Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online           
Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann 

Dé Sathairn, 4 Samhain 2017
  
FAIR
5 Celsius
W Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Réamhaisnéisí - Réamhaisnéis d'Éirinn 5-lá

 

Réamhasinéis Atlantach Réamhaisnéis d'Éirinn 5-lá


Brú: Scríobhtar iseabair, líne de chomhbhrú atmaisféarach, gach 4hPa (heicteaphascail nó milleabair). Léirítear réimsí Ardbhrú agus Lagbhrú. Má tá na hiseabair gar dá chéile, tá an ghaoth láidir.

Báisteach:Tá an ráta frasaíochta, i mm/u, meánaithe thar 6 huaire ríofa. Léiríonn scáthanna gorma báisteach éadrom agus léiríonn dath buí agus dearg báisteach throm. Féadann frasaíocht a bheith i bhfoirm báistí, cloichshneachta nó sneachta.

Teocht: Tuartha teochta dromchla thar talamh agus farraige. Léirítear teochtaí atá faoi bhun -20°C i ndath bán.

Gaoth: Léirítear láidreacht na gaoithe i muirmhílte (mílte loingseoireachta san uair) sna réimsí daite. Comhfhreagraíonn na dathanna d'fhórsaí Beaufort (Is ionann Gaoth Fórsa Gála, nó Beaufort Fórsa 8, agus 34 muirmhíle). Léiríonn na saigheada treo agus láidreacht na gaoithe.

Scamaill: Íomhánna ionsamhlaithe satailíte ríomhghinte. Is ionann an fhaisnéis atá léirithe agus brat scamall agus tá cuma chomhchosúil air is atá ar íomhánna satailíte.

Tonnta: Léiríonn an fínscéal daite an airde tonn suntasach (i méadair). Léiríonn saigheada an meán-treoir tonn. Tá fad an eireaball comhréireach leis an airde tonn.

Is é an Airde Tonn Iomlán suim na tonnta "farraige" (tiomáinte ag gaoithe) agus na tonnta "mórtais" (tiomáinte ag stoirmeacha i bhfad i gcéin).

Nóta: Léiríonn an dath bán áiteanna gan sonraí.

Ginearálta: Tá an fhaisnéis atá á léiriú anseo díorthaithe ó shamhlacha ón Tuar Uimhriúil Aimsire (TUA) a úsáidtear i Met Éireann mar threoir do réamhaisnéiseoirí. Faightear an fhaisnéis atá bainteach le tréimhsí suas go 5 lá chun tosaigh ón tsamhail ECMWF léirithe ag eatraimh 6 huaire. D'fhéadfadh nach léireodh an réamhaisnéis oifigiúil na treoirchairteacha a léiríodh; cuireann réamhaisnéiseoirí faisnéis ó bhreithnithe satailíte, radair agus aimsire, de bhreis ar a gcuid taithí féin, san áireamh chomh maith.

Tá na cairteacha aimsire seo faoi chosaint chóipchirt. Ní ceadmhach na cairteacha seo a atáirgeadh ar shuíomhanna gréasáin eile nó meáin leictreonacha trí mheán ar bith.

 

Met Éireann, Cnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 9, Éire. Teil: +353-1-8064200, Faics: +353-1-8064247

© Is cóipcheart de chuid Met Éireann an t-ábhar ar an suíomh seo. Is trádmharcanna cláraithe iad an t-ainm Met Éireann agus lógó Met Éireann. Copyright Notice.
twitter World Weather Services

Dearadh agus Forbairt le Fusio