Séimh agus fliuch sa chéad leath, níos tirime agus níos fuaire sa dara leath
Bhí an chéad leath de mhí Eanáir séimh, fliuch agus gaofar go minic, le córais lagbhrú an Atlantaigh amach ón oirthear agus ón oirthuaisceart ag stiúradh roinnt frontaí aimsire ar fud na tíre. Bhí an dara leath den mhí i bhfad níos tirime, go háirithe san Oirthear, le hardbhrú i réim. Bhí báisteach nó ceathanna forleathana ar fhormhór na laethanta le linn an chéad dá sheachtain den mhí. Bhrúigh córas an-domhain lagbhrú amach ó iarthar na hÉireann fronta aimsire gníomhaí ar fud na tíre ar an 6 Eanáir, agus ina dhiaidh sin ceathanna troma toirní ar an 7 Eanáir. Bhí tréimhse an-fhliuch agus gaofar ann idir an 10 agus an 13 Eanáir, agus sraith frontaí aimsire ón iardheisceart agus ón iarthar ag tabhairt báisteach throm fhorleathan ar fud na tíre. Ag tús an tríú seachtain, bhog aermhais Artach anuas ón tuaisceart agus ardbhrú ag forbairt siar thar an Atlantach. Thug an aershreabh amach ón tuaisceart agus ón iarthuaisceart bandaí ceathanna troma, ag titim mar chlocha sneachta, flichshneachta nó sneachta i go leor áiteanna, idir an 16 agus an 19 den mhí sin. Bhí sioc forleathan san oíche, agus sneachta ina luí i gcodanna den Tuaisceart, den Iarthar, den Iardheisceart agus de Lár na Tíre. Ghluais ardbhrú an Atlantaigh ó dheas, rud a lig d’aer séimh bogadh isteach ón iarthar ar an 20 Eanáir. Bhí an chuid eile den mhí sách séimh agus tirim le smacht ag an ardbhrú ón deisceart agus ón iarthar. Bhog roinnt frontaí aimsire laga trasna na tíre le linn na tréimhse seo ach d’fhan méid na titime báistí íseal.
Titim Báistí: Faoin meán i bhformhór na n-áiteanna, an aimsir is fliche san Iardheisceart
Bhí formhór iomlán titime báistí míosúil ar fud na tíre faoi Mheán Fadtéarmach (MFT) 1981-2010. Bhí an céatadán de luachanna titime báistí míosúla idir 65% (titim báistí mhíosúil iomlán de 42.4mm) i bPáirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 125% (titim báistí mhíosúil iomlán de 166.4mm) in Inis Arcáin, Co. Chorcaí. Bhí na hiomláin titime báistí mhíosúla idir 41.4mm (66% dá MLFT) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 196.6mm (113% dá MLFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Ba é an t-iomlán titime báistí laethúil is airde ná 28.4 mm ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo Dé Máirt, an 10 Eanáir. Ba é líon na laethanta báistí idir 16 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath go 29 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo agus ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta fliucha idir 10 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 26 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Bhí líon na laethanta an-fhliuch idir lá ar bith ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 8 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Bhí tréimhsí tirime 16 lá ag trí stáisiún, Páirc an Fhionnuisce, Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Dún Samhnaí, Co. na Mí, idir an 15 agus an 30 Eanáir.

Titim Báistí Mhíosúil Iomlán (mm) do mhí Eanáir 2022 (Sealadach)

% Titim Báistí de Mheánmhéid Míosúil 1981–2010 do Mhí Eanáir 2023 (Sealadach)
Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit
Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn an MLFT don mhí. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir don mhí idir 0.1 °C (meánteocht 7.6 °C) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus 1.3 °C (meánteocht 6.2 °C) ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí meánteochtaí na míosa idir 5.0 °C (1.0 °C os cionn a MLFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 7.7 °C (0.4 °C os cionn a MLFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Taifeadadh na teochtaí ab ísle sa mhí Dé Máirt an 17 Eanáir agus tuairiscíodh an t-íosmhéid aeir ab ísle i gCluain Creamha, Co. Ros Comáin le teocht -7.0 °C agus an t-íosmhéid féir ab ísle a tuairiscíodh ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin le -11.7 °C. Tuairiscíodh an t-uasmhéid is airde Dé Máirt, an 10 Meitheamh, ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath, le teocht de 13.8 °C. Tuairiscíodh sioc aeir agus talún i rith na míosa ag gach stáisiún. Bhí líon na laethanta le sioc talún idir 5 lá ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus 18 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh. Mhéadaigh líon na laethanta le sioc talún ó 1 lá ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo go 8 lá ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin agus ag Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo araon.

