Móinéir ag Dairbhre - Comhairle Náisiúnta na hOidhreachta - sa dara háit i nGradam na Bithéagsúlachta

Ba thionscadal é ‘Móinéir ag an Met’ chun móinéir a thabhairt ar ais chuig réadlann mheitéareolaíochta stairiúil. Bhí Calum Sweeney agus Fiach Byrne, Tionscadal, COC LIVE, i gceannas air in 2022 i gcomhar le foireann Met Éireann i Réadlann Dhairbhre, agus tá sonraí faoi seo in alt roimhe seo i Met News Móinéir ag filleadh ar Dhairbhre .
Ó shin i leith, ainmníodh an tionscadal do Ghradam Bithéagsúlachta ag Gradaim Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2022. Bhuaigh Bithsféar Chiarraí an gradam seo, ach ba mhór an onóir dúinn a bheith ainmnithe, agus a bheith sa dara háit don ghradam caomhantais seo.
Duaiseanna Oidhreachta Náisiúnta – Gradam Bithéagsúlachta

Ceiliúrann Duaiseanna Oidhreachta Náisiúnta na Comhairle Oidhreachta na tionscadail agus na himeachtaí is mó a eagraíonn eagraithe thionscadail Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta faoi roinnt catagóirí. Aithníodh an Réadlann sa dara háit sa ghrúpa Bithéagsúlachta. Bronntar an gradam seo ar an imeacht nó ar an tionscadal a chuir chun cinn go héifeachtach meas níos doimhne ar an domhan nádúrtha, a spreag machnamh ar éagsúlacht plandaí agus ainmhithe áitiúla sa cheantar, a thacaigh le caomhnú speiceas dúchasach agus tírdhreacha nádúrtha, agus/nó a chuir le todhchaí comhshaoil athléimneach agus inbhuanaithe.
Breithníodh na tionscadail uile a cuireadh isteach ar an mbonn gur chomhlíon siad na critéir a bunaíodh do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2022, mar seo a leanas:

  • Rannpháirtíocht phobail: an bhfuil an tionscadal tar éis an leas is fearr a bhaint as deiseanna chun an pobal áitiúil a mhealladh?
  • Comhoibriú idirghlúine: an bhfuil glúine éagsúla tugtha le chéile ag an tionscadal chun a gcuid eolais agus scileanna a roinnt?
  • Feasacht a Spreagadh: An bhfuil plean soiléir ann chun feasacht a mhéadú ar an tionscadal ag leibhéal an phobail agus níos faide anonn?
  • Líonraí / acmhainní atá ann cheana féin: An bhfuil eagraí/eagraithe an tionscadail tar éis tarraingt ar eagraíochtaí agus acmhainní oidhreachta (suímh ghréasáin, treoracha, etc.) chun bonn eolais a chur faoina dtionscadal?
  • Caithfidh gach tionscadal gné amháin ar a laghad den oidhreacht nádúrtha, chultúrtha nó thógtha a chur chun cinn go soiléir, agus luach oideachasúil soiléir a bheith acu trí chabhrú le daoine dul i ngleic leis an oidhreacht agus tuilleadh eolais a fháil fúithi.

Tionóladh turas poiblí chun tionscnamh athchóirithe na móinéar ag Réadlann Dhairbhre a thaispeáint Dé Sathairn an 13 Lúnasa 2022 agus d’eagraigh Calum Sweeney agus Brian Fiach ó Thionscadal Live COC i gcomhar le Foireann Dhairbhre é agus bhí freastal an-mhaith air.

Tá na gairdíní agus na limistéir a athdhúlraíodh á mbainistiú ag an bhfoireann áitiúil Leo McCarthy agus Andrew Garvey. Chuidigh Karen O Connell agus Charles Gillman leis an turas ar an lá.
Tá sé beartaithe go leanfar leis an tionscnamh in 2023 agus go mbeidh sé seo mar chuid den lá oscailte ag an Réadlann a bheidh ar siúl i mí Bealtaine.

 Biodiversity day at Valentia Meteorological Observatory. The LIVE team introduces the meadow project to members of the local community. Locals take part in biodiversity surveys of the site. Thank you, Linda Lyne and Aoibheann Lambe for taking these fab photos!

Lá na bithéagsúlachta ag Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre. Déanann foireann LIVE tionscadal na móinéar a mhíniú do bhaill an phobail áitiúil. Glacann daoine áitiúla páirt i suirbhéanna bithéagsúlachta ar an suíomh. Ár mbuíochas libh, Linda Lyne agus Aoibheann Lambe, as na pictiúir iontacha seo a thógáil!!

This photo is of the smallest of the five meadows marked in red in figure 9. Note the contrast in grass length. Over the course of the summer, we will see an increasing abundance and diversity of flowers in the meadow (the longer grass) while the cut lawn will remain largely the same.

Is pictiúr é seo den mhóinéar is lú as na cúig mhóinéar, marcáilte le dath dearg i bhfíor 9 san alt bunaidh. Tabhair an chodarsnacht i bhfad an fhéir faoi deara. I gcaitheamh an tsamhraidh, feicimid flúirse agus éagsúlacht níos mó i mbláthanna an mhóinéir (an féar níos faide) agus fanfaidh an fhaiche ghearrtha mar an gcéanna den chuid is mó.