Folúntais

Is rannóg líne den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta í Seirbhís Náisiúnta Mheitéareolaíochta na hÉireann, Met Éireann agus is í an príomh-sholáthróir sa Stát í ar eolas i dtaobh na haimsire agus ar sheirbhísí gaolmhara.

Oifigeach Meitéareolaíochta

Tá Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann, ag earcú Oifigigh Mheitéareolaíochta faoi láthair i gcomhair réimse leathan ról san eagraíocht trí chéile.

Tá freagracht as soláthar tacaíochta teicniúla agus riaracháin do ghníomhaíochtaí na heagraíochtaí i gceist leis an ról mar Oifigeach Meitéareolaíochta i Met Éireann. Beidh sealobair ag baint le cuid de na poist, lena n-áirítear sealanna 24/7 – mar shampla in Ard-Oifig na Réamhaisnéise, Oifig Réamhaisnéise Tuilte, nó sna hOifigí Eitlíochta ag roinnt Aerfort in Éirinn. Gheobhaidh baill foirne a cheaptar i róil seala liúntas seala breise, suas go dtí 27% ag brath ar phatrún an tseala.

Tá Met Éireann ag earcú Oifigigh Mheitéareolaíochta sna réimsí seo a leanas:
1. Innealtóirí Ionstraimíochta
2. Teicneoirí TFC
3. Oifigigh Oibríochtaí
4. Oifigigh Chlíomeolaíochta

Údarás/Roinn atá ag Fostú
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Met Éireann).

Earcaíocht
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Met Éireann) ag earcú do na poist seo faoina
Ceadúnas Earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus
i gcomhréir le Cód Cleachtais CCSP.

Suíomh Gréasáin an Údaráis/na Roinne atá ag Fostú
www.met.ie

Suíomh
Ceapfar OManna a earcaítear i bpoist ag réimse láithreacha, lena n-áirítear Ceannáras Met Éireann i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath 9 agus aerfoirt an Stáit ó cheann ceann na tíre (Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort na Sionainne, Aerfort Chorcaí, Aerfort Iarthar Éireann, Aeradróm Mhic Easmainn).
Éileofar go rialta ar OManna a oibríonn i réimsí oibríochta dualgais seala a dhéanamh (lena n-áirítear dualgais oíche), ag an eireadh seachtaine agus ar Laethanta Saoire Poiblí. Tá liúntas seala 27% ag baint le sealobair, a íocfar i dteannta le tuarastal an Oifigigh, gach coicís.

Iarratais
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná Dé hAoine an 17 Bealtaine 2024 ag 5pm.

Ba cheart d’iarratasóirí foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur isteach chuig recruitment@met.ie
Tabhair faoi deara: ní mheastar ach iarratais a chuirtear isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil.
Cliceáil anseo chun an fhoirm iarratais a íoslódáil

Eolas Breise

Competency framework

Dáta Fógraíochta
25/04/2024

Dáta Deiridh le haghaidh Iarratas
17/05/2024 ag 5pm