|
met.ie The Irish Meteorological Service Online |
|
|
Foilseacháin Met ÉireannAr an leathanach seo, is féidir leat teacht ar fhoilseacháin Met Éireann. Ina measc tá:
Tá roinnt d’fhoilseacháin Met Éireann ar fáil ar edepositIreland. Is féidir cuardach a dhéanamh ar ár mbailiúcháin leictreonacha de réir teidil, údair, dháta an fhoilsithe etc. anseo. ![]() Foilseacháin acadúla le baill foirne Met ÉireannAilt agus foilseacháin phiarmheasúnaithe le foireann Met Éireann, arna gcur in ord croineolaíoch. Tugtar naisc chuig an téacs iomlán, i gcás gur féidir é. Leabhair arna bhfoilsú ag Met ÉireannTagairtí bibleagrafaíochta le haghaidh rogha leabhar a d’fhoilsigh Met Éireann (Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann). ![]() Foilseacháin faoin AeráidFoilsíonn Met Éireann sonraí clíomeolaíochta gach mí, séasúr agus bliain sna foilseacháin seo a leanas:
Déanann an Rannán Clíomeolaíochta agus Breathnóireachtaí iadsan a fhoilsiú.
Technical Note Met ÉireannTá an tsraith Technical Note á foilsiú ó 1943 i leith. Cuimsíonn an tsraith seo ábhair a bhaineann le meitéareolaíocht le béim ar leith ar Éirinn agus ar obair leanúnach Met Éireann.
Climatological Note Met ÉireannTá an tsraith Climatological Note á foilsiú ó 1972. Cuimsíonn an tsraith seo ábhair a bhaineann le clíomeolaíocht le béim ar leith ar Éirinn agus ar obair leanúnach Met Éireann. Déantar meáin chlíomeolaíochta a fhoilsiú mar chuid den tsraith seo.
Historical Note Met ÉireannTá an tsraith Historical Note á foilsiú ó 1995. Ní eisítear an tsraith seo ar bhonn rialta. Déanann foireann Met Éireann eagráin a thiomsú. Díríonn an tsraith seo ar stair na meitéaroleaíochta, le béim ar leith ar stair na meitéareolaíochta in Éirinn.
|
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247 © The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice. Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC. |