Cosaint Sonraí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, atá i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2018, ceanglaítear ar eagraíochtaí caighdeán an-ard a chomhlíonadh maidir leis an dóigh a mbailíonn, a n-úsáideann agus a gcosnaíonn siad sonraí pearsanta.
Faisnéis is ea iad sonraí pearsanta lenar féidir duine aonair a shainaithint. Áirítear leis sin ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh (mar shampla, sonraí suímh a bhailítear le fón póca) nó seoladh poist, stair bhrabhsála ar líne, íomhánna nó rud ar bith a bhaineann le haitheantas coirp, síceolaíoch, géiniteach, meabhrach, eacnamaíoch cultúrtha nó sóisialta duine éigin.
Ciallaíonn Próiseáil oibríocht nó sraith oibríochtaí ar bith a fheidhmítear ar shonraí pearsanta. Áirítear ar phróiseáil sonraí pearsanta a stóráil, a bhailiú, a aisghabháil, a úsáid, a chomhcheangal, a ghlanadh nó a scrios, agus d’fhéadfadh oibríocht uathoibrithe nó láimhe bheith i gceist.
Ciallaíonn rialaitheoir sonraí duine, cuideachta, nó comhlacht eile a chinneann cuspóirí agus modhanna phróiseáil an sonraí pearsanta.
Mar rialaitheoir sonraí, ní mór don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a chinntiú nuair a bheidh sonraí pearsanta á bpróiseáil aici go ndéanfaidh sí amhlaidh i gcomhréir leis na prionsabail um chosaint sonraí atá leagtha amach sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí faoi mar a leanas:
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú. Sa ráiteas príobháideachais seo mínítear an dóigh a bpróiseálann an Roinn na sonraí pearsanta a sholáthraítear di, agus cad iad na cearta is féidir leat a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta.
Sa Beartas um Chosaint Sonraí (i mBéarla amháin) leagtar amach tiomantas na Roinne do chearta agus do phríobháideachas daoine aonair a chosaint agus tugtar eolas ann faoin dóigh a gcinnteoimid go gcomhlíonfar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus reachtaíocht na hÉireann maidir le cosaint sonraí.
Tá an ceart agat deimhniú a fháil ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoi cibé an bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil nó nach bhfuil. Tá an ceart agat freisin cóip a fháil de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil, chomh maith le faisnéis áirithe faoin bpróiseáil.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne, sonraí thíos: