Máistrí Nua ar Intleacht Shaorga um Aimsir agus an tAthrú Aeráide seolta

Is é is aidhm do chlár nua MSc atá á chomhsheachadadh ag Met Éireann agus ag COBÁC ná na hardscileanna chun feiniméin aimsire agus aeráide a thuiscint agus a thuar a thabhairt don chéad ghlúin eile de mheitéareolaithe agus d’eolaithe aeráide .

Is éard atá i gceist leis an MSc san Intleacht Shaorga um Aimsir agus an tAthrú Aeráide ná cúrsa bliana amháin, lánaimseartha a cruthaíodh ag AIMSIR – an tIonad IS, Seirbhísí Meitéareolaíochta, Nuálaíochta agus Taighde – atá á mhaoiniú ag Met Éireann..

AIMSIR centre logo

Lógó Ionad AIMSIR

Tugtar le chéile sa chlár buntuiscintí mionchúiseacha teoiriciúla le hoiliúint phraiticiúil in IS, meaisínfhoghlaim agus samhaltú uimhriúil, lena múintear mic léinn conas córais IS a dhearadh agus a chur chun feidhme le haghaidh sonraí comhshaoil agus chun teagmhais fhoircneacha a thuar agus tionchair aeráide a mheas .
I measc na gcroímhodúl agus na modúl roghnach sa chlár, seachadfaidh foireann Met Éireann roinnt díobh nó seachadfar i gcomhar leis an bhfoireann iad, agus ag an am céanna beidh deis ag na mic léinn freisin am a chaitheamh ag ceanncheathrú Met Éireann i nGlas Naíon, go háirithe maidir lena dtráchtas taighde MSc.
Spriocdhíreofar sa chúrsa ar chéimithe a bhfuil cúlraí acu i meitéareolaíocht, eolaíocht, matamaitic, innealtóireacht, disciplín gaolmhar nó anailísíocht sonraí, agus is é cuspóir deiridh an chúrsa ná rannpháirtithe a ullmhú ionas gur féidir leo cur le taighde ceannródaíoch agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa saol mar atá maidir le réamhaisnéisiú na haimsire, maolú tubaistí, eolaíocht na haeráide agus beartas comhshaoil.
Is é MSc an tionscnamh comhoibríoch is déanaí idir Met Éireann agus COBÁC, tar éis an Ollúnacht Aimsire agus Taighde Aeráide a sheoladh in 2023, agus is é Ollamh Met Éireann le hEolaíocht Sonraí um Aeráid agus Aimsir ag COBÁC agus Stiúrthóir Ionad AIMSIR, an tOll. Andrew Parnell a bheidh i gceannas air.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, nó iarratas a dhéanamh ar an gcúrsa, féach ar an leathanach iarratais .