Tá níos mó cinnteachta ann go mairfidh an tréimhse fhuar reatha go dtí oíche Dé Máirt. Tá rabhadh teochta ísle/oighir buí i bhfeidhm ar fud na tíre ó thráthnóna Dé hAoine go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh de réir mar a fhorbraíonn réimsí forleathana seaca agus oighreata. Tá rabhadh ceo buí i bhfeidhm ar fud na tíre don tréimhse chéanna de réir mar a thagann ceo tiubh agus roinnt paistí ceo seaca, rud a chuirfidh leis na dálaí guaiseacha atá ann cheana féin. Déanfar monatóireacht agus athbhreithniú/leathnú ar na rabhaidh más gá, mar sin coinnigh suas leis an réamhaisnéis.
Mhínigh an meitéareolaí Aoife Kealy an scéal; “Beidh ceathanna scaipthe ann don Aoine agus don deireadh seachtaine. Titfidh an chuid is mó díobh sin mar bháisteach ach beidh roinnt clocha sneachta, flichshneachta agus sneachta ann uaireanta. Ansin, oíche Dé Domhnaigh beidh córas ísealbhrú ag dul thar an gcósta theas. D’fhéadfadh sé sin roinnt báistí agus ceobhráin a chruthú i gcontaetha an chósta thoir agus theas, agus d’fhéadfadh roinnt flichshneachta a bheith ann freisin. Níl an chuma ar an gcóras sin go mbogfaidh sé suas ar fud na tíre, agus fágfaidh sé sin go leanfar leis na dálaí fuara.”
Is minic a bheidh teochtaí i rith an lae sna laethanta amach romhainn idir 1 agus 5 chéim, agus is minic a thitfidh teochtaí oíche go 0 go -4 céim nó faoina bhun. Mar thoradh air sin, beidh réimsí seaca agus oighir forleathana ann, in éineacht le limistéir ceo tiubh agus ceo seaca.
Dúirt Aoife freisin, “Toisc go mbeidh sé chomh fuar sin, beidh an sioc agus an t-oighear ag fanacht in áiteanna i rith an lae. Tógfaidh sé tamall ar na limistéir cheo agus ceo seaca glanadh ó áiteanna i rith an lae freisin. Tiocfaidh sé sin go léir le chéile chun dálaí contúirteacha taistil, drochléargas agus dálaí sleamhna a chruthú faoi chois.”
Beidh an Luan agus an Mháirt fuar ach tirim do go leor daoine. Mar sin féin, beidh cúpla cith ann uaireanta san oirthear agus san oirdheisceart agus arís eile, d’fhéadfaidís sin tiontú ina gclocha sneachta agus flichshneachta, agus seans sneachta ar thalamh ard ann.
Lean Aoife ar aghaidh, “I láthair na huaire, tá an chuma ar an scéal go bhfanfaidh an tréimhse fhuar seo linn Dé Luain ar fad agus Dé Máirt don chuid is mó. Ina dhiaidh sin, de réir na gcomharthaí reatha, scaipfidh córas ísealbhrú ón Atlantach níos déanaí Dé Máirt agus Dé Céadaoin, rud a fhágann go mbeidh báisteach fhorleathan agus dálaí níos séimhe ann. Mar sin féin, tá seans ann, de réir mar a dhéanann an bháisteach sin teagmháil leis an aer fuar os ár gcionn, go bhféadfadh cuid de titim mar fhlichshneachta nó sneachta. Ach beidh sé sin gearrshaolach, mar tiocfaidh an t-aer níos séimhe isteach go tapa.”
Don réamhaisnéis is cruinne agus is cothroime le dáta do do cheantar, tabhair cuairt ar www.met.ie.
Chun comhairle a fháil maidir le hullmhú d’aimsir gheimhridh, tabhair cuairt ar www.winterready.ie.
Mairfidh an tréimhse fhuar an deireadh seachtaine seo agus isteach go tús na seachtaine seo chugainn.

Eolas Fúinn