| An tAonad Muirí

RÉAMHAISNÉIS LIMISTÉAR NA FARRAIGE (Amharc
ar Réamhaisnéis Limistéar na Farraige)
Amharc
ar Léarscáil Limistéar na Farraige
Cuimsíonn an Réamhaisnéis do Limistéar na
Farraige a eisíonn Met Éireann Uiscí Cósta
na hÉireann ag síneadh amach 30 muirmhíle, agus
cuimsíonn sí freisin limistéar Mhuir Éireann
arna léiriú ar an léarscáil.
Tá na bunghnéithe seo a leanas sa Réamhaisnéis do
Limistéar na Farraige a eisíonn Met Éireann:
- An Staid Mheitéareolaíochta nó Ghinearálta:
Cur síos ar an staid mheitéareolaíochta ar fud
na hÉireann ag an am luaite agus sna córais uisce in
aice na hÉireann, mar shampla, lagraigh, frithchioclóin
nó tul-umair, a bhfuiltear ag ceapadh go mbeidh tionchar acu
ar na limistéir réamhaisnéise sa 24 uair ina dhiaidh
sin. Seo a leanas cur síos ar roinnt de na téarmaí in úsáid
anseo:-
- Ar tí tarlú: laistigh de 6 huaire,
- Gan rómhoill: idir 6 agus 12 uair
- Níos déanaí: idir 12 agus 24 uair.
- Seo a leanas cur síos ar luas ghluaiseacht an bhrú agus
na dtul-chóras:-
- Go mall: suas le 15 mhuirmhíle
- Go seasta: 15 go 25 muirmhíle
- Cuíosach gasta: 25 go 35 muirmhíle
- Go gasta: 35 go 45 muirmhíle
- An-ghasta: níos mó ná 45 muirmhíle.
Tagann an réamhaisnéis ghinearálta ina dhiaidh
le sonraí maidir le gaoth, aimsir agus feicseanacht d’uiscí cósta
uile Mhuir Éireann.
Bróisiúr
Seirbhísí Aimsire Muirí (PDF)
- Gaoth: Tugtar láidreacht na gaoithe i dtéarmaí Fórsa
Beaufort agus tugtar treo na gaoithe ag baint úsáide
as compás le 16 phointe AMHARC
AR SCÁLA BEAUFORT
- Aimsir: Seo a leanas roinnt téarmaí a úsáidtear
i dtuairiscí Réamhaisnéise agus cósta:-
- Breá: Lá tirim grianmhar d’fhormhór.
Glan tar éis thitim na hoíche.
- Measartha: Sealanna tirime maithe gréine (le scamaill
ag leibhéal níos lú ná 3 - 5 okta
de scamaill mheánacha nó ísle nó 6
- 8 okta de scamaill arda).
- Scamallach: 6 - 8 okta de scamaill ísle nó mheánacha.
- Ceobhrán: Feicseanacht srianta ag braoiníní uisce.
- Smúiteán: Feicseanacht srianta ag deannach nó gal.
- Tá téarmaí eile amhail báiteach
nó cloichshneachta ina dtéarmaí féinmhínitheacha.
- Feicseanacht: ciallaíonn cur síos ar fheicseanacht
seo a leanas:-
- Go maith: níos mó ná 5 mhuirmhíle
(9km)
- Measartha: 2 - 5 mm (4 - 9 km)
- Go holc: 0.5 to 2 mm (4km)
- Ceo: níos lú ná 0.5 mm (1,000m)
- Rabhadh suaille: nuair atáthar ag tuar airde suaille níos
mó ná 4 mhéadar.
- Ionchas: Tugtar ionchas achomair don tréimhse 24 uair a
chuimsíonn an réamhaisnéis.
* Tuarascálacha
Cósta (ó na stáisiúin seo a leanas):
- Cionn Mhálanna
- Aerfort Bhaile Átha Cliath
- Rinn an Róistigh Uathoibríoch
- Dairbhre
- Béal an Mhuirthead
- Baoi M1
- Baoi M2
- Baoi M3
- Baoi M4
- Baoi M5
- Baoi M6
Suíomhanna
na mBaoithe
Áirítear sna tuarascálacha cósta na nithe seo a leanas::
(a) treo na gaoithe ar chompás le 16 phointe agus luas
i muirmhílte
(b) aimsir
(c) feicseanacht i muirmhílte agus i ndeichiú de
sin,
(d) brú in heicteapascail (milleabair)
(e) claonadh an bhrú, a chuireann síos ar an athrú brú le
3 huaire anuas, de réir an scála seo:
0.0 - 0.4hPa = seasta
0.5 - 1.9hPa = ag éirí/titim go mall
2.0 - 3.4 hPa = ag éirí/titim
3.5 - 5.9 hPa = ag éirí nó ag titim go gasta
6.0hPa or greater = ag éirí nó ag titim an-ghasta
Turais Mhara
Airde Tonn / Riocht na Mara
Is ionann airde na dtonn agus an fad ingearach idir an tul toinne agus
an log a tháinig roimhe nó a thiocfaidh ina dhiaidh. Déanann an tábla thíos
cur síos ar an gcóras tonn atá bainteach le raon airdí Suntasacha Tonn.
