Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online           
Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann 

Dé Domhnaigh, 29 Deireadh Fómhair 2017
  
FAIR
11 Celsius
N Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - An tAonad Muirí - Marine Climatology

 

An tAonad Muirí

Suíomhanna na mBaoithe Muirí

Sa tábla thíos tá liosta de shuíomhanna na mbaoithe i dtrí fhormáid fhéideartha domhanleithid/domhanfhaid. Tugtar an fhormáid GPS i gCéimeanna Deachúlacha Nóiméid. Mar shampla le haghaidh M1 - 53 07.6 N11 12 W – tá sé seo sa dara colún,  agus tá an fhormáid thraidisiúnta chomhfhreagrach de Chéimeanna Nóiméid Soicindí sa tríú colún i.e. 53° 7' 36" N 11° 12' 0" W. Sa cheathrú colún tá an fhormáid a úsáideann trealamh Suíomh Digiteach agus feidhmchláir GIS agus tugann sé sin an suíomh i gcéimeanna deachúla agus ba chóir an fhormáid sin a úsáid le trí phointe dheachúla d’fhonn cruinneas cuí a chinntiú: 53.127 –11.200. Tá tiontairí éagsúla domhanleithid/domhanfhaid le fáil ar líne ar an idirlíon (mar shampla, amharc ar  www.terraserver.com) chun tiontú ó fhormáid amháin go formáid eile.

BAOI Céim Deachúlacha Nóiméid (GPS) Céim Nóiméid Soicindí (DMS) Céimeanna Deachúlacha
Feidhmchláir GIS
Suíomh Ginearálta
M1
62090
53 07.6 N
11 12 W
53° 7' 36" N
11° 12' 0" W
53.127
-11.200
Amuigh ó chósta na Gaillimhe
Tuairim is 40 muirmhíle (74 km) thiar thiar theas ó Cheann Léime
M2
62091
53 28.8 N
5 25.5 W
53° 28' 48" N
5° 25' 30" W
53.480
-5.425
Muir Éireann  
Tuairim is 20 muirmhíle (37Km) thoir ó Cheann Bhinn Éadair
M3
62092
51 13 N
10 33 W
51° 13' 0" N
10° 33' 0" W
51.217
-10.550
Amuigh ó Chósta Chorcaí
Tuairim is 30 muirmhíle (56km) thiar theas ó Ard an Fhéaraigh
M4
62093
55 0 N
10 0 W
55° 0' 0" N
10° 0' 0" W
55.000
-10.000
Amuigh ó Chósta Dhún na nGall
Tuairim is 45 muirmhíle (83 km) thiar thiar thuaidh ó Cheann Ros Eoghain
M5
62094
51 41.4 N
6 42.3 W
51° 41' 24" N
6° 42' 16" W
51.690
-6.704
Amuigh ó Chósta Theas Loch Garman
Tuairim is 30 muirmhíle (56 km) ó dheas ó Rinn Duáin
M6
62095
52 59.2 N
15 52 W
52° 59' 09" N
15°52' 0 " W
52.986
-15.866
Domhain-Atlantach
Tuairim is 210 muirmhíle (389 km) thiar thiar theas ó Cheann Léime

Foláireamh: Seo iad na suíomhanna a roghnaíodh do na baoithe a bhfuarthas faomhadh reachtúil dóibh, agus mar sin d’fhéadfadh na suíomhanna a bheith ina neas-suíomhanna agus ní cóir úsáid a bhaint astu chun críocha loingseoireachta. Iarrtar ar gach árthach sá fairsinge a fhágáil ag na baoithe – ar a laghad 1 mhuirmhíle.  

 

 

 

Met Éireann, Cnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 9, Éire. Teil: +353-1-8064200, Faics: +353-1-8064247

© Is cóipcheart de chuid Met Éireann an t-ábhar ar an suíomh seo. Is trádmharcanna cláraithe iad an t-ainm Met Éireann agus lógó Met Éireann. Copyright Notice.
twitter World Weather Services

Dearadh agus Forbairt le Fusio