatóidíris ag deireadh mhí an Mhárta agus ag tús mhí Aibreáin in go leor ceantar den tír, ach i roinnt ceantair intíre beidh an goradh is mó uibheacha i lár mhí Aibreáin.
- Ba cheart uain atá i mbaol (i.e. idir 6 seachtaine agus 12 sheachtain d’aois de ghnáth agus ag innilt ar fhéarach éillithe) a chóireáil thart ar dhá sheachtain tar éis tréimhse bhuaicghortha uibheacha Néimeatóidíris.
- Is iad beinsimíodasóil (droinsí bána) an chóireáil is fearr le haghaidh ionfhabhtuithe Néimeatóidíris.
Réamhrá
Gach earrach, cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM), i gcomhar le Met Éireann, COBÁC agus Teagasc, comhairle ar fheirmeoirí maidir leis an riosca galair tuartha, in uain go príomha, a bhaineann leis an gcruinnphéist ar a dtugtar Nematodirus battus.
An galar
Is galar seadánach dian é Néimeatóidíróis a thugtar faoi deara in uain nuair a bhíonn siad idir sé seachtaine agus dhá sheachtain déag d’aois. Ionfhabhtaítear iad nuair a ionghabhann siad líon mór larbhaí ionfhabhtaíocha nuair a bhíonn siad ag innilt ar fhéarach éillithe. Níl saolré N. battus cosúil le saolré cruinnphéisteanna eile toisc nach dtagann larbhaí ionfhabhtaíocha as na huibheacha a leagtar ar féarach go dtí an bhliain dar gcionn. Tarlaíonn sé sin i rith teagmhas teacht amach ollmhór san earrach nuair a théann teocht na hithreach tar éis tréimhse aimsire fuaire. Tarlaíonn an galar i míonna Aibreáin, Bealtaine agus Meithimh de ghnáth.
Tar éis d’uain na hlarbhaí Néimeatóidíris a ionghabháil, téann na hlarbhaí isteach trí bhalla na stéige. Is iad na saintréithe a luaitear leis an ngalar ná buinneach raidhsiúil, díhiodráitiú agus cailliúint meáchain. Féadfaidh laonna a bheith buailte freisin, ach ar ghéire níos lú de ghnáth. Sa chás go dtarlaíonn ráig, is féidir grúpa uan a fheiceáil ag bailiú thart ar umair uisce toisc go mbíonn tart uafásach orthu. Ní chuireann an seadán isteach ar chaoirigh fhásta.
Conas an galar a chosc?
Is é an bealach is fearr chun cosc a chur ar an ngalar seo ná trí uain na bliana reatha a choinneáil amach ó aon fhéarach a ndearna uain nó laonna óga (ar féidir leo a bheith ina n-iompróirí ionfhabhtaithe) innilt air an bhliain roimhe sin. Tá fiontair a bhfuil rátaí stocála arda acu leochaileach.
Tá baol níos mó luaite le huain chúpla, nó uain aonair de chuid caorach le droch-chumas bleáin, an galar a fháil toisc go dtosaíonn siad ag ithe níos mó féir níos luaithe ina saol. Má tá féarach ‘glan’ ar fáil, ba cheart uain mar seo a bhogadh ar dtús a bheith mar thosaíocht.
Cathain atáthar ag súil le buaicbhriseadh uibheacha i mbliana?
De bharr na hanailíse ar theochtaí ithreach i mí an Mhárta, is féidir an tréimhse ina bhfuil baol ón ngalar a thuar go cruinn. Is féidir é sin a úsáid chun an t-am is fearr a mheas chun cóireáil fhrith-heilminteach (cóireáil díphéistithe) a thabhairt lena gcoisctear galar.
In 2026, táthar ag súil go mbeidh an goradh is mó uibheacha Néimeatóidíris go ginearálta ag deireadh mhí an Mhárta agus ag tús mhí Aibreáin in go leor ceantar den tír, ach i roinnt ceantair intíre beidh an goradh is mó uibheacha timpeall lár mhí Aibreáin.
Féach an léarscáil thíos (Léaráid 1) maidir leis na dátaí a bhfuil coinne leo go mbeidh an líon is mó uibheacha Néimeatóidíris ag briseadh ar an bhféarach.

Léaráid 1. Dátaí measta i Márta agus Aibreán 2026 nuair atáthar ag súil le goradh uibheacha Néimeatóidíris ar fhéarach a bheith ina bhuaic
Cathain ba cheart cóireáil a chur ar uain?
Ba cheart uain atá i mbaol (idir 6 seachtaine agus 12 sheachtain d’aois de ghnáth agus ag innilt ar fhéarach éillithe) a chóireáil thart ar dhá sheachtain tar éis tréimhse bhuaicbhriseadh uibheacha Néimeatóidíris.
