Tá caint á reáchtáil ag Cumann Meitéareolaíochta na hÉireann ar an 22 Samhain ag 6pm i dTeach an Chustaim, cathair Bhaile Átha Cliath. Beidh an tOllamh Ken Byrne ó Ollscoil Luimnigh ag caint ar an ról atá ag foraoisí na hÉireann maidir le carbón a ghabháil agus a cheapadh, chomh maith leis na gnéithe uathúla a bhaineann le foraoisí in Éirinn.
Is féidir clárú chun freastal ar an ócáid seo saor in aisce ag Cumann Meitéareolaíochta na hÉireann.
Ról na Foraoise maidir leis an Athrú Aeráide a Mhaolú – Dearcadh na hÉireann
Clúdaíonn foraoisí in Éirinn 808,848 heicteár nó 11.6% d’achar iomlán na talún. Tá 49.1% díobh sin in úinéireacht phoiblí, agus na cinn eile faoi úinéireacht phríobháideach. Tá 30.6% den eastát foraoise comhdhéanta de chrainn leathanduilleacha agus 69.4% de de bhuaircínigh. Déanann na foraoisí seo carbón atmaisféarach a cheapadh agus soláthraíonn siad táirgí adhmaid ar féidir a chur in ionad ábhair atá dian ar fhuinneamh atá in úsáid le haghaidh tógála giniúint fuinnimh.
Tabharfaidh an chaint seo forbhreathnú ar an eolas atá againn faoi láthair ar an gcothromaíocht carbóin i bhforaoisí na hÉireann agus ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag saincheisteanna oidhreachta air, mar shampla ráta íseal foraoisithe, dáileadh míchothrom aois-aicme agus sciar mór foraoisí ar ithreacha móna. Mar fhocal scoir, pléifear an taighde reatha agus an gá atá le hathléimneacht aeráide ár bhforaoisí a fheabhsú.
Is Ollamh i nDámh na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta in Ollscoil Luimnigh é an tOllamh Ken Byrne. Díríonn a chuid taighde ar thionchar úsáide talún agus athrú ar úsáid talún ar stoic charbóin ithreach agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. I measc na suimeanna eile atá aige, tá stóráil charbóin i dtáirgí adhmaid lománaithe, seirbhísí éiceachórais foraoise agus stórais cothaitheach i mbithmhais foraoise.
