Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online           
Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann 

Dé Sathairn, 4 Samhain 2017
  
FAIR
5 Celsius
W Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Tuairiscí is Déanaí - Radar Báistí

 

Radar Báistí

legend

Déanann Radar nithe a bhrath ach bíog radathoinne a tharchur agus comharthaí a aimsiú a fhrithchaitear ó na nithe sin. Is féidir an fad a ríomh, ach tomhas a dhéanamh ar an méid ama a thógann sé don bhíog na nithe a shroicheadh agus taisteal ar ais go dtí an radar. Is féidir leis an radar pictiúr de na nithe a chruthú ach an aintéine a rothlú agus sruthanna de bhíoga a sheoladh amach.  

Déanann báisteach, sneachta agus cloichshneachta tonnta radair. Is féidir pictiúr d’fhairsinge agus de dhéine a fháil ach an radar a úsáid – dá mhéad déine na báistí, is ea is láidre an comhartha a fhillfidh ar an radar – den méid báistí.   

Ag achair fhadréimseacha, de ghnáth os cionn 100km, níl sé chomh cruinn céanna toisc  chuaire an Domhain. Uaireanta ní ‘fheicfidh’ an radar an bháisteach ag achair fhadréimseacha nó ní thuairisceoidh sé ar bháisteach ag airdí níos airde nach sroicheann an talamh.

Chomh maith leis sin, ‘feiceann’ radair an talamh agus cé go ndéantar iarracht na macallaí a chaitheann an talamh ar ais a íoslaghdú, uaireanta bíonn roinnt díobh le feiceáil ar na híomhánna. Go minic bíonn macallaí le feiceáil ó Bheanna Boirche agus ó na Gabhailte fiú nuair nach bhfuil aon bháisteach ann.

Is comh-íomhánna iad seo de shonraí ó dhá radar – ceann amháin ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an ceann eile ag Aerfort na Sionainne. Léiríonn na píosaí scáthlínithe an t-achar a chuimsíonn an radar faoi láthair. Déantar sonraí a nuashonrú gach 15 nóiméad.

 

Met Éireann, Cnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 9, Éire. Teil: +353-1-8064200, Faics: +353-1-8064247

© Is cóipcheart de chuid Met Éireann an t-ábhar ar an suíomh seo. Is trádmharcanna cláraithe iad an t-ainm Met Éireann agus lógó Met Éireann. Copyright Notice.
twitter World Weather Services

Dearadh agus Forbairt le Fusio