Aimsir an-luaineach ag deireadh mí Dheireadh Fómhair agus tús mhí na Samhna agus Stoirm Chiaráin ar an mbealach

D’ainmnigh Oifig Meitéareolaíochta an RA Stoirm Chiaráin Dé Domhnaigh an 29 Deireadh Fómhair. Tá an stoirm le dul gar do chósta theas na hÉireann oíche Dé Céadaoin, an 1 Samhain. Leanfar le ceathanna agus tréimhsí níos faide báistí tríd an deireadh seachtaine Saoire Bainc agus isteach sa tseachtain seo chugainn roimh Stoirm Chiaráin.

Tá comhairle aimsire eisithe do na laethanta amach romhainn mar go bhfuil tionchar ag an aimsir luaineach ar fud na tíre i gcónaí.

Comhairle d’Éirinn

Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin, beidh ceathanna troma nó tréimhsí báistí níos faide ag amanna ar fud na hÉireann agus is dócha go mbeidh tuilte in áiteanna, mar go bhfuil ithreacha ar maos in uisce agus go bhfuil leibhéil na n-aibhneacha ard.

Níos déanaí Dé Céadaoin agus Déardaoin, tabharfaidh Stoirm Chiaráin báisteach throm agus gaotha láidre léi. Tugann na comharthaí reatha le fios go mbeidh an bháisteach is troime agus na gaotha is láidre i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean agus gur dócha go mbeidh tuilte ann.

Tionchair Bhreise:
Drochléargas,
Coinníollacha tiomána deacra/contúirteacha

Bailí: 14:40 Dé Domhnaigh 29/10/2023 go 23:30 Déardaoin 02/11/2023

Eisithe: 14:41 Dé Domhnaigh 29/10/2023

Beidh brú íseal fós i réim ar aimsir na hÉireann don tseachtain amach romhainn, rud a fhágfaidh go mbeidh tuilleadh ceathanna troma agus báistí ann. Agus méideanna suntasacha báistí ann le roinnt seachtainí anuas, tá coinníollacha na talún ar fud na tíre ar maos in uisce nó báite, agus tá go leor aibhneacha ard. Mar thoradh air sin, tá an baol tuilte sna laethanta amach romhainn méadaithe.

Dúirt meitéareolaí Met Éireann Aoife Kealy “Fiú inniu (Dé Domhnaigh), fágfaidh ceathanna troma go mbeidh baol tuilte áitiúla ann, go háirithe do cheantair an iarthair agus do lár na tíre thuaidh. Mar sin, tá rabhadh báistí buí i bhfeidhm don Chabhán, do Mhuineachán, do Chonnachta, don Longfort, do Lú agus don Iarmhí go dtí 9pm Dé Domhnaigh.”
Tabhair cuairt ar ár leathanach Rabhadh Aimsire.

Is beag faoiseamh a bheidh ann ón mbáisteach roimh Stoirm Chiaráin, mar go leanfar le ceathanna agus tréimhsí báistí Dé Luain agus Dé Máirt.
Lean Aoife ar aghaidh “Cuirfidh ceathanna troma eile Dé Luain le carnadh báistí atá ard cheana féin. Ansin, beidh báisteach níos forleithne a d’fhéadfadh a bheith trom Dé Máirt ina cúis le meath breise ar dhálaí talún agus ar leibhéil abhann. Mar sin, beidh baol leanúnach tuilte áitiúla ann agus muid ag bogadh isteach sa tseachtain seo chugainn.”

Is dócha go gcuirfidh an aimsir fhliuch sin i dtús na seachtaine seo chugainn le tionchar Stoirm Chiaráin tráthnóna Dé Céadaoin agus Déardaoin. Tugann na comharthaí reatha le fios go ngluaisfidh an stoirm thar ár gcósta theas tráthnóna agus oíche Dé Céadaoin sula mbogfaidh sí soir ó thuaidh trí Mhuir Éireann agus thar an Ríocht Aontaithe (féach Léaráid 2 thíos). De réir mar a théann sí tharainn, tabharfaidh sí aimsir an-fhliuch agus ghaofar léi, le báisteach throm in áiteanna. Agus dálaí fliucha ann cheana féin roimh Stoirm Chiaráin, beidh baol tuilte níos airde ann, agus d’fhéadfadh gaotha láidre cur isteach ar chúrsaí freisin.

Figiúr 2: Gluaiseacht thuartha reatha Stoirm Chiaráin oíche Dé Céadaoin

Faoi láthair, tá éiginnteacht áirithe fós ann maidir leis an treo a rachaidh Stoirm Chiaráin, ach is dóichí ná a mhalairt go ngluaisfidh sí thar chósta theas na hÉireann. Is féidir nuashonruithe ar an réamhaisnéis agus rabhaidh amach anseo sna laethanta romhainn a fháil ag https://www.met.ie/warnings
Chun comhairle agus faisnéis a fháil maidir le fanacht sábháilte in aimsir throm, féach www.winterready.ie