YEAR / MONTH | 2022 °C | 2021 °C | 1961-1990 °C |
JANUARY | 8.9 | 7.7 | 7.3 |
FEBRUARY | 8.4 | 7.1 | 6.7 |
MARCH | 8.4 | 8.1 | 7 |
APRIL | 9.3 | 9.3 | 8.1 |
MAY | 10.6 | 9.9 | |
JUNE | 12.9 | 12 | |
JULY | 14.1 | 13.8 | |
AUGUST | 14.9 | 14.6 | |
SEPTEMBER | 15.1 | 14 | |
OCTOBER | 13.7 | 12.4 | |
NOVEMBER | 11.9 | 10.2 | |
DECEMBER | 9.6 | 8.5 |
Séanadh: Is figiúirí sealadacha iad seo don bhliain 2022 agus d’fhéadfadh siad a bheith faoi réir athrú i ndiaidh rialaithe cáilíochta agus sula n-eisítear go hoifigiúil iad.
Tá teochtaí na farraige amach ó chósta na hÉireann sa raon ó 10°C ar an meán amach ó chósta thiar theas na tíre go dtí níos lú ná 7°C ar an meán amach ó chósta thoir thuaidh na tíre i mí Feabhra agus ó 16°C ó dheas go dtí 13°C i dtuaisceart Mhuir Éireann i mí Lúnasa.
Tarlaíonn na teochtaí is airde agus is ísle rud beag níos déanaí sa bhliain ar muir ná mar a tharlaíonn ar thalamh. Tógann sé níos faide ar uisce téamh agus fuarú. Go ginearálta, bíonn teochtaí farraige níos airde ná teochtaí an aeir le linn an gheimhridh, agus a mhalairt a bhíonn i gceist sa samhradh. Tá na héagsúlachtaí sa dá chás réasúnta beag, níos lú ná 5° C ach tá siad sách mór le tionchar ollmhór a imirt ar aeráid na tíre.