|
|
Radar Báistí![]() Déanann Radar nithe a bhrath ach bíog radathoinne a tharchur agus comharthaí a aimsiú a fhrithchaitear ó na nithe sin. Is féidir an fad a ríomh, ach tomhas a dhéanamh ar an méid ama a thógann sé don bhíog na nithe a shroicheadh agus taisteal ar ais go dtí an radar. Is féidir leis an radar pictiúr de na nithe a chruthú ach an aintéine a rothlú agus sruthanna de bhíoga a sheoladh amach. Déanann báisteach, sneachta agus cloichshneachta tonnta radair. Is féidir pictiúr d’fhairsinge agus de dhéine a fháil ach an radar a úsáid – dá mhéad déine na báistí, is ea is láidre an comhartha a fhillfidh ar an radar – den méid báistí. Ag achair fhadréimseacha, de ghnáth os cionn 100km, níl sé chomh cruinn céanna toisc chuaire an Domhain. Uaireanta ní ‘fheicfidh’ an radar an bháisteach ag achair fhadréimseacha nó ní thuairisceoidh sé ar bháisteach ag airdí níos airde nach sroicheann an talamh. Chomh maith leis sin, ‘feiceann’ radair an talamh agus
cé go ndéantar iarracht na macallaí a chaitheann
an talamh ar ais a íoslaghdú, uaireanta bíonn
roinnt díobh le feiceáil ar na híomhánna.
Go minic bíonn macallaí le feiceáil ó Bheanna
Boirche agus ó na Gabhailte fiú nuair nach bhfuil aon
bháisteach ann. |
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247 © The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice. Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC. |
|