|
|
Cruinneas na RéamhaisnéiseFaisnéisí Aimsire Dromchla – Infhaighteacht agus tráthúlachtBaineann cuid mhaith den obair dhéanann Met Éireann le réamhaisnéisí inrianaithe aimsire a chur ar fáil.
Ó am go chéile ní bhíonn réamhaisnéis aimsire ar fáil do gach stáisiún in Éirinn gach uair an chloig. Cé gur annamh a tharlaíonn mífheidhm sna stáisiúin, tá sé mar ghnás na stáisiúin a chur as line ar feadh tamaill chun seirbhísiú, calabrú agus uasghrádú a dhéanamh orthu. Dá bharr sin, bíonn lag trá ann ó thaobh infhaighteacht feidhmíochta, agus tá sé sin léirithe sa ghraf thuas.
Déanann EUCOS (EUMETNET Composite Observing System) monatóireacht agus tiomsú ar infhaighteacht agus ar thráthúlacht na staitisticí. Chomh maith leis sin, déanann EUCOS na spriocanna Eorpacha, atá sonraithe sna graif thíos, a shocrú. Cruinneas na Réamhaisnéise TeochtaDéantar réamhaisnéisí Met Éireann d’uasteaochtaí agus d’íosteoachtaí a dheimhniú i gcoinne na dteochtaí iarbhír a thomhaistear ag ár stáisiúin aimsire. Cé gur réamhaisnéisí réigiúnacha iad réamhaisnéisí Met Éireann i gcoitinne, chun an freastal is fearr a dhéanamh ar an tír go léir, is féidir leo treoir éigin a thabhairt maidir le cruinneas na réamhaisnéisí sin ach iad a chur a dheimhniú i gcomparáid le pointe éigin sa réigiún sin.
Tá na graif theochta thuas bunaithe ar mheán reatha 12 mhí & léiríonn siad an cruinneas i gcás go raibh na réamhaisnéisí teochta laistigh de ±2 °C de na teochtaí a tomhaiseadh. |
Met Éireann, Cnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 9, Éire. Teil: +353-1-8064200, Faics: +353-1-8064247 © Is cóipcheart de chuid Met Éireann an t-ábhar ar an suíomh seo. Is trádmharcanna cláraithe iad an t-ainm Met Éireann agus lógó Met Éireann. Copyright Notice. |
|