Sainítear an airde shuntasach mar mheán-airde an triain is airde de na tonnta.
(Tá sé an-ghar do luach airde na dtonn nuair a dhéantar tomhais súl ar airde
na dtonn.)
| Riocht na Mara (Tuairisciúil) |
Airde Shuntasach Tonn (i méadair) |
| Socair |
0 - 0.1 |
| Réidh (Tonnáin) |
0.1 - 0.5 |
| Bog |
0.5 - 1.25 |
| Meánach |
1.25 - 2.5 |
| Garbh |
2.5 - 4 |
| An-Gharbh |
4 - 6 |
| Ard |
6 - 9 |
| An-Ard |
9 - 14 |
| Feiniméanach |
Os cionn 14 |
Beidh airdí ag tonnta aonair sa tonnsraith a rachaidh os cionn na hairde suntasaí. Beidh an airde na toinne is airde thart ar dhá oiread na hairde suntasaí.
Rabhaidh faoi Ghála
- Eisíonn Met Éireann rabhaidh faoi ghála d’uiscí cósta
na hÉireann, a meastar iad a bheith ag síneadh amach
30 míle ón imeallbhord agus Muir Éireann nó cuid
di.
- Déantar rabhaidh faoi ghálaí a eisiúint
má réamh-mheastar go mbeidh gaotha ann ag Fórsa
8 ar Scála Beaufort.
- Déantar Rabhaidh faoi Ghála Láidir a eisiúint
má réamh-mheastar go mbeidh gaotha ann a shroichfidh
Fórsa 9 ar Scála Beaufort nó séideáin
mhinice ag ar a laghad 52 muirmhíle.
- Eisítear Rabhaidh faoi ghaotha ag an bhFórsa Stoirme
má réamh-mheastar go sroichfear Fórsa 10 ar
Scála Beaufort nó séideáin mhinice
ag ar a laghad 61 muirmhíle.
- Eisítear Rabhaidh faoi Fhórsa Stoirme Fíochmhar
má réamh-mheastar go sroichfear Fórsa 11 ar
Scála Beaufort nó séideáin mhinice ag
ar a laghad 69 muirmhíle.
- Eisítear Rabhaidh faoi Fhórsa Hairicín má réamh-mheastar
go sáróidh na gaotha 64 muirmhíle.
Rabhaidh do Bháid Bheaga
Eisítear Rabhaidh do Bháid Bheaga má réamh-mheastar
go sroichfear Fórsa 6 ar Scála Beaufort (íos. 22 muirmhíle)
nó suas le 10 muirmhíle amach ón gcósta.
Réamhaisnéisí Limistéar na Farraige ar fáil
do na Meáin agus ar bhonn Tráchtála
Déantar Réamhaisnéisí Limistéar na Farraige
a eisiúint agus a chraoladh beo ó Rannóg Réamhaisnéise
Ginearálta Met Éireann ar RTÉ Raidió 1. Cuirtear
aon rabhadh faoi ghála san áireamh san fheasachán nuachta
gach uair ar RTÉ Raidió.
Stáisiúin Raidió Ghardaí Chósta na
hÉireann.
Craolann Stáisiúin Raidió GCÉ fógra
roimh ré de réamhaisnéisí aimsire ar Marine
VHF Radio Ch16 agus ansin craolann siad an réamhaisnéis
ar an gcainéal
feidhmiúil ainmnithe cuí ar Raidió VHF. Déantar
Réamhaisnéisí Limistéar
na Farraige a chraoladh gach 3 huaire ag 0103 am áitiúil.
i.e.
seo a leanas na hamanna craolacháin:- 0103, 0403, 0703, 1003,
1303, 1606, 1903, 2203 am áitiúil .
Bíonn fógra ar Marine VHF Ch16 sula ndéantar Rabhadh faoi
Ghála a chraoladh. Déantar iad a chraoladh a luaithe is a fhaightear
iad agus déantar iad a athchraoladh arís ag an gcéad am
is cóngaraí eile astu seo a leanas:- 0033, 0633, 1233 agus 1833
am áitiúil.
Gréasán
Is féidir an Réamhaisnéis is déanaí do Limistéar
na Farraige, Rabhaidh do Bháid Bheaga agus Rabhaidh faoi Ghalaí (más
ann dóibh) a fháil ar an suíomh seo..
|