Na teochtaí aeir scáthláin is airde a tugadh faoi deara ag gach stáisiún gach lá i rith Eanáir 2023
Taitneamh gréine: Taitneamh gréine ba ghrianmhaire san Oirthear
Bhí gach iomlán taitnimh gréine a bhí ar fáil os cionn a MFT. Bhí céatadán na luachanna taitnimh gréine míosúla idir 98% (iomlán míosúil taitnimh gréine de 50.0 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 131% (iomlán míosúil taitnimh gréine de 71.0 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí na hiomláin taitnimh gréine mhíosúla idir 29.6 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus 90.1 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath. Ba é 7.2 uair an chloig ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman Dé Céadaoin an 18 Eanáir, an líon ab airde uaireanta a chloig de thaitneamh gréine laethúla a taifeadadh an mhí seo. Bhí líon na laethanta gruama ó 10 lá ag cúpla stáisiún go 16 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí agus ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.

Uaireanta taitnimh gréine geala a tugadh faoi deara ag gach stáisiún do gach lá den mhí, curtha le chéile de réir cúige i gcoibhneas leis an líon is airde uaireanta is féidir faoi dheireadh na míosa (bosca scáthlínithe)
Gaoth: Tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme
Bhí an meánluas gaoithe míosúil idir 5.9 muirmhíle san uair (10.9 km/u) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí agus 17.3 muirmhíle san uair (32.0 km/u) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Tuairiscíodh gálaí ar 14 lá, agus gaotha nach mó ná gálaí láidre tuairiscithe Dé Sathairn an 7, Dé Céadaoin an 11, Dé Sathairn an 14 agus Dé Domhnaigh an 15 Eanáir. Tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme Déardaoin an 12 Eanáir. Bhí líon na laethanta le gálaí idir lá ar bith ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 10 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta le gaotha nach mó ná gálaí láidre idir lá ar bith ag formhór na stáisiún agus 3 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Ba é líon na laethanta le gaotha fórsa stoirme ná lá amháin ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh an séideán agus an meánluas gaoithe 10 nóiméad is airde sa mhí ag Ceann Mhása, Co na Gaillimhe Déardaoin ar an 12 Eanáir. Ba é an séideán is airde ná 66 muirmhíle san uair (122 km/u) agus ba é an meánluas gaoithe 10 nóiméad is airde ná 48 muirmhíle (89 km/u).

An Meánluas Gaoithe 10 nóiméad (km/u) uasta ag gach stáisiún do gach lá curtha le chéile de réir cúige agus i gcoibhneas lena gcritéir rabhaidh agus lena dTaifead Náisiúnta.

An meánbhrú ag leibhéal na farraige (MBLF) laethúil is airde a tugadh faoi deara ag gach stáisiún a bhí ar fáil. Tugtar taifead aimsire mhí Eanáir d’Éirinn.
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo

Luachanna míchuibheasacha ag stáisiúin shionoptacha
Mí Eanáir le Cúpla Bliain Anuas in Éirinn:
- 2016: Tuairiscíodh ag beagnach gach stáisiún go raibh báisteach os cionn a Meánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT) agus tuairiscíodh ag gach stáisiún go raibh meánteochtaí beagáinín os cionn an MLFT. Thug Stoirm Gertrude gaotha fórsa stoirme léi.
- 2017: : Bhí na hiomláin titime báistí faoi bhun a MLFT, bhí meánteochtaí aeir os cionn an MLFT agus bhí na hiomláin taitnimh gréine athraitheach.
- 2018: : Bhí na hiomláin titime báistí os cionn a MLFT i ngach áit. Bhí formhór na meánteochtaí aeir os cionn an mheáin agus bhí gach iomlán taitnimh gréine a bhí ar fáil os cionn an mheáin. Thug Stoirm Eleanor gaotha stoirme fíochmhara léi, thug Stoirm Fionn gaotha fórsa stoirme léi, agus thug Stoirmeacha David agus Georgina gálaí leo.
- 2019: Bhí na hiomláin titime báistí mhíosúla faoin MLFT. Bhí beagnach gach meánteocht aeir os cionn an mheáin, agus bhí na hiomláin taitnimh gréine os cionn an mheáin ag formhór na stáisiún.
- 2020: Bhí beagnach gach titim báistí iomlán faoin meán. Bhí na meánteochtaí uile os cionn an mheáin agus bhí formhór na stáisiún os cionn an mheáin i gcás na n-iomlán taitnimh gréine. Tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme le linn Stoirm Brendan.
- 2021: Bhí formhór na n-iomlán titime báistí míosúil os cionn an mheáin agus thug Stoirm Christoph báisteach fhorleathan leis. Bhí na meánteochtaí aeir ar fad faoi bhun an mheáin agus bhí na hiomláin taitnimh gréine os a chionn.