|
met.ie The Irish Meteorological Service Online |
|
|
An tAonad Muirí Breathnadóireachtaí Muirí Líonra Baoithe Sonraí Muirí na hÉireann
Le 100 bliain anuas is ó longa a fuarthas formhór na mbreathnadóireachtaí muirí. I ngach breathnadóireacht tá tuarascálacha amhairc de gach ceann nó de roinnt de na paraiméadair seo a leanas:- airde na farraige agus tréimhse farraige, airde, treo agus tréimhse suaille, luas agus treo na gaoithe, cineál , méid agus airde na scamall agus airde, feicseanacht agus cineál ginearálta na haimsire amhail ceo, báisteach, sneachta srl agus breathnadóireachtaí tomhaiste de bhrú, aer agus de theocht na farraige.. Tá an tAonad Muirí freagrach as Oifigigh Meitéareolaíochta Calafoirt Met Éireann atá lonnaithe ag roinnt de na hOifigí ar fud na tíre agus a oileann criúnna long maidir leis an gcaoi breathnadóireachtaí aimsire a dhéanamh. Níos mó agus níos mó, le 10 mbliana anuas, tá córais uathoibríocha in úsáid anois seachas daoine a bheith ag gabháil do na breathnadóireachtaí – córais a thiomsaíonn eolas ó bhraiteoirí agus a sheolann an t-eolas sin chuig Met Éireann trí mheán satailíte. Sa bhliain 1999 chuir Met Éireann, le roinnt maoiniúcháin ón Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, Stáisiún Aimsire Uathoibríoch (SAU) ar bord an RV Celtic Voyager de chuid Fhoras na Mara. Seolann an SAU seo breathnadóireachtaí gach uair an chloig maidir le luas agus treo na gaoithe (ceartaithe le haghaidh ghluaiseachtaí na loinge), brú, sainairíonna agus claonadh na gaoithe, teocht aeir agus drúchtphointe an aeir agus teocht na farraige.
Tuairiscíonn na baoithe ar luas na gaoithe – meánluas agus séideán, treo, brú agus sainairíonna brú agus claonadh na gaoithe, teocht – aeir, na farraige agus drúchtphointe ríofa ón mbogthaise choibhneasta, airde shuntasach toinne agus tonntréimhse. Seoladh an dara baoi M2 ar Muir Éireann 20 Muirmhíle amuigh ó Cheann Bhinn Éadair, i mí Aibreáin 2001.
Is féidir sonraí na mbreathnadóireachtaí baoithe fíor-ama a fháil ar an suíomh seo nó ó Shonraí na mBaoithe Mara (suíomh gréasáin Fhoras na Mara). Suíomhanna na mBaoitheBreathnadóíreachtaí Cósta Muirí: E-SURFMAR – Clár Dromchla
Muirí EUMETNET (Líonra Seirbhísí Meitéareolaíochta
na hEorpa) |
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247 © The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice. Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC. |