Foireann Met Éireann ann ina sluaite le haghaidh Sheachtain na hEolaíochta, 2025

Bhí Seachtain na hEolaíochta 2025 gnóthach d’fhoireann Met Éireann, agus comhoibriú speisialta le Teagasc, sraith thiomnaithe mar chuid de chraoltaí aimsire tráthnóna RTÉ agus a lán cuairteanna scoile agus imeachtaí eile ar siúl.

14 Samhain, 2025

Faoin téama “An tAm Sin. An Lá Inniu. An Lá Amárach.”, agus le tacaíocht ó Thaighde Éireann arís, bhí sceideal go leor imeachtaí ar fud na tíre ar siúl le linn Sheachtain na hEolaíochta i mbliana, chun eolaíocht a cheiliúradh inár saol laethúil.
Cuireadh tús le gníomhaíochtaí Met Éireann leis an bhFéile ‘Labhraímis faoi Eolaíocht’ ag an Ionad Athfhionnachtana i mBaile Átha Cliath 9, áit ar chuir an fhoireann taispeántas uirlisí aimsire i láthair agus ar thug sí deis do chuairteoirí triail a bhaint as a bheith ina láithreoir aimsire, agus úsáid á baint as ár dteicneolaíocht scáileáin ghlaise.

Met Éireann's Gráinne Connolly, Dr Colin Evans, Dr Chang Liu and Dr Darshana Jayakumari at the Let’s Talk Science Festival, as part of Science Week 2025

Gráinne Connolly, an Dr Colin Evans, an Dr Chang Liu agus an Dr Darshana Jayakumari ag an bhFéile ‘Labhraímis faoi Eolaíocht’l

Ceann de na buaicphointí in imeachtaí ceiliúrtha na bliana seo ná an seimineár gréasáin “Scamaill, Barra agus Aeráid”, a reáchtáladh mar chomhoibriú idir Met Éireann agus Teagasc an 11 Samhain.
D’fhreastail breis agus 3,000 dalta na Sraithe Sóisearaí agus na hIdirbhliana agus múinteoirí eolaíochta ar an imeacht idirghníomhach agus cuireadh sraith cur i láthair os a gcomhair ón meitéareolaí, Aoife Kealy, an meitéareolaí talmhaíochta, an Dr Klara Finkele, an clíomeolaí, an Dr Pádraig Flattery agus comhghleacaithe ó Theagasc, ar lena linn a rinneadh iniúchadh ar na ceangail idir aimsir, talmhaíocht agus an aeráid.
Nuair a bhí sé sin ar siúl ar líne, bhí an meitéareolaí, Ailís Hankinson ag Scoil Náisiúnta San Olaf i mBaile Átha Cliath 16 chun bualadh le daltaí sa chúigú rang agus taispeáint dóibh conas stáisiúin aimsire dá gcuid féin a thógáil.

A pupil from St Olaf's National School in Dublin with their self-made wind gauge, build during a Met Éireann outreach visit

Dalta ó Scoil Náisiúnta San Olaf i mBaile Átha Cliath agus an ainéimiméadar a rinne sé féin

An lá dár gcionn ghlac baill den fhoireann atá lonnaithe in Aerfort Bhaile Átha Cliath páirt ina Lá um Shábháilteacht ar Thaobh an Aeir, nuair a chuir siad uirlisí aimsire ar taispeáint agus a phléigh siad an méid a dhéanann Met Éireann ar an láthair, agus chuaigh an meitéareolaí an Dr Noel Fitzpatrick go COBÁC ag an am céanna chun labhairt le mic léinn san fhisic faoin meitéareolaíocht satailíte, a chúlra i dtaighde ar oighearshruthanna agus ar an aeráid agus an caitheamh aimsire dá chuid, tóraíocht na stoirmeacha.

Meteorologist, Dr Noel Fitzpatrick speaks to physics students at UCD during Science Week 2025

An Dr Noel Fitzpatrick ag labhairt le mic léinn san fhisic ag COBÁC

Lá an-ghnóthach a bhí ann an 13 Samhain, nuair a chaith an meitéareolaí, Kyle Lee, an mhaidin le daltaí sa séú rang ag Scoil Náisiúnta Buachaillí Naomh Colmcille i Sord agus é á gcur ar an eolas faoi eolaíocht na haimsire agus é á spreagadh tabhairt faoi ábhair ETIM, agus Thomas Townsend ón Rannóg Breathnuithe ag tabhairt cuairt ar Choláiste Fhearghail Naofa i Ráth Domhnaigh, Co. Laoise chun bualadh le mic léinn sa dara bliain le haghaidh seisiún idirghníomhach maidir le heolaíocht an tomhais aimsire.Met Éireann's Thomas Townsend presenting to students at St Fergal’s College during Science Week 2025

In áit eile i gCo. Laoise, rinne an meitéareolaí, Andrew Doran-Sherlock, cur i láthair maidir le ‘Réamhaisnéisiú na hAimsire agus Forbairt Ár nAeráide le linn na Staire’ ag Leabharlann Mhainistir Laoise.
Cé nach bhfuil sé ar siúl le linn thréimhse Sheachtain na hEolaíochta, tiocfaidh gníomhaíochtaí Met Éireann chun deiridh le cuairt an mheitéareolaí, Gerry Murphy, ar Leabharlann Dhún Dealgan an 18 Samhain, áit a labhróidh sé le páistí scoile faoi obair an réamhaisnéiseora agus faoin tábhacht a bhaineann leis an aimsir a thuiscint.