Ach ba cheart smaoineamh ar dháileog a thabhairt d’uain níos luaithe ar fheirmeacha aonair sa chás go bhfuil comharthaí cliniciúla ann atá ag teacht le Néimeatóidíreas, toisc go bhfuil na treoirlínte cóireála thuas bunaithe ar bhuaicbhriseadh measta uibheacha.
Cén cineál cóireála díphéistithe ba cheart a úsáid?
Cé gur braitheadh roinnt leibhéil ísle de fhrithsheasmhacht in aghaidh beinsimíodasól (droinsí bána) (e.g. sa Ríocht Aontaithe), tá an cineál cóireála díphéistithe sin ina phríomhchóireáil a roghnaítear le haghaidh ionfhabhtuithe Néimeatóidíris fós agus tá sé éifeachtach in aghaidh céimeanna larbhacha agus fásta. Cabhróidh úsáid an chineáil frithsheadánaigh sin, mar an chéad rogha cóireála, le teagmháil péisteanna eile, amhail Trichostrongylus agus Teladorsagia, le cineálacha frithsheadánacha eile (mar shampla, lachtóin mhacrafháinneach) a laghdú, ag pointe sa séasúr innilte nuair atá seans ann nach bhfuil cóireáil orthu sin riachtanach. Cabhróidh sé sin le héifeachtúlacht na ndrugaí sin a choinneáil, rud atá an-tábhachtach ar fheirmeacha ag a bhfuil fadhbanna le frithsheasmhacht bheinsimíodasóil i ndaonraí de chruinnphéisteanna goile/stéigeacha comónta.
Níl aon droinsí ann a bhfuil gníomhaíocht iarmharach éifeachtach acu i gcoinne Néimeatóidíris. Dá bharr, d’fhéadfadh uain a bheith ath-ionfhabhtaithe le hlarbhaí má leanann siad de bheith ag innilt, agus mar thoradh air sin bheadh cóireálacha leanúnacha leis an gcóireáil díphéistithe chéanna nó lena chomhionann ag teastáil gach dhá sheachtain go trí seachtaine i rith an earraigh.
Tabhair faoi deara, má mheastar nach raibh an chóireáil díphéistithe a úsáideadh éifeachtach, go moltar sampla faecach ina dhiaidh sin chun tástáil a dhéanamh ar láithreacht uibheacha Néimeatadóidíris, rud a d’fhéadfadh frithsheasmhacht in aghaidh díphéistithe , nó láithreacht pataiginí eile amhail coicidí a chur in iúl (féach thíos).
Néimeatóidíreas agus coiciodóis in uain
Tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhféadfadh seadáin eile a bheith ina gcúis le buinneach in uain óga, seadáin a n-éilítear bearta rialaithe difriúla agus cógas difriúil lena n-aghaidh. D’fhéadfaí glacadh leis, go mícheart, gurb é Néimeatóidíreas is cúis le buinneach throm in uain, nuair is é ionfhabhtú coiciodach is cúis lena leithéid i ndáiríre. Le huainíocht féaraigh agus gluaiseacht mhinic trachanna beathaithe chuig limistéir níos tirime cuirfear cosc ar choiciodóis in uain óga toisc go gcruthaíonn pasáil logánta riochtaí taise atá oiriúnach do scaipeadh coicidí. Leis na trachanna beathaithe a ardú, is féidir cabhrú freisin le héilliú na beatha le faecas a sheachaint, agus dá réir sin, cosc a chur ar thras-seoladh na coiciodóise, . I roinnt cásanna, is féidir le néimeatóidíróis agus coiciodóis tarlú ag an am céanna, rud a chruthódh galar an-dian.
Comhairle tréidliachta agus áiseanna diagnóiseacha saotharlainne
Ba cheart dul i gcomhairle le cleachtóir tréidliachta príobháideach chun diagnóis agus treoir chruinn a fháil maidir le leigheas cuí nuair a thugtar faoi deara uain a bhfuil buinneach throm agus strus orthu. Ba cheart é sin a dhéanamh go mór mór i gcásanna nach bhfuil aon fheabhas tagtha ar an scéal tar éis an chéad chóireála díphéistithe. Toisc gur féidir le néimeatóidíróis agus coiciodóis tarlú ag an am céanna, tá seans ann gur gá cóireáil in aghaidh an dá phataigin a dhéanamh.
Moltar gur cheart go gcuirfeadh do chleachtóir tréidliachta príobháideach aon uan a fuair bás go tobann ar aghaidh chuig saotharlann réigiúnach tréidliachta chun scrúdú iarbháis a dhéanamh toisc gur féidir le Néimeatóidíreas a bheith ina chúis le bás gan comharthaí cliniciúla soiléire a bheith ann.